Ardú ar dheontas mhná tí na Gaeltachta ‘á choinneáil sa mheá’

Mhaígh an Teachta Dála neamhspleách as Ciarraí Danny Healy-Rae i dTithe an Oireachtais nach raibh an deontas atá á íoc le mná tí na Gaeltachta ‘sásúil in aon chor’

Ardú ar dheontas mhná tí na Gaeltachta ‘á choinneáil sa mheá’

Níl ardú sa liúntas in aghaidh an scoláire a íoctar le mná tí na Gaeltachta curtha as an áireamh ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Agus níos lú ná seachtain fágtha go dtí Buiséad 2018, dúirt Kyne ag coiste Dála inné go bhfuil ceist an liúntais “á meá i gcónaí”.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta ag freagairt ceisteanna ón Teachta Dála neamhspleách as Ciarraí Danny Healy-Rae ag cruinniú de choiste ealaíon, oidhreachta agus Gaeltachta an Oireachtais.

Mhaígh Healy-Rae go raibh liúntas níos mó á íoc le mná tí 10 mbliana ó shin agus dúirt nach raibh an méid a bhí á íoc faoi láthair leo “sásúil in aon chor”. Mhol sé an “obair iontach” a dhéanann mná tí na gcoláistí samhraidh agus dúirt sé gur obair í a bhí riachtanach maidir le cur chun cinn na Gaeilge i measc an aosa óig.

D’aontaigh Aire Stáit na Gaeltachta leis an Teachta Dála faoi thábhacht na hoibre a dhéanann na mná tí a chuireann lóistín ar fáil do dhaltaí na gcoláistí samhraidh.

Dúirt Seán Kyne gurb amhlaidh go rabhthas ag iarraidh le tamall anuas tuilleadh “deiseanna” a thabhairt do mhná tí trí “síneadh a chur leis an séasúr” le cúrsaí tríú leibhéal agus eile sa gheimhreadh.

Dúirt sé, áfach, go raibh ceist an liúntais “á coinneáil sa mheá i gcónaí”.

Níor tháinig aon ardú anuraidh ar an liúntas in aghaidh an scoláire a íoctar le mná tí as lóistín a chur ar fáil do scoláirí na gcoláistí samhraidh, ach ardaíodh an deontas laethúil go dtí €10 sa bhuiséad roimhe sin.

Ba é an t-ardú sin i mBuiséad 2017 an chéad ardú le deich mbliana ar an liúntas.

Is faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a íocann Roinn na Gaeltachta deontas laethúil €10 in aghaidh an scoláire le teaghlaigh atá aitheanta faoin scéim.

Tháinig ardú leanúnach ar an deontas seo idir 1997 agus 2007 agus ní raibh aon ghearradh i gceist go dtí 2010 nuair a gearradh siar an íocaíocht ó €10.50 go dtí €10.00 in aghaidh an lae do gach scoláire.

An bhliain dár gcionn, €9.50 in aghaidh an scoláire a bhí á íoc leis na mná tí agus is é an ráta céanna sin a íocadh idir 2011-2017.

Fág freagra ar 'Ardú ar dheontas mhná tí na Gaeltachta ‘á choinneáil sa mheá’'