Tuairiscítear go bhfuil Gaeilgeoirí ar fud na tíre ‘bréan bailithe’ díobh féin i ndiaidh dóibh ligean d’alt tarcaisneach aineolach eile fós faoin nGaeilge cur isteach orthu.
Dúirt fear amháin i mBaile Átha Cliath, atá ag Gaeilgeoireacht go neamhleithscéalach le nach mór leathchéad bliain, go raibh an ghoimh air leis féin gur ghoill píosa tuairimíochta le Rosita Boland, a foilsíodh ar an Irish Times an tseachtain seo, chomh mór sin air gur iarr sé ar a chúramóir tvuít feargach a sheoladh chuig údar an ailt.
“Mhionnaigh mé blianta fada ó shin nach léifinn aon alt eile dá leithéid le mo bheo, ach mo léan tá an cholainn lag. Tá fiche bliain ó liginn do Kevin Myers an lá ar fad a mhilleadh orm agus cheap mé nach dtabharfainn aon mhaidin eile agus an spúnóg ag crith i mo láimh le cantal agus an phraiseach ar fud na mias le cuthach.
“Ach féach anois mé agus mé buailte ag riastradh chomh holc céanna leis an gceann a bhuail mé 20 bliain ó shin nuair a léigh mé colún cáiliúil sin Myers faoi Theilifís DeLorean. Faraor, is deacair ceacht a mhúineadh don seanGhael seo.”
Dúirt bean eile le Ar Son na Cúise gur aithin sí láithreach comharthaí sóirt na seanchlíchéanna ar fad ar alt an Irish Times, ach fós féin nár éirigh léi an rud stuama a dhéanamh agus bogadh ar aghaidh go dtí seanmóir an lae le Fintan O’Toole.
“Tá déistin orm gur lig mé síos mé féin mar sin. In ainm Chroim, bhí fiú pictiúr de Pheig Sayers leis an mbloody rud. Ach fós lean mé orm ag léamh faoi na h-issues atá ag an mbean bhocht seo toisc gur chinn uirthi teanga Bhríd agus Pháid a fhoghlaim.
“Scannal na Gaeilge éigeantaí. Cur amú ama. Cur amú airgid. Cur amú páipéir. Ní fearr mar Éireannaigh sibhse a bhfuil Gaeilge agaibh….blah, blah, blah. Dá mba chluiche bingo é bheadh ‘an full house’ agat tar éis dhá pharagraf de Rosita Boland a léamh. Ní haon iontas go bhfuil Conamara breac le defibrillators!”
Dúirt fear eile, a thug an lá inné ag plé an ailt ar na meáin shóisialta agus a d’éist ceann ar aghaidh le Cormac ag a Cúig ar fhaitíos go gcaillfeadh sé Gael eile ag tabhairt amach faoi, go raibh sé thar am ag Foras na Gaeilge córas ‘sponsors’ a bhunú don Ghael ar chuma chóras an AA.
“Nílimid le trust sinn féin. Cá bhfios cén uair nó cén áit a thiocfaí ar alt eile mar seo agus gan idir thú agus é ach brú cnaipe? Cad a dhéanfaimid ansin? Nár mhór an cúnamh an ‘sponsor’, a ghabh tríd an anfa céanna, chun duine a cheansú agus an forlíonadh spóirt a shá faoina smut.”
Dúirt urlabhraí ón bhForas gur beag seans go mbunófaí a leithéid de chóras.
“Níl na hacmhainní againn agus déanta na fírinne dá mbeadh is géire a theastódh sponsors uainne anseo.”
Ciúin
Níor chuir an t-alt réchúiseach seo fearg ar bith orm agus da bhrí sin níl sé i gceist agam freagra ar bith a bhreacadh síos.