Athbhreithniú ar bun ag Cultúr Éireann faoi mhaoiniú ealaíontóirí na Gaeilge

Deir Sinn Féin gur léir gur céatadán thar a bheith íseal den bhuiséad €6.6 milliún atá ag Cultúr Éireann atá á chaitheamh ar ealaíontóirí na Gaeilge

Athbhreithniú ar bun ag Cultúr Éireann faoi mhaoiniú ealaíontóirí na Gaeilge

Tá athbhreithniú ar bun ag Cultúr Éireann chun a chinntiú go ndéantar maoiniú “cuí” ar ealaíontóirí a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge.

Ní bhailíonn Cultúr Éireann faoi láthair aon sonraí maidir leis an scair dá mbuiséad a chuireann siad ar fáil d’ealaíontóirí a bhíonn ag obair trí Ghaeilge amháin ach deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht gcóras a leasú chun “bailiú sonraí agus measúnuithe níos éifeachtaí a chinntiú dóibh siúd a oibríonn trí Ghaeilge”.

Tá sé de chúram ar Chultúr Éireann ealaíontóirí na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta agus tá gealltanas tugtha ag an eagraíocht go ndéanfar níos mó chun ealaíontóirí a bhíonn ag obair trí Ghaeilge a chur chun cinn.

Gealladh i straitéis a d’fhoilsigh an eagraíocht anuraidh go rachfaí sa tóir ar ealaíontóirí Gaeilge agus go gcuirfí os comhair lucht féachana domhanda iad.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, sa Dáil le gairid go raibh plé déanta ag Foras na Gaeilge agus Ealaín na Gaeltachta chun a chinntiú go mbíonn ealaíontóirí a oibríonn trí Ghaeilge ar an eolas faoin tacaíocht atá ar fáil ó Chultúr Éireann.

Mar fhreagra ar cheist Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, thug an tAire Stáit léargas ar chuid de na tionscadail a fuair nó a gheobhaidh tacaíocht ó Chultúr Éireann anuraidh agus i mbliana.

Ina measc, bhí deontas €45,000 don chamchuairt a rinne Manchán Magan sna Stáit Aontaithe anuraidh lena léiriú ‘Arán agus Im’, €5,000 chun an tionscadal ‘Ar Ais Arís’ a léiriú i Montreal agus €4,000 don cheoltóir Lorcán Mac Mathúna chun dul ar chamchuairt sa Bhreatain.

Agus é ag labhairt le Tuairisc, chuir Aengus Ó Snodaigh fáilte roimh fhógra an Aire Stáit go bhfuil athbhreithniú ar bun agus dúirt sé go raibh sé tábhachtach maoiniú suntasach a chur ar fáil chun saothair Ghaeilge a léiriú ar fud an domhain.

“Má tá gealltanas tugtha ag Cultúr Éireann dul sa tóir ar líon níos mó d’ealaíontóirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge, caithfear a bheith ar an eolas faoin méid ealaíontóirí agus an méid atá á thabhairt dóibh ar an gcéad dul síos.

“Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh Cultúr Éireann cultúr na Gaeilge a chur chun cinn ar fud an domhain agus iad ag scaipeadh chultúr na hÉireann, in áit íomhá a chothú thar lear gur tír muid a labhraíonn Béarla amháin.”

Dúirt Ó Snodaigh go raibh buiséad €6.6 milliún beartaithe do Chultúr Éireann in 2023 ach gur léir ó na samplaí a thug an tAire Stáit gur céatadán thar a bheith íseal a bhí á chaitheamh acu ar thograí Gaeilge. Dúirt sé go raibh súil aige go rachadh tuilleadh maoinithe i dtreo ealaíontóirí a bhí ag obair trí Ghaeilge idir seo agus deireadh na bliana.

“Caithfear a chinntiú go bhfuil cothrom na Féinne ann d’ealaíontóirí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge agus don chultúr Gaelach féin sa chaoi a dháiltear na milliúin seo. Beidh muid ag súil le torthaí an athbhreithnithe agus le dul chun cinn a fheiceáil. Ní mór dúinn an Ghaeilge a cheiliúradh thar lear agus sa bhaile araon.”

Fág freagra ar 'Athbhreithniú ar bun ag Cultúr Éireann faoi mhaoiniú ealaíontóirí na Gaeilge'

  • Mac Billing(s) Dónall Mór

    ( Arís eile –Ar eagla na cinsearachta !!!)

    ( Arís eile agus eile agus eile —-ar eagla na cinsire mar dhea !!! )

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Is olc an ghaoth nach séideann ………….b’fhéidir !!!!.

    Seans ann anois go bhfaighidh mé deontas ó Roinn na Gaeltachta nó ó ‘Chultúr na hÉireann’ mo chuid thaispeántas féin a chur ar siúil ar thug mé —–‘ Taispeántas Ealaíne Easaontach’ —– air ( cnag ar an nasc thíos luaite) —- agus mé ag iarraidh an Ghaeilge, Ealaí0n ar an imeall, agus cúis cheart phoblachtach a chur chun tosaigh.

    Ach mo léan géar cloisim na drumaí méan-aicmeacha caipitleacha, caitliceacha ag bualadh sa ghaoth sa Saorstát agus an druma ba mhó acu ag ‘Sinn Féin’ leis an chomhbhualadh ‘cuir bac ar sin’ is easaontach é .

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Chime Poblachtach (ach Saor anois agus cead mo chinn agam )
    sa Ghaeltacht/Jailteach,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E
    Éire.

    An Darna focal scoir :——

    1. Beidh ‘Ciorcail Chainte/Chomhra’ ar siúil i Longfort gach Aoine san Óstán Armais nó sa teach tabhairne ‘Eascabar ?’ nó i dTeach Tabhairne ‘Valentine’ amach anseo ag 1.30 i.n.

    Buailigí isteach leis an Ghaeilge a chur amach ar na sráideann in áit faoi chúram na n-eagraíochtaí oideachais agus an ‘Stáit.

    Labhair í agus mairfidh sí.

    2. Déan teagmháil liom i dtaobh ‘Ranganna Teagaisc’ le dul faoin Ard-Teistiméaracht nó cuidiú i dtaobh obair ollscoile.

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Agus Ealaín na Gaeltachta ag maoiniú ealaíontóirí gan focal Gaeilge acu i dTír Chonaill. Seo daoine isteach, daoine nach bhfuil labhairt na Gaeilge acu agus níl spreagadh ar bith ann leis an teanga dúchais a fhoghlaim nó tá bunadh na Gaeltachta breá sásta an Bhéarla a labhairt leo – agus is cosúil go bhfuil Ealaín na Gaeltachta, togra atá faoi Údarás na Gaeltachta de réir mar a thuigim – ní amháin ag déanamh teagmháil agus cumarsáid leis an healaíontóirí seo trí mheán an Bhéarla, ach a mhaoiniú s’acu fosta!
    Ní iontas ar bith daoine taobh amuigh den Ghaeltacht ag cáineadh an méid airgid agus maoiniú a thugtar don ‘Ghaeltacht’ nuair atá eagraisí stáit á chaitheamh ar Bhéarlóirí..

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!