FÍSEÁN/ASNC: Athghuthú Gaeilge ar ‘Wild Mountain Thyme’ le craoladh ar TG4

Tá éisteacht déanta ag cuid de na craoltóirí Gaeilge is solabhartha dá bhfuil ann do Lus Mhic Rí Breatan an tSléibhe

FÍSEÁN/ASNC: Athghuthú Gaeilge ar ‘Wild Mountain Thyme’ le craoladh ar TG4

Tá fáilte chroíúil fhorleathan curtha roimh chinneadh TG4 Gaeilge a chur ar an scannán conspóideach Wild Mountain Thyme.

Craolfar Lus Mhic Rí Breatan an tSléibhe ar an stáisiún leathGhaeilge seachtain sula mbeidh fáil ar an mbunleagan Béarla ar Netflix.

Magadh agus fonóid is mó a thuill an blaisín den leagan Béarla ó eisíodh é, ach meastar gur ardmholadh atá i ndán don leagan Gaeilge.

Dúradh faoin leagan Béarla gur theip ar an gcliar caint na ndaoine a thabhairt leo go cruinn, ach tá iarracht mhór déanta ag TG4 an botún sin a sheachaint.

Deir ceannasaí TG4 Alan Esslemont  go mbeidh an leagan Gaeilge “ag teacht go hiomlán le misean an chainéil” agus go bhfuil sé “comhthreomhar le fís” an stáisiúin chomh maith. Dúirt sé rud éigin freisin faoi rud éigin a “athshamhlú”.

Gheall sé go mbeadh “scoth-chainteoirí ó na canúintí ar fad” le cloisteáil ar Lus Mhic Rí Breatan an tSléibhe.

Tuigtear do Ar Son na Cúise agus do Ar Son na Cúise amháin go bhfuil €2 milliún breise eile faighte ag TG4 ón Rialtas chun athghuthú a dhéanamh ar an scannán. Tugadh an t-airgead breise don stáisiún mar gheall ar an obair bhreise éachtach rúnda a rinne siad le linn na paindéime.

Shéan Alan Esslemont go ndearnadh cinneadh gan an scannán a mhaoiniú faoin scéim Siné 4 mar gur scéal sona siamsúil é nach bhfuil an coibhneas ceart báistí, duaircis agus foréigin ann.

Shéan sé chomh maith gur cinneadh gan an obair a fhágáil faoi Mholscéal, nó ceann de na comhlachtaí a dhéanann an corrchlár Gaeilge a chraoltar ar TG4 don chosmhuintir, mar nach raibh an coibhneas ceart gréine, aoibhnis agus plámáis ann.

Tuairiscíodh go raibh scuaine gluaisteán páirceáilte lasmuigh de Cheannáras TG4 le déanaí, mar a raibh “guthanna” aitheanta na Gaeilge faoi scrúdú.

Orthu sin a facthas ag dul an isteach,  bhí  MTS a bhfuil ardán nua á lorg aige dá ghlór binn ó chuir RTÉ amach ar féarach go héagórach agus é fós i mbláth na hóige. Is léir ón mblaisín eisiach den leagan Gaeilge atá faighte ag Ar Son na Cúise go mbeidh ról lárnach ag MTS ann.

Bhí gach duine a bhí ainmnithe do Ghradam an Oireachtais do ‘Chraoltóir Solabhartha na Bliana’ i láthair ag na héisteachtaí, seachas buaiteoir an ghradaim Helen Ní Shé.

Dúirt foinse amháin gar do chara duine muinteartha le Ní Shé gurb amhlaidh go ndearnadh “tairiscint an-tarraingteach” léi ach gur dhiúltaigh sí di.

“Tá sí ina Greta Garbo ceart ó fuair sí an gradam sin,” arsa an fhoinse.

Cé nach raibh Craoltóir Sobhlabhartha na Bliana féin i láthair do na héisteachtaí, bhíothas an-tógtha le héisteachtaí na ndaoine eile a bhí ainmnithe don ghradam.

Dúirt duine d’fheidhmeannaigh TG4 “go n-éireodh an Fear Marbh féin” chun éisteacht leis an bpíosa cainte a rinne Seán ‘#Blaskets #WestKerry’ Mac an tSíthigh.

Dúradh go ndearna Brian Tyers “an-jab” chomh maith agus gur léir go gcuirfeadh sé fáilte mhór roimh an deis a bheith ag obair le daoine a labhraíonn mórán an teanga chéanna leis féin.

Maidir le Maolra Mac Donncha, ‘Just, wow!’ a dúirt an feidhmeannach de chuid TG4.

De bhrí gur i lár tíre atá an “scéal” suite,  bhíothas ag súil le beirt rua de bhunadh na Mí freisin, fear agus bean.  Ní fhaca ár dtuairsceoir aon dé orthu, ach le bheith cruinn faoi,  bhí sise tamaillín ón láthair ina carr féin soir an bóthar ar chúinsí sláinte agus rúndachta.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN/ASNC: Athghuthú Gaeilge ar ‘Wild Mountain Thyme’ le craoladh ar TG4'

  • Helen Ní Shé

    Come up and see me some thyme.