Aontachtaigh ag dul go Westminster ina mionlach den chéad uair le 100 bliain

Tráth machnaimh é don DUP agus Sinn Féin a mhaíonn go dteastaíonn uathu filleadh ar Stormont ar an toirt…

Aontachtaigh ag dul go Westminster ina mionlach den chéad uair le 100 bliain

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin mbuille a tugadh d’aontachtaithe fré chéile agus don DUP go háirithe. Stádas seanbhunaithe ar lár gan trácht ar shuíocháin agus údarás caillte i ndiaidh olltoghchán na seachtaine seo. D’ainneoin chaithréim Shinn Fein i mBéal Feirste Thuaidh, mar a bhfuair John Finucane an ceann is fearr ar Nigel Dodds, fuair an páirtí sin sonc mór sa smut freisin.

I ndiaidh na vótála bhí ochtar feisirí aontachtacha tofa ó Thuaisceart Éireann, bhí seachtar ag Sinn Fein, péire ag an SDLP agus ceann ag Alliance. Mionlach is ea na hAontachtaithe dá bhrí sin, iad suíochán ar gcúl ó náisiúnaithe a bhfuil naonúr acu, idir Sinn Féin agus an SDLP. (Ní aithníonn Alliance ceachtar lipéad – náisiúnach ná aontachtach.) ’Sí seo an chéad uair ó bunaíodh an Tuaisceart beagnach céad bliain ó shin nach raibh móramh aontachtach ag dul go Westminster.

Ar ndóigh ní bheidh ach beirt de na náisiúnaithe, Colum Eastwood agus Claire Hanna an SDLP, ag freastal ar Westminster in éineacht leis na haontachtaithe agus Stephen Farry ó Alliance toisc go bhfuil Sinn Féin meáite go leanfar lena mbaghcat.

Ina theannta sin, ó chaill Nigel Dodds i mBéal Feirste Thuaidh, an chéad uair ariamh nach raibh an suíochán ag aontachtach, agus ó threascair Claire Hanna, an SDLP, Emma Little Pengelly an DUP, i ndeisceart na cathrach níl ach suíochán amháin ag aontachtaithe i mBéal Feirste. Choinnigh Gavin Robinson a shuíochán in oirthear Bhéal Feirste le móramh laghdaithe agus in ainneoin dianiomaíochta ó Naomi Long, Alliance. Sa mhullach ar cheannas a bheith caillte ag aontachtaithe ar an gcomhairle i Halla na Cathrach agus sa tionól in Stormont, is buille síceolaíochta chomh maith le briseadh polaitiúil dóibh é an chathair, a bhí ina dún agus a daingean aontachtach tráth, a bheith caillte acu. San iomlán thit a vóta 5.4% go 30.6%.

Sa mhullach ar an mbrú sin ag baile tá siad lagaithe in Westminster. Thug Boris Johnson droim láimhe leo lena mhargadh aistarraingthe ón Aontas Eorpach ach bhí súil acu go mbeadh sé ag brath orthu chun a rialtas a choinneáil i gcumhacht. Anois níl cúis ná ábhar go mbeidís in ann tionchar a imirt ar an bPríomh-Aire ó tharla go bhfuil tromlach mór aige agus cead a chinn aige maidir le Breatimeacht.

I gcás Shinn Féin, bhí idir mhaith agus olc sna torthaí. Chaill siad Feabhal mar ar bhain ceannaire an SDLP, Colum Eastwood 57% de na vótaí in aghaidh Elisha McCallion nach bhfuair ach beagán le cois aon trian den mhéid sin. Níorbh ise an t-aon ionadaí de chuid Shinn Féin a raibh laghdú ar a vóta cé gurbh í an t-aon ionadaí a chaill a suíochán. Chuir bua John Finucane ar Nigel Dodds cuma na maitheasa ar an toradh don pháirtí ach laghdaigh a sciar den vóta in iarthar Bhéal Feirste fiú amháin. San iomlán, laghdú 6.6% a bhí i gceist go 22.8%.

Céard ba chúis le míshástacht na vótóirí? D’admhaigh gach páirtí gur chuala siad gearáin ag na doirse faoin bhfolús in Stormont agus faoin bhfaillí a bhí á déanamh dá bharr sa tseirbhís sláinte, i gcúrsaí oideachais agus sa chóras leasa shóisialaigh. Níorbh iontas ar bith é gurb iad an dá pháirtí mhóra a d’íoc as sin. I nDoire leag Colum Eastwood béim ar an bpobal a bheith gan glór sa Pharlaimint i ngeall ar neamhfhreastal Elisha McCallion Shinn Féin. Is léir go raibh éifeacht aige agus chualathas an chasaoid sin i dtoghcheantair eile ina raibh laghdú ar sciar Sinn Féin den vóta.

Thairis sin ba léir gur rith grúpaí frithBhreatimeachta feachtais aontaithe i mBéal Feirste Thuaidh agus i mBéal Feirste Theas, an dá thoghcheantar inar chaill an DUP suíocháin. Bhí vótóirí sa dá cheantar sin spréachta mar gheall ar iompar an DUP i leith an Bhreatimeachta, iad beag beann ar mhianta agus vótaí an phobail. I gceantair eile chuaigh vótaí frithBhreatimeachta ón DUP go dtí Alliance, is cosúil. Bhí méadú 9% ar a vóta siúd.

Tráth machnaimh é mar sin don DUP agus Sinn Féin a deir go dteastaíonn uathu filleadh ar Stormont ar an toirt. Tá siad araon ag iarraidh milleán a sheachaint as an bhfolús, ag fáil locht ar a chéile agus ag ceistiú cad tá ar intinn ag na páirtithe beaga a dhéanamh.

Mhaígh ionadaithe ón DUP gur iomaíocht ó aontachtaithe eile ba chúis lena gcailliúintí – agus gan aon leide go dtuigeann siad an damáiste a rinne a seasamh i dtaca leis an mBreatimeacht dóibh. Dúirt Arlene Foster go raibh an páirtí chun éisteacht leis na vótóirí. Ba mhaith sin. Chífimid Dé Luain ag na cainteanna a ghairm Julian Smith an bhfuil faoi éinne acu a bport a athrú, nó an bhfuil ciall cheannaithe acu fiú amháin.

Na Torthaí

DUP 8 suíochán (-2), 30.6% (-5.4%)

Sinn Féin 7 (-), 22.8% (-6.6%)

Alliance 1 (+1), 16.8% (+8.9%)

SDLP 2 (+2), 14.9% (+3.2%)

UUP 0 11.7% (+1.4%)

Fág freagra ar 'Aontachtaigh ag dul go Westminster ina mionlach den chéad uair le 100 bliain'

  • An Teanga Bheo

    Guth i gcéin ag caint