‘Athbhreithniú iomlán’ ar shiollabais nua Ghaeilge Ardteiste le moladh i dTithe an Oireachtais

Beidh ceist chonspóideach na gcúrsaí nua T1 agus T2 á plé ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna

‘Athbhreithniú iomlán’ ar shiollabais nua Ghaeilge Ardteiste le moladh i dTithe an Oireachtais

Déarfaidh saineolaithe oideachais le polaiteoirí i dTithe an Oireachtais tráthnóna go bhfuil gá le “hathbhreithniú iomlán” a dhéanamh ar an bplean siollabais nua a chruthú do scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

Údair ar phlécháipéis faoi na hathruithe atá beartaithe ar scrúdú na hArdteiste iad na saineolaithe a bheidh os comhair chruinniú an lae inniu de Choiste Oireachtais na Gaeilge.

Deir na húdair go bhfuil sé soiléir nach n-éireodh leis an bplean nua – cúrsa T1 agus T2, mar a thugtar air –  freastal go sásúil ar riachtanais dhaltaí Gaeilge na sraithe sinsearaí.

An Dr Áine Hyland, Ollamh Emerita le hOideachas agus iar-Leasuachtarán, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Fíona Uí Uiginn, iar-phríomhoide Choláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath agus iar-uachtarán Ghaeloideachas, a réitigh an phlécháipéis do Choiste Oideachais atá á chomhordú ag Conradh na Gaeilge.

Moltar sa cháipéis aon chinneadh faoi chúrsa nua Gaeilge don Ardteist a chur “ar leataobh” go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ar churaclaim nua na sraithe sóisearaí déanta agus torthaí an athbhreithnithe sin ar fáil.

Tá dhá rogha molta sa tuarascáil.

Faoi cheann acu chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag ceithre leibhéal – Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal, Ardleibhéal agus Sárleibhéal.

Bheadh na sonraíochtaí ag na leibhéil éagsúla seo oscailte do na scoláirí ar fad ar mian leo tabhairt fúthu. Bheadh líon áirithe pointí breise CAO ar fáil dóibh siúd a roghnódh an scrúdú ag an Sárleibhéal mar chúiteamh as an obair bhreise a bheadh ag dul leis.

Faoin rogha eile, chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, chomh maith le hábhar nua a fhorbairt, Saíocht agus Litríocht na Gaeilge. Bheadh an t-ábhar nua ar fáil do dhaltaí a mbeadh spéis acu tabhairt faoi ar an múnla céanna le Matamaitic/Matamaitic Fheidhmeach.

Moltar go mbeadh na sonraíochtaí uile agus an t-ábhar nua ar fáil do scoláirí uile na tíre.

Tá tuairimí an phobail á lorg faoi láthair ag an Roinn Oideachais faoin bplean dhá chúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist – sonraíocht T1 atá in ainm is a bheith oiriúnach do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 atá in ainm is a bheith oiriúnach do scoileanna Béarla.

Tiocfaidh deireadh leis an bpróiseas sin ag deireadh na míosa seo.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, gur cruinniú “an-tráthúil” a bhí i gcruinniú an lae inniu dá bharr sin.

“Tá amhras agus imní ar a lán daoine, agus ar roinnt de chomhaltaí an Chomhchoiste féin, maidir leis na dréachtsonraíochtaí atá foilsithe i gcomhair mhúineadh na Gaeilge sna meánscoileanna. Ní foláir dúinn an cheist a chur maidir le cé chomh hoiriúnach atá na dréachtsonraíochtaí don fheidhm atá leo?”

Beidh ionadaithe as Ollscoil na hÉireann, Má Nuad os comhair Choiste na Gaeilge agus na Gaeltachta freisin tráthnóna. Pléifidh ionadaithe na hollscoile cúrsaí earcaíocht agus an Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG), sraith scrúduithe agus cáilíochtaí do dhaoine fásta a bhíonn ag foghlaim na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Athbhreithniú iomlán’ ar shiollabais nua Ghaeilge Ardteiste le moladh i dTithe an Oireachtais'