ASNC: Ball óg den Dream Dearg cráite agus é ‘cerise le cantal’ seachas dearg le fearg

AR SON NA CÚISE: Labhraíonn feachtasóir óg amach faoin mbrú uafásach a bhaineann le bheith dearg le fearg ó dhubh go dubh

ASNC: Ball óg den Dream Dearg cráite agus é ‘cerise le cantal’ seachas dearg le fearg

'Fíorghael Óg Ó Fál', nach bhfuil a ainm ceart á thabhairt ar mhaithe lena shábháilteacht

Tá ball óg den Dream Dearg ó thuaidh i ndiaidh labhairt amach faoin mbrú “uafásach” a bhaineann le bheith dearg le fearg ó dhubh go dubh.

In agallamh eisiach le Ar Son na Cúise agus le Ar Son na Cúise amháin, nocht ‘Fíorghael Óg Ó Fál’ – tá a ainm ceart á cheilt ar mhaithe lena shábhailteacht – na duáilcí a bhaineann le bheith i d’fheachtasóir ar son Acht Gaeilge don Tuaisceart.

“Tá sé millteanach deacair. Maidin inniu, mar shampla cerise le cantal seachas dearg le fearg a bhí mé nuair a d’éirigh mé as an leaba. Bhí mé cráite.

“Tá a fhios againn uilig nach leor dath bándearg na silíní a bheith ar dhuine na laethanta dearga seo agus ní raibh aon rogha agam ach éisteacht leis an taifead a tugadh dúinn de ráitis pholaiteoirí de chuid an DUP chun an fhuil a chur ag coipeadh arís. Ní tús deas é sin leis an lá ach murach é ní bheadh mé ullamh fá choinne gníomhartha dearga an lae,” arsa Fíorghael Óg Ó Fál.

Dúirt Ó Fál go mbíonn laethanta eile ann ar mhaith leis a phictiúr próifíle ar Twitter a athrú agus an seanphictiúr de féin ar a laethanta saoire sa Spáinn a bhíodh aige a chur ar ais.

“Bhí cuma cool orm sa phictiúr sin agus uaireanta cronaím uaim an saol mar a bhí nuair nach raibh a dhath ar bith ar eolas agam faoi dhea-chleachtais na Breataine Bige ná an Coiste Comhairleach don Chreat-Choinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta. Bhí saol an mhadra bháin agam sula ndearnadh crogall glas díom.”

Dúirt Ó Fál go raibh sé ag súil go mór leis an agóid thostach atá beartaithe go luath do Stormont ag an Dream Dearg mar chuid dá bhfeachtas ar son an Achta Gaeilge.

“Déanta na fírinne is faoiseamh a bheidh ann ar feadh tamaill gan a bheith ag éisteacht liom féin nó aon duine eile ag trácht ar an éileamh traspháirtí pobalbhunaithe ar reachtaíocht cheartbhunaithe,” a dúirt Fíorghael Óg Ó Fál.

Tagann faoistin Fhíorghael Óg sna sála ar thuairisc eisiach Ar Son na Cúise anuraidh faoi oibrí de chuid Chonradh na Gaeilge a cuireadh ar fionraí toisc nach raibh sé “sceitimíneach go leor” faoin togra ba dhéanaí ag an eagraíocht, togra a raibh baint aige le Snapchat nó Instagram nó ceann éigin acu sin.

De réir Chód Cleachtais an Chonartha don láthair oibre, ní foláir do gach oibrí a bheith “sceitimíneach, nó ar a laghad ar bís” gach lá faoi gach gné d’obair na heagraíochta.

Fág freagra ar 'ASNC: Ball óg den Dream Dearg cráite agus é ‘cerise le cantal’ seachas dearg le fearg'

  • Seán

    Is glas iad na cnoic i bhfad uainn dar le lucht Dearg le Fearg ach is léir go bhfuil na ‘gormacha’ {blues} ag cur isteach ar an bhfear óg seo toisc go bhfuileadar ag iarraidh an dubh a chur na geal orainn le tamaill. Ba mhaith leo a cheapadh go bhfuil siad chomh bán leis an sneachta ach tá a fhios againne níos fearr !.