ASNC: Fógra tábhachtach Rialtais! Bliain an Bhéarla 2019 seolta!

#IhavetheEnglish! - 850 bliain ó leag na Normannaigh cos ar thalamh na hÉireann in 1169, táimid mar Rialtas tiomanta do chur chun cinn an Bhéarla agus d’fheidhmiú ár Straitéis 100 Bliain don Bhéarla -1922-2022

ASNC: Fógra tábhachtach Rialtais! Bliain an Bhéarla 2019 seolta!

Is údar mór áthais agus bróid dúinn 2019 a fhógairt ina ‘Bliain an Bhéarla’.

Cúig mhórthéama a bheidh againn agus muid ag ceiliúradh Bliain an Bhéarla 850 bliain ó leag na Normannaigh cos ar thalamh na hÉireann in 1169.

‘Rath an Bhéarla in Éirinn le hocht gcéad bliain’, ‘Rannpháirtíocht ghníomhach an phobail’, ‘Fiúntas na Galltachta’ ‘Fuinneamh an Bhéarla’ agus ‘Cruthaitheacht an Bhéarla’ na cúig théama a bheidh againn le linn Bhliain an Bhéarla 2019.

Níl aon amhras ach go bhfuil ceiliúradh dlite don Bhéarla, teanga Uí Chonaill, Davis, Pharnell, Chinnirí na Cásca, comhfhreagras go leor Chonradh na Gaeilge sna laethanta luatha, gach uile rialtas agus roinnt airí Gaeltachta ó 1922.

An Béarla teanga fhormhór ranganna Gaeilge na tíre agus roinnt mhaith de ranganna na Gaeltachta chomh maith. Teanga an teallaigh í ag feidhmeannaigh agus státseirbhísigh go leor arb í a n-obair lae an Ghaeilge a tharrtháil ón mbás agus is mithid aitheantas a thabhairt freisin dá n-íobairtí ‘nine to five’, nó ‘ten to half-four-ish’ ar a laghad.

Sea, is mithid ceiliúradh gnaíúil feiceálach lúcháireach a dhéanamh ar cheann de shainchomharthaí na tíre seo. Ní cás dúinn a rá go bhfuilimid ar bís agus sceitimíní ag sileadh linn agus sinn ag ullmhú do Bhliain an Bhéarla 2019.

Ba mhór an spreagadh a thug Bliain na Gaeilge 2018 dúinn le tabhairt faoin dúshlán ollmhór seo agus seoid náisiúnta an Bhéarla a cheiliúradh le mórtas, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. 

I rith na bliana seo chugainn cuirfear imeachtaí ealaíne ar siúl i measc an phobail ar fud an domhain mhóir le deis a thabhairt dúinn uile ár dteanga ársa a úsáid gan náire ná cás. Teanga í tar éis an tsaoil a bhfuil stádas bunreachtúil aici agus ar cuid d’oidhreacht ‘dholáimhsithe’ an domhain í freisin.

Cuirfimid feachtais ar leith ar siúl sa nGaeltacht le misneach a thabhairt do chainteoirí Béarla faoi choim, dream a mbíonn faitíos orthu uaireanta a dteanga dhúchais a labhairt ar eagla go mbeadh pleanálaí teanga sa timpeall agus go gcaillfidís na scoláirí ón gcoláiste samhraidh a íocann as an gcarr agus an t-árachas sláinte.

Is mór againn an comhoibriú agus an tacaíocht iontach atá á cur ar fáil dúinn ag ár bpáirtnéirí dílse, TG4 agus RTÉ, san obair fhiúntach seo. Fuarthas i dtuairisc de chuid an European Broadcasting Union a foilsíodh i mbliana go raibh RTÉ ag dul thar fóir leis an soláthar a dhéanann siad do phobal na Gaeilge agus tá an craoltóir meáite ar an eagóir sin ar phobal an Bhéarla a chúiteamh leo in 2019.

