Ar deireadh thiar níl de réiteach ar fháinne fí an fhoréigin sa Mheánoirthear ach síocháin agus cóir

An fhaid is a sheasann an tIarthar le hIosrael leanfar leis an éagóir ar na Palaistínigh agus le fáinne fí an chogaidh

Ar deireadh thiar níl de réiteach ar fháinne fí an fhoréigin sa Mheánoirthear ach síocháin agus cóir

Tá uafás cogaidh á léiriú os comhair ár gcuid súl i nGaza, agus Iosrael ag baint díoltais amach ar mhuintir an cheantair sin mar gheall ar na hionsaithe a dhein Hamas ar an stát.

Ar ndóigh, bhí díoltas á bhaint amach amach ag Hamas as na blianta fada d’éagóir, feallmharú, díshealbhú agus sceimhlitheoireacht ar mhuintir na Palaistíne.

Deirtear gurb í an fhírinne an chéad taismeach in aon chogadh, agus ó bhuail Hamas an buille trom sin ar Iosrael tá na meáin lán le scéalta uafáis is ainghníomhartha.

Níl mórán amhrais ann ach go raibh Hamas ag iarraidh gialla a ghabháil chun iad a úsáid mar chrios slándála i gcoinne na n-ionsaithe barbartha atá a ndéanamh ag Iosrael orthu, ach tá an-amhras ann faoi roinnt scéalta eile.

Mar shampla, tá scéal á scaipeadh go forleathan, is é ag cur déistin ar dhaoine, gur mharaigh Hamas ceathracha naíonán agus gur bhaineadar a gceann díobh. Ach níl aon fhianaise gur tharla a leithéid, seachas tuairisc ó iriseoir Iosraelach amháin a dúirt go ndúirt saighdiúir amháin léi gurbh amhlaidh a tharla. Dúirt Fórsaí Cosanta Iosrael gur tharla “sléacht” ach níor dheimhnigh siad aon chuid de na sonraí eile.

Scéal eile a scaipeadh ná gur gabhadh bean óg, Shani Louk, ag an gceolchoirm sin ar an teorainn le Gaza, gur éigníodh í, gur maraíodh í is gur fágadh a corp lomnocht os comhair an tsaoil.

Ach anois tá máthair na mná i ndiaidh a rá go bhfuil a hiníon beo i gcónaí is go bhfuil sí in ospidéal i nGaza agus drochbhail uirthi. Tá a máthair buartha má scaoileann Iosrael buama leis an ospidéal nach mbeidh an chumhacht acu chun í a choinneáil beo.

Ach i measc na mbréag is na scéalta leathfhírinneacha tá fírinne amháin soiléir. Is stát sceimhlitheoireachta é Iosrael atá sásta beart ar bith a dhéanamh chun na Palaistínigh a dhíbirt amach as a gcuid tailte is a gcearta a chur ar ceal ar fad.

Tá an ceart céanna ag na Palaistínigh iad féin a chosaint agus Iosrael a bhualadh ar ais, ach amháin gan sibhialtaigh a mharú d’aon ghnó.

Is údar náire agamsa an chaoi gur tháinig an Tánaiste amach ag taobhú le hIosrael is le Stáit Aontaithe Mheiriceá atá ag bagairt cogadh gan teora ar Gaza. Ar a laghad, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur chóir go mbeadh srian leis an bhforéigean atá á chleachtadh ag Iosrael ar na Palaistínigh.

Ná ligimis i ndearmad, ach an oiread, gur fhás Hamas nuair a bhuail Iosrael agus SAM bob ar Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO), ag geallúint dul chun cinn maidir le cearta na bPalaistíneach agus stát dá gcuid féin dá n-aithneoidis Iosrael mar stát dlisteanach.

Rinne an PLO amhlaidh ach níor chomhlíon Iosrael nó Meiriceá na geallúintí is chaill an PLO údarás dá réir.

Ná ligimis i ndearmad ach an oiread go bhfuil Iosrael ag gabháil stráice talún ó na Palaistínigh ar an mBruach Thiar, agus gur dhiúltaigh an rialtas cosc a chur ar earraí mídhleathacha ó na críocha gafa sin cé gur vótáil an tOireachtas ar son an choisc.

An fhaid is a sheasann an tIarthar – agus Éire mo léan – le hIosrael, leanfar leis an sceimhlitheoireacht stáit, leis an éagóir ar na Palaistínigh agus le fáinní fí an chogaidh.

Ag deireadh thiar, níl de réiteach ar an gcogadh seo ach síocháin agus cóir. Nár cheart don tír seo na hionsaithe atá á ndéanamh ag Iosrael ar Ghaza a cháineadh ar a laghad ar an gcaoi chéanna ar cháin an rialtas buille díoltais Hamas? Nár chóir dúinn iarracht a dhéanamh féachaint chuige go gcomhlíonfar na geallúintí a tugadh don PLO sular tháinig Hamas ar an saol?

Agus thar aon rud eile, nach féidir le RTÉ agus na meáin Éireannacha eile scéalta a sheachaint go dtí go gcruthaítear iad.

