Ar mhaithe le “seasamh le pobal na Gaeilge sa bhaile” a labhair duine de bhuaiteoirí an Turner Prize i nGaeilge ag searmanas bronnta i Sasana an tseachtain seo.
Dúirt Stephen Millar, duine den Array Collective as Béal Feirste a bhuaigh an duais mhór ealaíne i mbliana, gur cheap sé go raibh sé an-tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil ar BBC News agus an scéal á fhógairt.
Tá brón orm a chairde.
I was mad nervous, I tripped over the speech. It felt so vital to have gaeilge in the speech on the main bbc news, show solidarity with the Irish speaking community at home. Tá mé ag foghlaim Gaeilge/I’m still very much a learner & hope you’ll excuse me 💖 pic.twitter.com/Y2xCSlHSRk— Stephen Millar (@smarttrumpet) December 3, 2021
Bhí Millar ar dhuine den 11 ealaíontóir a bhuaigh an duais Turner dá suiteán inar dheineadar teach tábhairne Éireannach de spás gailearaí.
‘The Druithaib’s Ball’ an teideal a bhí ar shaothar an Array Collective a chruthaigh “síbín” chun aird a tharraingt ar chéad bhliain de chríochdheighilt na hÉireann.
Dúirt moltóirí an Tate, an músaem a bhronnann an Turner, go raibh siad “an-tógtha” leis an tslí ar éirigh leis an ngrúpa ealaíne Feirsteach a gcuid “gníomhaíochais agus luachanna” a chur i láthair i ngailearaí chun taispeántas a chruthú a bhainfeadh siar as duine.
Tá an duais Turner ainmnithe i ndiaidh
J.M.W. Turner agus é buaite cheana ag ealaíontóirí mór le rá amhail Damien Hirst, Tracey Emin, Grayson Perry agus Anish Kapoor.
Seo an chéad uair gur éirigh le saothar ón Tuaisceart an gradam a bhuachan ó bunaíodh é i 1984.
Fág freagra ar 'Ar mhaithe le ‘seasamh’ le pobal na teanga sa bhaile a labhair buaiteoir an Turner Prize Gaeilge'