Anois nó riamh do Chiarraí ach deis ghlórmhar do Mhuineachán

Tá deis ag foireann Malachy O’Rourke ceann de phiardaí móra na caide a chur de dhroim seoil i gCluain Eois amárach

Anois nó riamh do Chiarraí ach deis ghlórmhar do Mhuineachán

Laoch Mhuineacháin, Conor McManus. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Pé giodam nó pé teaspach a bhí an taca seo an tseachtain seo caite orainn fé theacht na mbabhtaí i gcomórtas an tSár-Ochtair, tá sé ídithe go maith faoin dtráth seo.

Seachas taispeántais aonair agus éachtaintí beaga ar dhraíocht an chluiche ó dhornán imreoirí ar nós Brian Howard, Rory Beggan, Ruairí Donnelly agus Ian Burke, ní cluichí iad coimhlintí an deireadh seachtaine seo caite a bheidh buan.

Is léir dúinn ar fad faoin dtráth seo gur dócha go bhfuil slite níos fearr chun tús a chur leis a gcuid seo den gcraobh peile ná na babhtaí tosaigh a imirt i bPáirc a’ Chrócaigh, ainneoin mealltacht na páirce dos na himreoirí féin.

Is léir chomh maith go mbeidh lucht leanúna na caide ag roghnú agus ag toghadh a gcluichí feasta ar chuma an tomhaltóra sacair thar toinn a fhanann aige baile do chuid mhaith cluichí agus a fhreastalaíonn go dílis orthu siúd ar a bpaiste féin.

Ní heol dúinn go fóill an éireoidh le fiontar an tSár-Ochtair agus ní miste, is dócha, cead anála agus cead searrtha a thabhairt dó mar rud.

Tá a fhios againn, áfach, tar éis na gcluichí idir Shatharn is Domhnach seo caite go mbeidh Áth Cliath buan, go bhfuil an Ghaillimh meáite ar bhuachtaint ar ais nó ar éigean, go bhfuil Tír Eoghain ag téarnamh go tapaidh ó sciúrsáil na bliana seo caite agus gur dócha go bhfuil paiste de bhóthar le cur díobh i gcónaí ag Ros Comáin, ag Dún na nGall agus ag Cill Dara.

Cá bhfágann san an dá fhoireann a bheidh in adharca a chéile i gCluain Eois Dé Domhnaigh, más ea?   

Níl raibh aon easpa faobhair ar na sceana riamh ó dheas i gCiarraí agus táthar ag sceanairt go tiubh le seachtain anuas.

Ar chuma éigin, braitheann cuid de phobal na caide sa chontae gur leor san chun iad a mhúscailt as pé támáilteacht a bhí i bPáirc a’ Chrócaigh Dé Domhnaigh orthu. Deineann an tuairimíocht sin faillí iomlán, áfach, ar an ndeis ghlórmhar atá an deireadh seachtaine seo ag Muineachán.

Tá deis acu a n-áit a chinntiú i gcluiche leathcheannais na hÉireann don gcéad uair le tríocha bliain.

Tá deis acu buachtaint ar Chiarraí sa chraobh don gcéad uair. Bhí cúig cinn de chluichí craoibhe idir Ciarraí agus Muineachán ag dul siar go dtí cluiche ceannais na bliana 1930 agus ainneoin iad bheith gar go maith i 1985 agus arís in 2007 agus 2008, níor bhuail Muineachán buille maraithe na muice riamh ar Chiarraí.

Thar aon ní eile, áfach, tá deis ag foireann Malachy O’Rourke ceann de phiardaí móra na caide a chur de dhroim seoil. Tá forbairt agus dul chun cinn déanta ag an mbuíon seo le ceithre bliana anuas ach ní fhéadfaí a rá gur éirigh leo aon cheann de chontaetha móra na caide a chur fé chois sa tréimhse sin. Seo deis ná tiocfaidh go ceann tamaill arís, b’fhéidir, agus ní fhéadfaí luach a chur ar rud mar sin mar ábhar spreagtha.

An bhfuilid maith a ndóthain chun an deis a thapú?

Ná bíodh aon amhras ort ná go bhfuil.

Bhí a gcluiche le Cill Dara Dé Domhnaigh seo caite i bhfad chun cinn ar an gceann idir Ciarraí agus an Ghaillimh ó thaobh na mbunscileanna láimhseála agus pasála.

Tá triúr nó ceathrar des na himreoirí is mó atá os cionn a mbuille fágtha sa chraobh fé láthair acu – leithéidí Rory Beggan, Karl O’Connell, Darren Hughes agus Conor McManus agus thar aon ní eile, tá an sórt san cosantóra agus an sórt córais cosanta acu a chuireann Ciarraí dá mbuille ar fad.

Tuigeann Éamonn Mac Muiris go bhfuil uair na cinniúna sroichte i mbliana aige féin, ag a chriú bainistíochta agus ag na himreoirí. Ba léir san óna chuid cainte tar éis cluiche an Domhnaigh in aghaidh na Gaillimhe.

B’fhéidir go gcreideann Mac Muiris go bhfuiltear ag iarraidh cosán áirithe a leagadh amach don mbuíon imreoirí seo agus gur fada ó aibíocht iad ach, i gcead dó, tá an port seo seinnte cheana féin aige agus is deacair an chosmhuintir a shásamh na laethanta seo.

B’ait agus b’aisteach liom an tseachtain seo go gcuirfeadh CLG Chiarraí fógra nó achainí ar na meáin shóisialta ag impí ar a lucht leanúna a dtacaíocht a léiriú níos treise ná riamh an deireadh seachtaine seo i gCluain Eois. Níl aon amhras orm ná go bhfuil gá ag an uile fhoireann le tacaíocht cheart. Ní fiú bheith ag imirt cluiche pobail gan pobal agus tá a maidí ligthe le sruth ábhar ag cuid de lucht leanúna Chiarraí.

Thaibhseofaí dhuit, áfach, ó fhógra na seachtaine seo ó Bhord an Chontae go bhfuil am an ghátair sroichte agus go bhfuil toise den ‘anois nó riamh’ ag baint leis an gcúram go léir.     

Creidim gur féidir le Ciarraí an roth a chasadh agus le beagán misnigh is teanntáis, is féidir leo síneadh a chur le biaiste na bliana 2018. Tá sé déanta cheana acu agus tá sé iontu gaisce ar leith a dhéanamh nuair is mó atáthar ina ghátar.

Uaireanta, áfach, caithfear bheith dílis don bhfianaise atá lom díreach os do chomhair amach agus sa chás san, is fé Mhuineachán atá.

Fág freagra ar 'Anois nó riamh do Chiarraí ach deis ghlórmhar do Mhuineachán'