Aon scéal seachas drochscéal eile faoin scéalaí náisiúnta?

Tá an scéalaí náisiúnta faoi léigear ach tá tábhacht leis i gcónaí mar fhoras fiosrúcháin

Aon scéal seachas drochscéal eile faoin scéalaí náisiúnta?

Ní raibh freagra ag an scríbhneoir seo riamh ar cheist a cuireadh daoine fásta air in Inis Mór fadó.

‘Aon scéal a’at?’ a deiridís* leis an déagóir soineanta ón mórthír nach raibh ach tuiscint amháin aige ar an bhfocal ‘scéal’. Theastaigh leabhar lena léamh, a shíl sé, is é sin mura mbeadh scéal ó bhéal á inseacht ag duine fásta.

Thosaigh gach scéal dá leithéid le ‘bhí fear ann fadó’ – nó bean, nó páistí uaireanta. Ba é an ‘fadó’ an príomhfhocal draíochta a d’fhógair an scéal agus a dhúisigh samhlaíocht an éisteora.

Ba chuma cé mar a chríochnaigh scéalta na scéalaithe. Thugadar le fios go soiléir i gcónaí go raibh deireadh ráite agus go raibh sé in am ag éisteoirí óga dul chun suain.

Fiú tar éis d’oileánach cineálta a mhíniú don strainséir óg nach scéal páistiúil ach nuacht nó eolas nua de chineál éigin a bhí á iarraidh agus ‘aon scéal a’at?’ á ra, thóg sé i bhfad orm smaoineamh ar an gcineál freagra a bheadh béasach, suimiúil agus gairid. Ach ba léir an riachtanas agus an leigheas faoi dheireadh.

Is casta agus is doimhne an éiginnteacht atá ag cur as don scéalaí náisiúnta (teideal a oireann gan áibhéil don eagraíocht náisiúnta atá i dtrioblóid faoi láthair) agus dá lucht éisteachta nó féachana.

Maith dhom a léitheoir dhil nach bhfuil ainm na heagraíochta á lua anseo. Tá sé á sheachaint mar gheall ar rún daingean an scríbhneora gan iad a chur i gcló sa cholún seo trí seachtaine i ndiaidh a chéile.

Oireann ‘scéalaí náisiúnta’ mar chur síos ar an eagraíocht toisc nach bhfuil eagraíocht níos mó sa tír atá i mbun craoltóireachta nó foilsitheoireachta. Tharraing cíoradh faillí agus saint an mhionlaigh san eagraíocht sin aird níos mó ná mar a tharraing díospóireacht ar bith i dTeach Laighean le seachtain.

Léirigh ábhair eile a pléadh, áfach, tábhacht an scéalaí náisiúnta mar fhoras fiosrúcháin, ceistiúcháin agus plé maidir le hábhair chonspóideacha a tháinig chun solais roimhe seo nó a thiocfaidh amach anseo.

Seachas drochscéalta faoin scéalaí náisiúnta, seo sampla de na scéalta tábhachtacha eile a pléadh i nDáil Éireann nó i seomraí coiste an Oireachtais le seachtain:

  1. Fianaise a léiríonn ‘cúis mhór imní’ i gcuntais Bhord Rialála Rásaíocht na gCapall, a phléigh an coiste talmhaíochta;
  2. Méadú eile ar chostas tógála Ospidéal Náisiúnta na Leanaí (€1.4m +?) a phléigh an Dáil agus an coiste sláinte;
  3. Bille a thabharfaidh cead do Ghardaí ceamaraí a chaitheamh agus a úsáid, a pléadh sa Dáil;
  4. Bille a chuirfidh cosc ar agóidíocht in aghaidh an ghinmhillte gar d’ospidéil, a pléadh sa Dáil;
  5. Fianaise faoi bhás cuidithe a phléigh comhchoiste speisialta atá ag breithniú athrú reachtaíochta.

