Ardú anuraidh den chéad uair ó 2011 ar líon na bpostanna ar thacaigh an tÚdarás leo

Deir Anna Ní Ghallchóir, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta i dTuarascáil Bhliantúil UnaG do 2014, go bhfuil an eagraíocht sásta gur éirigh léi a spriocanna a bhaint amach ach gur ‘buille trom’ do cheantar Ghaoth Dobhair an chailliúint post ansin

Chruthaigh Údarás na Gaeltachta an líon post is mó anuraidh ó bhí an bhliain 2008 ann, de réir thuarascáil bhliantúil na heagraíochta do 2014, a foilsíodh inné.

Tháinig ardú ar líon na bpost a cruthaíodh den chéad uair ó bhí an bhliain 2011 anuraidh freisin nuair a cruthaíodh 737 post i sé earnáil éagsúla; acmhainní nádúrtha, bia, déantúsaíocht, éadach, innealtóireacht, agus seirbhísí.

Ba i dtionscadail a bhí ann cheana féin a cruthaíodh formhór (530) na bpost nua anuraidh agus i dtionscadail nua a cruthaíodh an chuid eile (177) acu. Ba in earnáil na seirbhísí a tháinig an t-ardú is mó ar líon na ndaoine a fostaíodh san earnáil – 223. Tháinig ardú mór freisin in earnálacha an bheatha (147), na déantúsaíochta (134) agus na n-acmhainní nádúrtha (109).

Tá 7,053 duine san iomlán fostaithe ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta. Is í earnáil na n-éadach an earnáil is lú; níl ach 315 duine fostaithe inti.

Dúirt Anna Ní Ghallchóir, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, go bhfuil an tÚdarás “thar a bheith sásta gur éirigh leis na spriocanna a bhí leagtha síos dó ag an Rialtas ó thaobh cruthú post de” ach gur “buille trom” a bhí ann do cheantar Ghaoth Dobhair an chailliúint post a tharla sa cheantar anuraidh. Údar “díomá” don eagraíocht scéal Ghaoth Dobhair.

Dúnadh aonad táirgeachta an chomhlachta Largo Foods i nGaoth Dobhair anuraidh, d’aistrigh an comhlacht Nuance a ghnó go Londain agus lig an comhlacht SIOEN roinnt dá chuid fostaithe chun bealaigh.

“Cé go mbíonn cailliúintí poist i gceist gach bliain, nuair a tharlaíonn líon ard acu in aon cheantar amháin, bíonn tionchar an-diúltach aige ar an gcomharsanacht sin.

“Mar thoradh air seo, dhírigh an tÚdarás a iarrachtaí ar mhalairt infheistíochta agus deiseanna fostaíochta a mhealladh go Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, agus tá athbheochan na Páirce Gnó mar thosaíocht ag an eagraíocht do na blianta atá amach romhainn,” a dúirt Ní Ghallchóir.

Rinneadh príomhthorthaí na tuarascála don bhliain 2014 a fhógairt i mí Eanáir i mbliana nuair a foilsíodh an tAthbhreithniú Deireadh Bliana do 2014.

Déanfar na príomhthorthaí don bhliain 2015 a fhógairt i mí Eanáir 2016 nuair a fhoilseofar an tAthbhreithniú Deireadh Bliana don bhliain seo.

Fág freagra ar 'Ardú anuraidh den chéad uair ó 2011 ar líon na bpostanna ar thacaigh an tÚdarás leo'