Ba bhliain ar leith í 2022 do shaothair Ghaeilge agus Éireannacha

Caitheann ár léirmheastóir a shúil ar chuid de na scannáin a chuaigh i bhfeidhm orainn agus a tharraing caint i gcaitheamh na bliana

Ba bhliain ar leith í 2022 do shaothair Ghaeilge agus Éireannacha

The Wonder

Tugann Florence Pugh, aisteoir a bhfuil gealladh fúithi na laethanta seo, taispeántas den scoth uaithi sa saothar duairc, atmaisféarach seo. 

Saothar eile é seo ó Emma Donoghue, an ceardaí a scrígh an leabhar agus script an scannáin The Room. 

Ní scéal fíor atá anseo ach tá sé ráite ag Donoghue féin go bhfuil a cuid scríbhneoireachta bunaithe ar chuntais staire atá againn faoi throscadh ban. Címid an t-altra Lib (Pugh) ag teacht go hÉirinn i ndeireadh na 1850idí; tráth a raibh an Gorta Móra fós ina scamall ar Éirinn. 

Ina ainneoin sin, nó dá bharr, bhí na Gaeil an-reiligiúnda, piseogach. 

Maítear nach bhfuil greim bídh ite ag an gcailín óg Anna (Lord Cassidy) le roinnt míonna agus cuma na sláinte uirthi i gcónaí. Tá mórán den tuairim go bhfuil sí beannaithe ó Dhia. Tá Lib agus bean rialta earcaithe ag coiste (fear) áitiúil leis an gcailín a fhaire le fírinne an scéil a fhiosrú. 

Cé go gcuaigh an saothar sa bhfraoch ábhairín i dtreo cheann scríbe is scannán le téagar é seo agus aisteoir fíorchumasach os cionn a buille ann. 

The Banshees of Inisherin

Bhí cad é bús faoin saothar seo le stáir sular seoladh é; an seandream a thug cúis gháirí chugainn ceithre bliana déag ó shin le In Bruges ar ais i mbun comhghuaillíochta. 

Ní rabhas féin róshásta faoin léiriú a tugadh ar na Gaeil ar uairibh agus an tslí ar tugadh neamhaird iomlán ar an nGaeilge. Ina dhiaidh sin féin fuair an saothar moladh forleathan. Tugann an scannán seo siar go hÉirinn na bhfichidí sinn le scéal na ndlúthchairde Pádraic Súilleabháin (Farrell) agus Colm Doherty (Gleeson) a reic. 

Caitheann an bheirt seo a saol ag diúgadh go suaimhneach le hais an chuntair i dtigh tábhairne ar oileán sceirdiúil mara amach ó chósta thiar na tíre; Inisherin ficseanúil an teidil. 

Lá de na laethanta cinneann Colm nach dteastaíonn uaidh a bheith cairdiúil le Pádraic a thuilleadh, nó labhairt leis fiú. Cuireann seo sraith eachtraí áiféiseacha, brúidiúla, sa tsiúl. Saothar lán le háiféis agus greann dorcha, cé gur cheapas féin nach raibh sé chomh greannmhar sin ar fad. Taispeántais iontacha ón mbeirt cheann feadhna Colin Farrell agus Brendan Gleeson. 

Ní bheadh aon iontas orm  dá bhfaigheadh Farrell ainmniúchán Oscar. Go deimhin tá ainmniúchán Golden Globe faighte aige le déanaí agus seacht gcinn eile faighte ag an saothar.

An Cailín Ciúin

An saothar drámaíochta Gaeilge is mó rath riamh. Chuaigh an scannán mothúchánach, beagfhoclach, gleoite seo i bhfeidhm ar gach duine a d’fhéach air. Is saothar tochtmhar lán mhachnaimh lánmhothúchán ar leith é An Cailín Ciúin. 

Tugtar éachtaint ann ar shaol cráite an chailín óig agus na seanlánúine grámhaire a thugann lón anama di in am an ghátair. Neamart á dhéanamh i gCáit (Catherine Clinch) ag a teaghlach mífheidhmiúil. Scata leanaí sa tigh, an mháthair fhuaránta ag súil le leanbh eile agus an t-athair gránna agus é ar nós cuma liom mar aon le bheith gafa le cearrbhachas, ól agus bean eile. 