Níl sa liosta thuas ach sciar beag de na hábhair a pléadh i dTeach Laighean i rith na seachtaine. Níl tagairt ann don drochscéal déiríochta a d’inis tuairisceoir Primetime Fran McNulty ar chlár teilifíse oíche Dé Luain.

Léiríodh easaontas maidir leis an drochíde a léirigh an clár a tugadh d’ainmhithe nuair a cheistigh ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Holly Cairns an Taoiseach Dé Máirt. Dúirt Cairns go raibh dlúthbhaint ag drochíde dá leithéid leis an méadú nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar chuótaí bainne ó 2015 ar aghaidh.

Cháin an Taoiseach an drochíde a léirigh an clár, dúirt sé nár chóir an milleán a chur ar threisiú déiríochta agus mhol sé d’fheirmeoirí leas níos mó a bhaint as saineolas a laghdódh líon na laonna fireanna a bheirtear.

Ní raibh sa chomhrá Dála idir Cairns agus Varadkar ach blas den chomhrá a theastaíonn sula mbeidh tionscal na déiríochta ar bhonn inbhuanaithe agus ardchaighdeáin i bhfeidhm i ngach cuid de.

Léirigh an clár agus an cheist Dála a spreag sé tábhacht shaothar na gcraoltóirí a fhostaíonn an stáisiún is mó sa tír. Ní bheadh an tír ná ár dtuiscint uirthi, ná ar shaothar na bpolaiteoirí, folláin dá n-uireasa.

* Nó ‘Aon scéal agat?’ sa Ghaeilge chaighdeánach

Fág freagra ar 'Aon scéal seachas drochscéal eile faoin scéalaí náisiúnta?'

  • Siúlach scéalach

    Ní hionann ‘scéal’ agus ‘scéala’! ‘Aon scéala a’at?’

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘manglam’ a thugann do chomhghleacaí romhat thuas ar chogadh na mbó maol sin na gCoistí Oireachtais. Is fiú é a léamh, bainfidh sé gáire asat agus teastaíonn san go géar ar an aimsir seo. Aon ‘teachta’ go mbíonn éinní fiúntach nó fónta le rá aige cuirtear corc ann. B’fhearr go mór dóibh a gclab a dhúnadh agus bualadh abhaile dóibh féin
    (ná beidh costaisí á ‘saothrú’ acu fea’n bhealaigh?). Agus b’fhearr dár bpócaí féinig go mór leis é. An mó Coiste atá ar siúl faoi láthair…circa 30, deir sé? Gach n-aon acu ag siolpaireacht ar an gcáiníocóir bocht… leithéid an donáin sin (89) a fágadh amuigh ina charr ag éisteacht leis an gcluiche toisc nach raibh cárta baínc aige. Ní hé an easpa chárta baínc is measa ach an tarcaisne a leannann é.

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Aon scéala agat’? An fiafraí a bhí acu ach go mbíodh an ‘a’ (scéal-a) roimh ‘a’ (a-gat) gan fuaimniú. An freagra a bhíonn ag daoine áirithe coitianta air sin (ag brath ar cé aige nó aici a bhfuil an fiafraí) ná; “Níl, mhuise.” “Muna bhfuil aon cheann agat féin?” Ceist a fhreagairt le ceist.

  • Pádraig O'hEipicín

    Is fear droch scéal na scéal ar bith.

  • Cathal Mac Coille

    B’fhéidir go bhfuil an ceart ag Siúlach Scéalach agus ag jpmorleyo agus gur ‘aon scéala agat?’ seachas ‘aon scéal agat?’) bhí á rá liom i bhfírinne.
    Táim buíoch din bheirt agaibh as bhur gcomhairle.
    Is “aon scéal a’at?” a chuala mé, mar a scríobh mé sa cholún, agus míthuiscint á baint as an gceist agam ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.
    Mo leithscéal: bhí mé óg.