AR SON NA CÚISE: ‘Níor bhuail mé riamh le Sinn Féin, agus ní aithneoinn Gerry Adams i police line-up’ – Arlene Foster

Deir Gregory Campbell nár aontaigh an DUP riamh le haon ghealltanas faoi acht Gaeilge i gComhaontú Cill Rímhinn, nó an St. Andra’s ‘Greement, agus nach raibh aon bhall den DUP riamh i gCill Rímhinn fiú

AR SON NA CÚISE: ‘Níor bhuail mé riamh le Sinn Féin, agus ní aithneoinn Gerry Adams i police line-up’ – Arlene Foster

Tá ráite ag Arlene Foster nár chas sí riamh le Sinn Féin agus mhaígh sí nach n-aithneodh sí Gerry Adams dá mbeadh sé os a comhair amach i “police line-up”.

Tagann an ráiteas is déanaí ó Foster sna sála ar a maíomh nach raibh sé i gceist riamh aici géilleadh d’acht Gaeilge sna cainteanna polaitiúla ó thuaidh.

Chuaigh Foster céim níos faide fós ina ráiteas inniu nuair a mhaígh sí nár casadh Sinn Féin riamh uirthi agus nach n-aithneodh sí iar-uachtarán an pháirtí sin Gerry Adams dá mbeadh sé i measc scata daoine a chuirfeadh na póilíní i líne os a comhair amach.

‘I never even met Sinn Féin, and wouldn’t recognize Gerry Adams in a police line-up. I’ve always been very clear about that,’ a dúirt ceannaire an DUP.

Idir an dá linn, dúirt comhghleacaí Foster, an feisire parlaiminte Gregory Campbell, nár aontaigh an DUP riamh le haon ghealltanas faoi acht Gaeilge i gComhaontú Cill Rímhinn, nó an St. Andra’s ‘Greement, agus gur “deargamaidí” a bhí ann a mhalairt a rá nuair nach raibh aon bhall den DUP riamh i gCill Rímhinn fiú.

“So help me God and curry my yoghurt, I couldn’t even find it on a map,” arsa an Cambhéalach.

Tá sé ina raic idir Sinn Féin agus an DUP faoi láthair faoi cé acu an raibh nó nach raibh margadh déanta acu faoi acht Gaeilge sular chlis ar chainteanna Stormont an tseachtain seo caite.

I ráiteas a d’eisigh Sinn Féin aréir, dúradh ní hamháin gur bhuail siad le Arlene Foster ach gur ghéill sí d’acht Gaeilge “a bhí chomh breá, chomh Gaelach agus chomh neamhspleách is a bhí aon acht teanga eile a bhí ina cuid de thrí acht”.

Ag labhairt dó le Ar Son na Cúise aréir, dúirt urlabhraí de chuid POBAL a mhalairt de pé rud atá á rá ag Conradh na Gaeilge faoin scéal agus dúirt urlabhraí de chuid Chonradh na Gaeilge a mhalairt de pé rud a bhí á rá faoin scéal ag POBAL.

Níos túisce tráthnóna, in agallamh ar deineadh sindeacáitiú air ar fud an domhain, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin gur theastaigh “acht Gaeilge ceartbhunaithe bunaithe ar an éileamh pobalbhunaithe, a tháinig ón bpobal aníos, ar chearta bunúsacha riachtanacha don phobal, mar atá geallta i 27 conradh idirnáisiúnta agus sa Magna Cearta”.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: ‘Níor bhuail mé riamh le Sinn Féin, agus ní aithneoinn Gerry Adams i police line-up’ – Arlene Foster'

  • An Teanga Bheo

    Teoranta go maith……. atá an bhean uasal sin….. agus i lastight de easaontas n Breataine
    bhfuil morán eolas aici faoi stair na tíre seo ???? Bleachtaire den scoth mo leán ?