Fág freagra ar 'Ar deireadh thiar níl de réiteach ar fháinne fí an fhoréigin sa Mheánoirthear ach síocháin agus cóir'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Ba leor dom an sléacht a rinne Hamas ag an gceolchoirm agus an t-eolas atá againn ar pholasaithe bharbartha (i leith daoine aeracha msh) le go gcáinfinn an ghrúpa úd as a mbarbarthacht. Cáinim Rialtas Iosrael freisin as a sléacht chinedhíothach ar phobal na Palaistíne. Is mídhaonnacht atá á chleachtadh acu ar Phailistínigh le seachtain anuas agus thar na mblianta.
    Is údar íoróin amach is amach é go mbeadh cholúnaí Tuairisc ag ceistiú pholasaithe seiceála RTÉ agus na meáin Éireannacha agus é ag craobhscaoileadh a chuid féin de leithscéalta leibideacha ar son sléachtaí Hamas ar ghnath dhaoine, ná raibh faoi airm, ag freastal ar cheolchoirm go neamh urchóideach.
    Ba cheart don cholúnaí cúram a thabhairt dá scribhinní féin sara dtosnaíonn sé ag cáineadh RTÉ agus na meáin Éireannacha.

  • Síle

    Deir máthair Shani Louk go bhfuil gortú inchinn aici agus go bhfuil sí in critical condition. So chur Hamas corp nocht bean atá nach mór marbh ar taispeáint poiblí seachas corp mná marbh. Dár ndóigh níl sín leath chomh uafásach. Agus b’fhéidir nach raibh ann ach gur scoilt Hamas blaoscanna na mbáibíní a mharaigh siad nó gur scaoil siad nó gur sháigh siad iad. Idirdhealú riachtanach. Dár ndóigh is iontach an deis atá á thabhairt ag Iosrael do dhaoine atá ar leaba a mbáis léimt as a leapacha agus éalú leo go deisceart Gaza. Is deas an daonnachtúlachas seo a fheiceáil ar gach taobh.

  • Diarmaid Coffey

    Tá sé náireach go bhfuil ardán fós á thabhairt ag Tuairisc.ie don iriseoir seo.

  • Diarmuid Mac Murchú

    Deir Eoin Ó Murchú go bhfuil ionsaithe barbartha á ndéanamh ag Iosrael ar Gaza ach ní thugann sé barbarthacht ar an slad a rinne Hamas ar shibhialtaigh Iosraelacha. An rud a rinne Hamas ba phogram é – maraíodh na hIosraelaigh úd toisc gur Giúdaigh a bhí iontu. Rinneadh é sin ar bhealach brúidiúil míthrócaireach – bhí mná agus páistí orthu siúd a maraíodh freisin – agus an rud is díol suntais d’Ó Murchú faoin scéal ná go mb’fhéidir nár baineadh an ceann de na páistí le linn an tsléachta! Níl Hamas chomh brúidiúil agus a cheapamar, mar sin! Agus féach gur ar Iosrael atá an locht ar aon nós as gan síocháin a dhéanamh, dar le hÓ Murchú (sin in ainneoin gurb é Yasser Arafat a dhiúltaigh do shocruithe síochána nuair a bhí rialtais den eite chlé i gceannas ar Iosrael).

    Caithfidh mé rud a chur ar do shúile duit, a Eoin, agus tú ag lorg leithscéalta ar son Hamas – ní sa Bhruach Thiar a maraíodh na Giúdaigh seo, áit a bhfuil plandóirí Giúdacha, ach ar chríocha dlisteanacha Iosrael. Cén chaoi ar féidir leat bonn cirt a chur leis sin? Ní raibh na Giúdaigh sin ag déanamh cos ar bolg ar Phalaistínigh ar birth – go deimhin, ina measc siúd a maraíodh bhí gníomhaithe síochán a rinne obair dheonach ar son na bPalaistíneach, cuir i gcás.

    I gcás ionsaithe Iosrael ar Gaza, tugann an IDF foláireamh do na sibhialtaigh go mbeidh ionsaí ann – is iad ionadaithe míleata agus stórais mhíleata an sprioc atá acu seachas sibhialtaigh. Ach i ndiaidh sin is uile, cuireann Ó Murchú an sceimhlitheoireacht i leith Iosrael trí huaire san alt seo, agus ní luann sé an sceimhlitheoireacht le Hamas in aon chor!

  • jpmorley0@gmail.com

    Réabadh 15 bhearna sa bhfál cosanta, bhí cead a gcos ag na sceimhlitheoirí ár is léirscrios a dhéanamh ar feadh formhór lá iomlán agus níorbh eol do na hIosraeligh go raibh dada ar bith ar na bacáin .i. beireadh amuigh orthu, scun scan. An Stát is inniúla ar domhan ó thaobh faireachais theicniúil de, ‘súile seabhaic’ acu ar gach uile orlach laistigh & lasmuigh de Gaza, Mossad, gunnaí robótacha ar tinneal má dhéantar aon chur isteach ar an bhfál sin, fál atá chomh híogair sin go mbraithfeadh sé cat nó eile á leadhbadh féin ina aice, brathadóirí istigh in Hamas féin acu, saitilítí spiadóireachta srl srl. 60%-80%den arm ar diúité i mbaill eile ag an am áirithe sin, mórfhéile Ghiúdach. Cén míniú ‘polaitiúil’ a bheadh ag úr gcuid tráchtairí air sin? Nod: iliomad barántas cúirte amuigh ar Netanyahu agus baol mór ann go gcuirfí príosún air.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    ‘Agus thar aon rud eile, nach féidir le RTÉ agus na meáin Éireannacha eile scéalta a sheachaint go dtí go gcruthaítear iad’

    Ar chruthaigh Tuairisc.ie na líomhaintí atá déanta ag Eoin Ó Murchú san alt seo sular foilsíodh iad? Mar shampla cén fianaise atá ann gur thuairiscigh RTÉ ‘gur mharaigh Hamas ceathracha naíonán agus gur bhaineadar a gceann díobh’?