As Bearna go dtí an Cheathrú Rua is léir lagan Fhianna Fáil

An lá a scorfaidh Éamon Ó Cuív beidh Fianna Fáil ina mbambairne ar fad i gConamara agus leanfaidh Sinn Féin ag bláthú leo

As Bearna go dtí an Cheathrú Rua is léir lagan Fhianna Fáil

‘Cén chaoi a gcaitheadh sibh na vótaí in Inbhear i Ros Muc?’ a d’fhiafraínn de mo mháthair.

‘Do dhream de Valera , a stóirín,’ a deireadh sí, ‘mura mbeadh aon dream níb fhearr ag rith.’

Sinn Féin agus Clann na Poblachta a bhíodh i gceist ansin aici.

Ocht mbliana d’aois a bhí sí nuair a bhain Sinn Féin craitheadh as an gcóras polaitíochta i 1918. Bhí a huncail Colm Ó Gaora i bpríosún i mBirmingham ag an am agus é ar dhuine de cheannairí Shinn Féin a chuir na Sasanaigh i bpríosún nuair a chuir siad an ‘German Plot’ ina leith.

Bhí tuairiscí á gcur anonn chuige faoin bhfeachtas toghcháin i gConamara. Mo léan géar bhí lucht faisnéise na Breataine ag scrúdú na litreacha sin go géar agus ag déanamh fiosrúcháin faoina raibh iontu leis an RIC i mbeairic an Ghoirt Mhóir i Ros Muc.

Seo iad an dream a raibh Leo Varadkar agus Charlie Flanagan ag iarraidh comóradh stáit a dhéanamh orthu.

Sa mbliain 1921 dhóigh fórsaí na Breataine teach Choilm Uí Ghaora go talamh. Ní raibh mo mháthair ach garraí soir uaidh.

Sa mbliain 1923 bhí lucht na Poblachta briste brúite agus amhras orthu ar cheart dóibh iarrthóir ar bith a chur chun cinn in olltoghchán na bliana sin. Rinne siad é mar sin féin agus bhí Colm Ó Gaora ar dhuine de na hiarrthóirí.

Chuaigh sé an-ghar go deo do bheith tofa ina Theachta Dála, ach chlis na haistriúcháin as cathair na Gaillimhe air sa deireadh.

Bíodh is go raibh sé in éineacht le de Valera sa bpríosún céanna i ndiaidh Éirí Amach 1916 níor lean an Gaorach de Valera sa bpolaitíocht.

Ní hé sin le rá nach raibh ómós acu dá chéile. Nuair a tháinig de Valera go Teach an Phiarsaigh le córas leictreachais an cheantair a lasadh chuir sé tuairisc an Ghaoraigh a bhí tinn ag an am.

Dá mbeadh mo mháthair beo inniu is cinnte gur do Mhairéad Farrell a thabharfadh sí a vóta. I Ros Muc a fuair Mairéad Farrell an céatadán ab airde vótaí i mbosca ar bith i nGaeltacht Chonamara. Nach í mo mháthair bhocht a bheadh bródúil as sin.

Tá Sinn Féin ag neartú go tréan i gConamara anois agus Fianna Fáil ag lagan.

I gcás Fhianna Fáil tá ‘rútaí an fhéir’ mar a thugadh Joe Steve Ó Neachtain orthu trína chéile. Tá deireadh ag teacht leis an dílseacht dhochreidte a bhíodh ag muintir Chonamara d’Fhianna Fáil. Mar a dúirt Joe Steve i gceann dá chuid amhrán:

Bhuel, thréigfinn an creideamh Caitliceach,

thréígfinn bean is clann.

ach gheall m’athair do Dhia an lá ar baisteadh mé,

nach dtréigfinn Fianna Fáil.

Ní gá dhuit ach féachaint ar na ‘tallies’ as an olltoghchán a bhí againn an lá cheana don cheantar as Bearna go dtí an Cheathrú Rua le seargadh Fhianna Fáil a thuiscint. Ba é Éamon Ó Cuív a fuair 28% de na vótaí sin, ach bhí 30.4% ag Mairéad Farrell agus ag Catherine Connolly eatarthu.

Duine dall nach dtuigfeadh go bhfuil géarchéim féiniúlachta i bhFianna Fáil anois. Páirtí uileghabhálach a bhí iontu ar feadh na mblianta. Bhídís ar thaobh na bhforbróirí agus na dtógálaithe móra lá amháin agus ar thaobh an ghliomadóra agus an fheirmeora bhig an chéad lá eile.

Ní oibreoidh sé sin feasta; beidh lucht an airgid socair sásta i gcampa Fhine Gael agus an gliomadóir agus an feirmeoir beag ag dul le Sinn Féin.

Fuair Mairéad Farrell na mílte vóta i gConamara. Dúradh nach í a fuair iad ach an páirtí. Is fíor sin freisin, ach is é a mhalairt a tharla i gcás Fhianna Fáil: ba é Éamon Ó Cuív a fuair na vótaí seachas an páirtí.

An mbeidh Mairéad Farrell in ann na vótaí sin a choinneáil? Creidim go láidir go mbeidh. Bean chumasach í. Tá aithne mhaith againn uirthi sa teach seo ó bhí sí ina gasúr. Chaith sí seal i Scoil Náisiúnta Chill Chiaráin agus chuir sí spéis sa nGaeilge ón tús. Dúirt sí linn lá go raibh sí ag brionglóidí i nGaeilge. Sin rud a bhí le rá ag Dubhghlas De hÍde é féin. Fiafraíodh de uair an raibh mórán teangacha ar eolas aige. Dúirt sé go raibh Béarla, Fraincis, Eabhrais, Laidin, agus Gréigis aige, agus go raibh sé in ann Iodáilis a léamh, ach gur i nGaeilge a bhíodh sé ag brionglóidí.

Sea, tá tús curtha le ré nua polaitíochta i gConamara. An lá a scorfaidh Éamon Ó Cuív beidh Fianna Fáil ina mbambairne ar fad.

Maidir le Mairéad Farrell ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá mbeadh sí ina hAire lá breá eicínt, nó fiú amháin ina Taoiseach.

Fág freagra ar 'As Bearna go dtí an Cheathrú Rua is léir lagan Fhianna Fáil'