Cinnteoidh TG4 go mbeidh níos mó Béarla le cloisteáil ar gach clár ‘Gaeilge’ mar ugach do chainteoirí Béarla a bhí imeallaithe le blianta fada ag cláir lán-Ghaeilge. Beatha teanga í a labhairt agus tuigeann na craoltóirí náisiúnta a thábhachtaí agus atá sé an teanga a choinneáil síoraí seasta os comhair an phobail agus spás sábháilte a aimsiú di taobh leis an gcúpla focal Gaeilge. Leanfar le normalú an Bhéarla ar TG4 in 2019 agus le dí-normalú na Gaeilge mar theanga a bhaineann le hardáin bheaga ar na meáin shóisialta.

Ní le haon dream amháin an Béarla.

Is pobal amháin muid ó Nua-Eabhrac go Capetown agus ó Taigh Iain Ghròt (John O’Groats feasta) go Camden Town agus as sin siar go tóin Leitir Mealláin.

Is gnaíúil mar a thug Conradh na Gaeilge (an Gaelic League) cuireadh dúinn Óstán an City West i mBaile Átha Cliath (Dublin) a roinnt leo faoi Shamhain le muid a chur steip eile ar bhóthar na hathbheochana le ‘Great Big Symposium’ Bhliain an Bhéarla. Pléifear ag an ‘Great Big Symposium’ na dúshláin atá romhainn agus deich mbliana fós ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht, in ainneoin ár ndua agus ár ndíograise.

Is maith linne a bhfuil grá againn don Bhéarla an damhsa, na tóiníní téisiúla agus na cosa slachtmhara san aer agus ní maith linn go mbeadh aon chuachaíl gharbh cheilteach ag milleadh ambiance an chultúir uasail. Beidh a rian sin le feiceáil ag Gathering Guy Fawkes i mBaile Átha Cliath (Dublin) in 2019.

Táimid ag súil go mór leis na Two Person Dialogues, na Little Benders, The Reidy’s Cup Competition, ‘The men’s competition’ agus ‘The women’s competition’ a bheidh ar siúl sa City West. 

 Táimid mar Rialtas tiomanta do chur chun cinn an Bhéarla agus d’fheidhmiú ár Straitéis 100 Bliain don Bhéarla -1922-2022. Aithnímid, áfach, go ndearnadh botúin san am atá caite agus gur cuireadh am agus fuinneamh amú le beartais nárbh chun leas an Bhéarla iad, go háirithe sa chóras oideachais. Níl aon amhras ach go raibh fadhb ann le múineadh na Gaeilge i scoileanna na tíre le blianta fada agus chuige sin cuirfear tús in 2019 le próiseas chun fáil réidh léi.

Leanfar leis an tumoideachas lán-Bhéarla mar straitéis sheanbhunaithe oideachais ó tharla an rath a bhí uirthi a bheith le cloisteáil ag cách agus leanfar leis an mBéarla éigeantach sa státchóras freisin, beartas eile a bhfuil ag éirí thar cionn leis.

Tá buíochas ar leith ag dul don státseirbhís a thug gach cuidiú agus misneach dúinn agus an ceiliúradh seo á ullmhú againn.

Is do gach duine Bliain an Bhéarla, is cuma cainteoir líofa thú, duine nach bhfuil aige ach Béarla na scoile nó fiú duine a tógadh le Gaeilge.

‘English, it’s part of what we are’ an téama a bheidh ag Bliain an Bhéarla, bliain ina ndéanfar ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach againn le 850 bliain anuas agus ar a bhfuil le déanamh fós againn le cinntiú go mairfidh ár dteanga slán.

Is féidir Bliain an Bhéarla a leanúint ar Facebook agus ar Twitter. #IhavetheEnglish!

Fág freagra ar 'ASNC: Fógra tábhachtach Rialtais! Bliain an Bhéarla 2019 seolta!'

  • Éadóchasach

    Do bhí ‘Bliain an Bhéarla’ againn cheana féin: ‘Bliain na Gaolainne’ an t-ainm a tugadh uirthi…