Athbhreithniú neamhspleách le déanamh ar an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht

Roimhe seo bhí sé i gceist gurb í an Rannóg Pleanála Teanga i Roinn na Gaeltachta a bheadh ag tabhairt faoin obair athbhreithnithe

Athbhreithniú neamhspleách le déanamh ar an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht

Tá athbhreithniú neamhspleách le déanamh ar an gcóras pleanála teanga agus athrú intinne ar Roinn na Gaeltachta faoin scéal.

Roimhe seo bhí sé i gceist gurb í an Rannóg Pleanála Teanga i Roinn na Gaeltachta a bheadh ag tabhairt faoin obair athbhreithnithe.

Ach thug Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le fios i ndiaidh an Bhuiséid inné go raibh sé beartaithe anois an cúram a bhaint dá Roinn agus athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh. Dhéanfaí comhairleoirí a fhostú “a luaithe agus ab fhéidir” chun scagadh a dhéanamh ar fhiúntas chóras na pleanála teanga, a dúirt an tAire Stáit le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tagann fógra an Aire i ndiaidh do lucht pleanála teanga a éileamh go mbeadh pé athbhreithniú a dhéanfaí ar a gcuid oibre neamhspleách ar na húdaráis atá i gceannas an chórais.

Ag labhairt dó ar an gclár 7Lá níos túisce na mhí seo, dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, go raibh plean teanga an cheantair ar an bhfód le cúig bliana ach nach raibh “léargas ar fáil” go fóill ar cén chuma a bheadh ar an athbhreithniú. Dúirt Ó Cnáimhsí nach “smaoineamh maith” a bhí sa “féinmheasúnú” agus gur chóir athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh.

Dúirt John Prendergast, Oifigeach Pleanála Teanga Chiarraí Thiar, gur údar “díomá” a bhí ann nach raibh a fhios acu “leathshlí tríd an bplean” cén saghas “monatóireachta” a dhéanfaí air.

“Is próiseas ana-thábhachtach é seo dúinn agus ba mhaith linn fios a bheith againn an bhfuilimid ar an mbóthar ceart nó nach bhfuil,” a dúirt John Prendergast. “Guth neodrach neamhspleách” a theastaigh ó Prendergast chun tabhairt faoin obair athbhreithnithe.

Leagtar amach sna Treoirlínte Pleanála Teanga go ndéanfaí athbhreithniú tréimhsiúil ar phleananna teanga i mbliain a trí dá bhfeidhmiú. Deir an Roinn, áfach, gur socraíodh anuraidh go ndéanfaí an t-athbhreithniú tar éis ceithre bliana ag feidhmiú “toisc an tionchar suntasach a d’imir an phaindéim ar fheidhmiú an phróisis”.

Tá plean teanga ceadaithe do gach ceann de na 26 Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

Seacht mbliana atá ag na coistí leis na pleananna teanga a ceadaíodh a chur i bhfeidhm. Beidh athbhreithniú eile le déanamh ar gach plean teanga i mbliain a sé, de réir threoirlínte na Roinne.

Tá sé de cheart ag an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ag tréimhsí éagsúla nó ar bhonn níos minice ná mar atá sonraithe má fheictear go bhfuil gá lena leithéid.

Déanfar athnuachan ar an bpróiseas pleanála teanga nuair a bheidh na seacht mbliana caite.

Is ionann an cur chuige a bheidh i bhfeidhm ó thaobh athbhreithniú na Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, na mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge.

Fág freagra ar 'Athbhreithniú neamhspleách le déanamh ar an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht'

  • Seán ÓM

    Athbhreithniú ar athbhreithniú agus athbhreithniú arís eile chun pócaí lucht na hollscoileanna a líonadh …… Ach tá scéim labhairt na Gaeilge ró-dhaor.