Ardmholadh faighte ag táirgí nua cúram cnis ón ‘Skin Nerd’

An chéad chóireáil aghaidhe a fuair sí nuair a bhí sí 13 bliain d’aois a spreag an ‘Skin Nerd’ Jennifer Rock i dtreo cúrsaí cúram cnis

Ardmholadh faighte ag táirgí nua cúram cnis ón ‘Skin Nerd’

Níor chuala mé aon duine fós ag rá nach maith leo an réimse nua cúram cnis atá seolta le cúpla seachtain anuas ag Jennifer Rock as Baile Átha Cliath, an bhean a bhfuil aithne an-mhór uirthi faoin teideal ‘The Skin Nerd’.

Dhá bhliain ó shin díreach, i ndeireadh an Mheithimh 2017, sheol sí a seirbhís chomhairleach cúram cnis agus ó shin i leith tá leabhar faoin teideal céanna, The Skin Nerd, foilsithe aicí freisin agus éileamh an-mhór ar fad air. 

Tá céim eile tógtha aici anois ar an mbóthar le bheith ina réalta ceart i ngnó an chúraim cnis, ní hamháin sa tír seo ach thar sáile freisin, agus na táirgí nua seo forbartha agus curtha ar an margadh aici. 

Seacht gcinn d’earraí ar fad atá i gceist agus tá ceithre cinn acu sin lárnach sna táirgí ar fad agus na trí cinn eile ina n-ábhair bhreise a d’fhéadfadh duine a roghnú de réir mar a theastódh siad. Níl boladh curtha ar aon cheann de na táirgí nua seo mar is é a deir Jennifer Rock ‘más boladh atá uait ceannaigh cumhrán!’.  

01 PreProbiotic Cleanser: Seo táirge leis an gcraiceann a ghlanadh agus a chothú agus é a fhágáil bog maothaithe. Leacht fíor-éadrom atá ann ach é fós sách láidir le smideadh súl a ghlanadh. Costas €25.00 atá air.

02 Skin Veg: ‘Glasraí don chraiceann’ atá sa cheann seo! Ullmhaíonn sé an craiceann le glacadh níos fearr leis an smideadh a chuirfear os a chionn. Tá an mhaitheas as trátaí, brocailí agus cúcamar ann chomh maith le aloe vera agus aigéad hialúrónach i measc na gcomhábhar sa táirge seo leis an craiceann a scamhadh agus a mhaothú. Costas €42 atá air.

03 Skin Protein: Tá neart vitimíní A, C agus E sa séiream seo le beocht nua a chur sa chraiceann agus é a neartú agus a dhéanamh níos sláintiúla.  Tá ola lus na gréine agus úsc tae glas anseo freisin leis an gcraiceann a chosaint ó dhamáiste ón timpeallacht thart orainn. Tá rabhadh tugtha nár cheart do bhean atá ag iompar clainne an táirge seo a úsáid. Costas €42 atá ar an gceann seo freisin.

04 Skin Shield: Tá fachtóir cosanta gréine SPF50 sa táirge seo atá ar fheabhas mar phrímeálach roimh smideadh a chur ort. Deirtear go gcosnaíonn an craiceann orgáin na colainne ar fad ach go gcaithfear an craiceann féin a chosaint freisin. Tá an ceann seo saor ó ola agus ní dhéanfaidh uisce aon dochar dó. Costas €42 atá ar an gceann seo chomh maith.

‘Mix and Match’ a thugann Jennifer Rock ar na trí tháirge eile atá aici, táirgí a d’fhéadfaí a úsáid ó am go chéile nuair a theastaíonn aire nó cúram ar leith ón gcraiceann.

A-HA Cleanser: Glanann an ceann seo an craiceann agus scamhann sé go héadrom é i rith na hoíche. €25 an costas.

Sally Cleanse: Tá 2% d’aigéad salaicileach sa nglantóir seo, an méid is mó a cheadaítear i dtáirgí cúram cnis de réir rialacha de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá an ceann seo ar fheabhas do dhaoine a dtagann spotaí nó goiríní orthu mar go laghdaíonn sé an méid ola a tháirgeann an craiceann. €25 an costas.

Skin Good Fats; Maothóir atá anseo a oibríonn chomh maith mar bhac leis an gcraiceann a neartú in aghaidh salachar na timpeallachta.  Mar uachtar oíche a chaitear an ceann seo. Costas €42 atá air.

Tá seasamh ar leith ag Jennifer Rock ina measc siúd gur spéis leo cúrsaí cúram cnis de bharr ardchaighdeán na seirbhíse atá á soláthar aici tríd an ngnó ‘The Skin Nerd’. Ó thosaigh sí i mbun oibre roinnt blianta ó shin tá 92,400 leantóir aici ar Instagram agus 67,000 ar Facebook. Tá cúigear comhairleoirí ar a dtugann sí ‘Nerdettes’ fostaithe anois aici sa ghnó chomh maith le dochtúir leighis. Íocann daoine táille €50 ar sheisiún comhairleach leathuair an chloig le hiad féin a chur ar bhóthar a leasa maidir le haire cheart a thabhairt dá gcraiceann. Trí cheangal leictreonach ar Skype, Facetime nó WhatsApp a dhéantar an chomhairleoireacht agus is cosúil go bhfuil custaiméirí acu anois ar fud na tíre agus i gcuid mhór áiteanna eile ar fud an domhain.

Tá Jennifer Rock 34 bliain d’aois ach tá súim aicí i gcúrsaí cúram cnis ó fuair sí a céad chóireáil aghaidhe nuair a bhí sí 13 bliain d’aois le dul i ngleic le fadhb aicne. Is minic a bhíonn sí le feiceáil agus le cloisteáil ar an raidió agus an teilifís ag caint faoin ábhar seo, go háirithe ar Virgin Media TV, Newstalk, Today FM agus 2fm. Bíonn colúin aici in irisí faisin go minic agus colúin fúithi iontu go minic chomh maith.

Is fiontar nua aici na táirgí seo ach más fíor a bhfuil le cloisteáil fúthu cheana féin is amhlaidh a bheidh a clú agus a cáil ag scaipeadh dá mbarr.  

Fág freagra ar 'Ardmholadh faighte ag táirgí nua cúram cnis ón ‘Skin Nerd’'