Ionsaithe ar mhná sna ceannlínte i dTuaisceart Éireann, sa Phoblacht agus sa Bhreatain le seachtain anuas. An ghéarchéim chomh holc gur gheall le heipidéim í, dar le póilíní ach imní sa Tuaisceart faoi shiléig an PSNI i bhfiosrú faoi mharú Katie Simpson, marcach seóléime.
Táthar ag tabhairt foláirimh faoin gcoiriúlacht seo leis na cianta; seasamh docht ina choinne agus dianbheartais fógartha arís agus arís eile. Cé chomh fada is a chaithfear cur suas leis an gcancar atá coitianta i ngach aicme?
Teachtaireacht lom ón mBreitheamh McDermott sa bPríomh-Chúirt Choiriúil i mBaile Átha Cliath ab ea an dianphríosúnacht a ghearr sé ar éigneoir a d’ionsaigh mná óga, paisinéirí leochaileacha ina thacsaí. Chinn an breitheamh go raibh coireanna an chiontóra chomh tromchúiseach sin go gcaithfeadh sé an téarma seacht mbliana déag a chur isteach tar éis téarma trí bliana déag a gearradh air as gearrchaile a éigniú; 30 bliain ar fad. Ba mhaith dá leanfaí a shampla i gcúirteanna eile. Rómhinic a chítear a mhalairt.
Sa Bhreatain, d’fhógair póilíní go raibh méadú mór tagtha le tamall de bhlianta ar líon na n-ionsaithe ar mhná; eipidéim agus géarchéim náisiúnta, dar leo. Scrúdaigh comhairle náisiúnta cheannairí na bpóilíní, an NPCC an foréigean ar mhná agus cailíní. Léirigh torthaí na hanailíse go ndearna fir ionsaithe ar dhá mhilliún bean sa bhliain, duine as gach dáréag i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.
San áireamh sna coireanna sin tá ionsaithe gnéis, ciapadh, stalcaireacht agus foréigean baile; líon na gcoireanna méadaithe 37% le cúig bliana anuas. Údar imní ar leith ag na póilíní ab ea an t-ardú ar líon na bhfear óg a bhí freagrach, faoi anáil ‘thionchairí’ ar líne, fearacht Andrew Tate. D’éiligh siad go mbainfeadh comhlachtaí teicneolaíochta ábhar míchuibheasach anuas go sciobtha. Cén seans go bhfaighidh a n-éileamh éisteacht? Nárbh fhearr go mór dlíthe a chuirfear i bhfeidhm agus an pionós a bheith i gcomhréir leis an gcoir?
Tá géarchéim anseo i dTuaisceart Éireann go cinnte, sceith bhéil is ea an réigiún as foréigean baile, ionsaithe ar mhná agus cailíní agus marú ban. Maraíodh 20 bean abhus le ceithre bliana anuas. Duine den scór sin ab ea Katie Simpson, 21 bliain d’aois, a fuair bás taca an ama seo in 2020. An tseachtain seo éilíodh go mbunófaí fiosrú neamhspleách faoin gcaoi ar láimhseáil an PSNI an cás.
Seóléimneoir óg ab ea Katie a bhí faoi smacht comhéigneach ag an bhfear a d’ionsaigh í, Jonathan Creswell, páirtí a deirféar. Líomhnaíodh go ndearna sé grúmáil uirthi ó bhí sí an-óg agus go raibh caidreamh gnéis mídhleathach aige léi. D’éignigh sé í agus bhuail sé í ar an 3 Lúnasa 2020; fuair sí bás san ospidéal sé lá ina dhiaidh sin.
Lig Creswell air gur tháinig sé uirthi ar crochadh ón staighre, iarracht déanta aici lámh a chur ina bás féin. Bhí sí gan aithne gan urlabhra. Cheistigh oibrithe leighis san ospidéal agus daoine eile leagan Creswell den scéal, iad soiléir gur bhain gortuithe di ó bhualadh le slat nó bata agus ionsaí gnéis. Chuir siad póilíní ar an eolas faoina míshuaimhneas ach ghlac an PSNI le scéal Creswell, fear a raibh téarma príosúin curtha isteach aige blianta roimhe sin as ionsaí ar bhean óg eile.
Thóg sé míonna go dtí gur fhiosraigh an PSNI an cás. I mí an Mhárta 2021 cúisíodh Creswell as Katie a éigniú agus a dhúnmharú. Nuair a tháinig an cás os comhair cúirte i mí Aibreáin i mbliana níor mhair sé ach lá mar chuir Creswell lámh ina bhás féin. Crá croí ab ea é sin do mhuintir Katie mar cheil sé triail agus an chóir orthu.
Ba dheacair a thuiscint cén fáth nár cheistigh an PSNI Creswell ag an tús i bhfianaise na ngortuithe a d’fhulaing Katie. Níor scrúdaíodh an teach. Níor glaodh ar ais ar dhaoine a chuaigh chuig stáisiún na bpóilíní chun aird a tharraingt ar nithe a raibh imní orthu fúthu. Ar chlár Spotlight ar BBC Thuaisceart Éireann Dé Máirt seo caite dúradh gur foireann as ceantar póilíneachta eile a thionscain fiosrú faoi ‘bhás amhrasach’ agus go raibh drogall ar an bhfoireann sa cheantar inar tharla an marú an eachtra a fhiosrú.
Rinneadh gearán le Ombudsman na bpóilíní a chinn go raibh an fiosrú lochtach ag an tús. Mhol an tOmbudsman gníomh/gníomhartha smachtaithe. Deir an PSNI go bhfuil siad ag déileáil leis an moladh sin.
Ní leor sin mar fhreagra. Tá foréigean in aghaidh na mban chomh coitianta sin i dTuaisceart Éireann go bhfuil práinn leis go mbeadh an PSNI go hiomlán os cionn a mbuille ina choinne. Ni mór ceachtanna a fhoghlaim agus níl aon bhealach leis sin a dhéanamh ach scrúdú/athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcur chuige.
Fág freagra ar 'Athbhreithniú ag teastáil ar chur chuige an PSNI maidir le foréigean in aghaidh ban'