Ar ceileadh seirbhís i nGaeilge ar do pháiste? Feachtas nua ag Tuismitheoirí na Gaeltachta…

Deir Tuismitheoirí na Gaeltachta go gcaithfear ‘dearcadh an Stáit’ i leith mhuintir na Gaeltachta agus ‘an bealach’ a gcaitear leo ‘a athrú’

Ar ceileadh seirbhís i nGaeilge ar do pháiste? Feachtas nua ag Tuismitheoirí na Gaeltachta…

Táthar ag lorg scéalta ó mhuintir na Gaeltachta faoi na deacrachtaí a bhíonn acu seirbhísí i nGaeilge a fháil ón státchóras dá bpáistí.

An eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta atá ar thóir na scéalta mar chuid d’fheachtas nua chun an fhaillí teanga a deirtear atá á déanamh ar mhuintir na Gaeltachta a chur ar a súile do lucht ceannais an stáit.

Socraíodh tús a chur leis an bhfeachtas nua i ndiaidh do go leor daoine teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht tar éis fhoilsiú alt ar Tuairisc.ie  ina ndearna Sinéad Ní Ráinne cur síos ar an gcrá croí a bhain le cuairt a thug sí ar chlinic Gaeltachta lena hiníon óg chun vacsaín MMR a fháil di.

Ní raibh focal Gaeilge ag na haltraí a bhí ag freastal ar an gcailín óg nach bhfuil mórán Béarla aici.

Dar le Tuismitheoirí na Gaeltachta gurb é scéal Shinéad Ní Ráinne scéal go leor tuismitheoirí eile ar fud na Gaeltachta agus tá fúthu anois na scéalta sin a chnuasach ar mhaithe le dul i bhfeidhm ar an bpobal, ar lucht polaitíochta, ar ranna stáit agus ar áisíneachtaí eile.

“Tá go leor scéalta againn uilig agus feictear dúinn go bhfuil sé in am na cásanna aonair sin a bhailiú le chéile agus iad a chur ar shúile an Stáit.

“Caithfear an dearcadh atá ag an Stát agus ag córas an Stáit ar mhuintir na Gaeltachta agus an bealach atáthar ag caitheamh linn a athrú ach ní féidir é sin a dhéanamh gan cúnamh ón bpobal féin,” a dúradh i ráiteas ó Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Tá ceist sheirbhís Gaeilge an HSE sa Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail ó foilsíodh alt ar Tuairisc.ie  arú inné ina ndearna Sinéad Ní Ráinne cur síos ar an gcrá croí a bhain le cuairt a thug sí ar chlinic Gaeltachta lena hiníon óg chun vacsaín MMR a fháil di.

Dúirt Tuismitheoirí na Gaeltachta inniu go gcoinneofar faoi rún ainm aon duine atá ag iarraidh a scéal faoi leatrom teanga sa Ghaeltacht a roinnt.

“Cuirfear na scéalta ar fad le chéile ansin le cur os comhair an phobail, lucht polaitíochta, rannóga stáit agus áisíneachtaí eile.

“Tá an méid seo á dhéanamh lena léiriú go bhfuil míshástacht ann ach go mbíonn sé fíordheacair ar thuismitheoirí clamhsán ná casaoid a dhéanamh i gcásanna aonair,” a dúradh.

Fág freagra ar 'Ar ceileadh seirbhís i nGaeilge ar do pháiste? Feachtas nua ag Tuismitheoirí na Gaeltachta…'

  • Mairéad

    Is minic nach mbíonn Gaeilge i ndáiríre ag teiripeoirí cainte sa nGaeltacht agus bheadh sé “highly desirable” dá gcuirfeadh an HSE ar a laghad na cleachtaí cainte ar fáil i nGaeilge rud nach bhfuil. Fiú teirpeoirí cainte go bhfuil Gaeilge acu dáiríre is cleachtaí scríofa Bhéarla a bhíonn á n-úsáid acu sa nGaeltacht.
    Bíonn ar tuismitheoirí Gaeltachta cleachtaí cainte Bhéarla a úsáid chun deacrachtaí cainte i nGaeilge a leigheas! Níl an fhuaim “nG” i mBéarla mar shampla.

  • Lillis Ó Laoire

    Feachtas maith. Tá an guth ann dá mbeadh deis a labhartha aige.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Bhí “sa Ghaeltacht” agus “sa nGaeltacht” san alt céanna sa tuairisc seo. Ach níl aon tábhacht leis sin.

    Cuireann sé gliondar ar an gcroí go bhfuil an eagraíocht seo i mbun feachtais anois. Is mithid aird na tíre a tharraingt ar an scéal náireach seo

  • Eoinín na nÉan

    Is í mo bharúil féin gur cheart go gcinnteodh tuismitheoirí an lae inniu go mbeadh deis ag a gcuid gasúr an oiread teangacha agus is féidir leo a fhoghlaim agus ansin ní bheadh an córas atá againn in ann aon chos ar bolg a imirt orthu. Bheadh siad in ann seasamh ar a gcosa féin. Ní shin le rá nach bhfuil sé déistineach nach féidir le gasúr nó duine fásta seirbhís trí Ghaeilge a fháil istigh i gceantar Gaeltachta. Sna caogaidí agus sna seascaidi nuair a bhí go leor daoine ag dul ar imirce agus gan focal Béarla ina bplaic ba chrua a bhí an saol orthu agus sin an fáth ar thug go leor acu cúl dá dteanga dhúchais agus cé thabharfadh milleán dóibh.