Tugann muintir Uí Chinnsealaigh, Eibhlín (Carrie Crowley) agus Seán (Andrew Bennett), foscadh di ón doicheall. Tá a chuid féin den anó le fulaingt ag gach aon duine agus léirítear dúinn gur bhuail tragóid uafásach muintir Chinnsealaigh. Saothar é seo atá go hiomlán teann as féin agus a bhogann ar aghaidh ar a luas mall féin.

Belfast

Saothar pearsanta, cumhach agus maoithneach faoi Bhéal Feirste ó Kenneth Branagh. Cé gur go tútach a thugtar fén gcomhthéacs polaitiúil ar uairibh is scannán cumasach caithiseach atá i Belfast.

Is saothar leath-bheathaisnéiseach é is Branagh ag baint adhmaid as cuimhní cinn a óige i mBéal Feirste sarar ardaigh a mhuintir a seolta go Sasana. Litir chumainn don áit dúchais a bhí cortha, suaite ag an am. Is trí shúile agus cluasa Buddy (Jude Hill) a dhéanaimid an saol suaite a shú isteach.

Chuir an scannánú dubh agus bán leis an toise staire agus an maoithneachas araon. 

Scéalaíocht ón gcroí amach agus bhí duais Oscar Branagh tuillte go maith aige. 

Aftersun

Aisteoir eile é Paul Mescal a bhfuil gealladh faoi, a bhuíochas sin don cháil thar oíche a thuill Normal People dó. Sa saothar seo is athair óg Albanach é atá ar saoire sa Tuirc i ndeireadh na nóchaidí lena iníon aon bhliain déag d’aois, Sophie (Frankie Corio). 

Tá Calum scartha ó mháthair Sophie ach níl aon naimhdeas eatarthu. Léirítear dúinn gur fear é a bhfuil a dheacrachtaí airgid, saoil is intinne féin aige. Tá grá aige dá iníon ach é scoite uaithi ag an am céanna. Tá Sophie í féin ag teacht in inmhe agus ag streachailt lena gaol lena hathair. 

Taispeántais bhreátha ón mbeirt cheann feadhna agus éiríonn le Mescal canúint na hAlban a thabhairt leis fiú. 

Nope

Saothar sainiúil, suaithinseach eile ón gceardaí Jordan Peele, an té a thug dúinn Get Out (2017) agus Us (2019). Tá sé deacair an scannán seo a rangú; smut den scéinséir ann, smut den uafás, smut den fhicsean eolaíochta agus cantam deas den ghreann. An deartháir agus deirfiúr OJ (Daniel Kaluuya) agus Emerald (Keke) ag iarraidh ciall a bhaint as eachtraí osnádúrtha atá ag tarlú ina dtimpeall ar rainse na muintire i gCalifornia. Saothar mór-eachtraíochta le héirim agus le haisteoireacht bhreá atá ann. 

Beidh tú ag tochas do chinn ach bainfidh tú súp as eachtraíocht. 

Fág freagra ar 'Ba bhliain ar leith í 2022 do shaothair Ghaeilge agus Éireannacha'

  • JP

    Maidir le ‘Aftersun’; tá Béarla ar mo thoil agam, ach níor thuigeas 70% dá raibh á rá ag an mbeirt sin. Bhíos oiriúnach le ceangal …t’réis mo chuid airgid a íoc is eile. Bhí scata eile mórthimpeall orm sa phictiúrlann sa chan céanna. Cheistíos iad. “Cad dúirt sé ansin?” … “Nílim cinnte….”
    Mungailt mangailt agus briolla-bhrealla ar siúl ag Mescal i nguth faonlag íseal gan bhrí ….rud a chiallaíon ‘lán brí’ sa nósmhaireacht nua seo, gan trácht ar thuin láidir Albanach a iníne ach gurbh fhusa í sin a thuiscint toisc go raibh sí nádúrtha. ‘Sé an dálta céanna ag a lán de na scannáin ó Mheirice anois leis é. Ní thuigtear an Béarla…ach is cuma, ní gá é thuiscint a phleota! Má tá muinnín ag an gcliar as an scriopt agus má tá fiúntas ar bith leis, cad chuige iad ag cogaint na bhfocal? Cad chuige an crans seo go léir? Beir uaim an cacamas agus an dallamullóg seo! Bí ann nó as. Éirigh as an bpó mura bhfuil cúram agat dó. B’fhearr liom tailí hó agus scailéathan iontach, ionraic, Bustor Keaton srl aon lá, fear nár chuir aon fhiacail riamh ann.