ASNC: ‘Lucky bag’ bronnta ag Arlene Foster ar ghrúpaí Gaeilge

Is féidir le Ar Son na Cúise, agus le Ar Son na Cúise amháin, a insint daoibh céard iad na hiontais atá i málaí an áidh atá á mbronnadh ag ceannaire an DUP ar na grúpaí Gaeilge a chastar uirthi

ASNC: ‘Lucky bag’ bronnta ag Arlene Foster ar ghrúpaí Gaeilge

Tuigtear do Ar Son na Cúise, agus do Ar Son na Cúise amháin, go bhfuil ‘lucky bag’ á bhronnadh ag ceannaire an DUP ar na grúpaí Gaeilge a bhfuil sí ag bualadh leo le linn a turais teanga.

Agus is féidir le Ar Son na Cúise, agus le Ar Son na Cúise amháin, a insint daoibh céard iad na hiontais atá i málaí seo an áidh ag Arlene, a bhfuil fáilte Uí Cheallaigh á cur aici roimh Ghaeilgeoirí faoi láthair…

Bábóg Arlene ‘Deas’

Labhróidh an bhábóg dheas shuáilceach seo leat ach a boilgín a chuimilt. Tá neart cainte aici chomh maith agus frásaí éagsúla ar a toil aici, ar nós ‘Go raibh maith agat!’, ‘Uplift me with your Gaelic!’ agus ‘Lay down your political baggage, ma freend!’.

Babóg Arlene ‘Dána’

Bábóg dhána dhoicheallach í seo ach is mór an spórt í mar sin féin. Níl ort ach méirín fhliuch a leagan uirthi agus tosóidh sí ag sceamhaíl! ‘Over my dead body, crocodile!’. ‘Language Acht my Loyal Ulster Erse!’. Níl aon teorainn le maslaí Arlene ‘Dána’!


 

Pota Iógairt Ghréagóra

Bhain Gregory Campbell an DUP cáil amach mar fhear grinn den scoth cúpla bliain ó shin le sceitse aorach atá anois sa Táin. ‘Curry my yoghurt can coca coalyer’, a dúirt Campbell mar scigaithris ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’ agus tharraing an fear seoigh an oiread sin airde air féin go bhfuil a bhranda iógairt féin anois curtha ar an margadh aige. Tá pota d’iógart Ghréagóra i mála an áidh ag Arlene le go bhféadfadh Gaeil é a bhlaiseadh!


Bréagán bog crogaill

Tá cuma ghleoite ar an mbréagán bog agus bheadh fonn ar aon duine barróg a thabhairt dó! Ach seachain go mbainfeadh sé an lámh díot le teann ceana!


Ye cud dae wi a bit mair lairnin! – An Introduction To The Ancient Language of Ulster Scots

Leabhrán eolais don Ghael atá ag iarraidh dul ar a thuras teanga féin.

Fág freagra ar 'ASNC: ‘Lucky bag’ bronnta ag Arlene Foster ar ghrúpaí Gaeilge'