Tá athrú déanta ar an sceideal do Scoil Gheimhridh Merriman in Inis an deireadh seachtaine seo mar gheall ar an rabhadh dearg aimsire a eisíodh don lá inniu, Dé hAoine.
Leanfar ar aghaidh le clár na bliana seo ach cuirfear tús anois leis na himeachtaí i lár an lae amárach Dé Sathairn, an 25 Eanáir, in áit tráthnóna Dé hAoine mar a bhí beartaithe ar dtús. Tá uasdátú déanta ar an gclár ar shuíomh idirlín Chumann Merriman ag www.merriman.ie.
Beidh oscailt na scoile ar siúl ar an Satharn i Leabharlann de Valera in Inis, áit a ndéanfaidh an scríbhneoir, aisteoir agus stiúrthóir Diarmuid de Faoite an oscailt oifigiúil. Fanfar sa leabharlann i ndiaidh na hoscailte áit a mbeidh taispeántas agus cainteanna ar chúirt éigse na hInse le Brian Ó Dálaigh, Ciara Fahy agus Síle Ní Choincheanainn. Cuirfear an chuid eile d’imeachtaí na scoile ar bun in Óstán an Old Ground in Inis.
Téama na scoile i mbliana, ‘A chomharsain éistigí – ardáin don éigse inné agus inniu’. Déanfar na bealaí éagsúla a gcuirtear an fhilíocht i láthair an phobail a phlé le linn na scoile. Pléifear an chúirt éigse san ochtú haois déag, an dáimhscoil agus scoileanna éigse san fhichiú haois agus féachfar ar na bealaí a gcuirtear an fhilíocht agus na hamhráin dhúchasacha i láthair an phobail sa lá atá inniu ann. I measc na rannpháirtithe, beidh Diarmuid de Faoite, Tríona Ní Shíocháin, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Máire Ní Neachtain, Vincent Morley, Concubhar Ó Liatháin, Liam Ó Dochartaigh, Fearghas Mac Lochlainn, Éamon Ó Donnchadha, Bríd Ní Ghormáin, Emer O’Flaherty, Therese McInerney agus Edel Vaughan.
Tá Scoil Gheimhridh Merriman ar bun le breis is leathchéad bliain anuas ó bunaíodh an cumann sa mbliain 1967. Cuireadh tús leis an gcumann an chéad lá riamh in ómós do Bhrian Merriman agus le ceiliúradh a dhéanamh ar Mherriman féin agus ar an gceantar thuaidh-Mhumhan as ar fáisceadh é. Bíonn ceisteanna sóisialta ar na téamaí a bhíonn á bplé ag an scoil a deir Máire Ní Neachtain, Leas-Chathaoirleach Choiste Chumann Merriman.
“An rud as a dtáinig téama na bliana seo ná go raibh muid ag caint ar an gcaoi go mbíonn scoileanna de chineálacha éagsúla ann, idir scoileanna samhraidh, geimhridh agus eile agus go bhfuil an ról atá ag na scoileanna sin saghas ag athrú anois.
“Tá sé suimiúil go bhfuil rannóg ar siúl ag an bPicnic Leictreach mar shampla, don bhéal beo agus má bhreathnaíonn tú ar Fhéile Ealaíona na Gaillimhe bíonn an ghné ‘First Thoughts’ acu le deireanas. Is léir go bhfuil na cainteanna seo a bhíonn ar bun ag scoileanna ag scaipeadh chuig féilte eile anois.”
Beidh ábhair timpeall ar an éigse agus conas mar atá forbairt ag teacht uirthi á bplé mar chuid de théama na bliana. ‘An éigse: mar a bhí, mar atá, mar a bheidh?’ an cheist a bheidh á cíoradh ag Tríona Ní Shíocháin agus Eoghan Mac Giolla Bhríde agus iad i mbun allagair le Máire Ní Neachtain. Ardáin éagsúla don éigse a bheidh mar ábhar ag cainteanna a bheidh á dtabhairt ag Vincent Morley, Liam Ó Dochartaigh, agus Concubhar Ó Liatháin ag Siompóisiam an Ollaimh Thomas Redshaw agus Deirdre Nic Mhathúna a bheidh sa gcathaoir.
“Is muid ag cuimhneamh ar an bhfilíocht le linn aimsir Mherriman agus an fhilíocht atá ann inniu, bhí muid ag fiafraí an mbíonn na feidhmeanna céanna ann agus na téamaí céanna agus an bhfuil sí ag freastal ar na daoine céanna? Ar ndóigh tá na hardáin difriúil agus is iomaí athrú atá tagtha ar an éigse ó aimsir Mherriman. Bhí suim againn ceisteanna mar seo a phlé.” Má bhreathnaíonn tú siar ar aimsir Mherriman ba phost a bhí sa bhfilíocht agus bhí na pátrúin acu, a deir Máire Ní Neachtain.
“Ach d’imigh na pátrúin ar ndóigh, agus beidh muid ag cuimhneamh ar conas mar a lean an fhilíocht ar aghaidh agus conas mar atá sí difriúil sa lá atá inniu ann ón t-am sin.”
Cuirfear clabhsúr ar imeachtaí an tSathairn leis an ócáid ‘Fonn, Féile agus Filíocht’ áit a mbeidh cumadóirí, ceoltóirí agus fonnadóirí ag tabhairt léargas ar chumadóireacht agus seachadadh ealaíona béil na Gaeilge.
Fág freagra ar 'Athrú ar sceideal Scoil Gheimhridh Merriman de bharr Stoirm Éowyn'