‘And why didn’t the cow have a calf?’ a d’fhiafraigh bean na Roinne Talmhaíochta go treallúsach díom

Tá an laghdú ar dheontais talmhaíochta de bharr píosaí sléibhe a bheith loiscthe ar an sampla is measa den easpa ceangail idir lucht riaracháin agus an dream ‘ar an talamh’

‘And why didn’t the cow have a calf?’ a d’fhiafraigh bean na Roinne Talmhaíochta go treallúsach díom

Tuige nach raibh lao ag an mbó?  B’in í an cheist a chuir bean na Roinne Talmhaíochta.  ‘And why didn’t the cow have a calf?’ a d’fhiafraigh sí go maith treallúsach.  Níor airigh mé a leithéid de cheist riamh roimhe sin.  Ach, cén mhaith a bheith achrannach, chuaigh mé i mbun an chomhrá ar bhealach eile.

‘By the way, I’d say you’re not from a farming background,’ a deir mé féin. 

Níorbh ea, a deir sí, ach murab ea féin bheadh sí in ann láimhsiú a dhéanamh ar ábhar mar seo.

Cás a bhí ann faoin líon beostoc a theastaigh in aghaidh na bliana.  Bhí mo chás curtha i  láthair agam féin ach bhí orm an tréidlia, Muiris Ó Scannaill, a chur chun cainte léi.  Mhínigh Muiris don bhean nach bhféadfaí cás mar seo a mhíniú agus bhí scaitheamh maith caite aige féin ag plé le beithígh agus le heallach.  Ní raibh lao ag an mbó – tarlaíonn sé.

Creid é nó ná creid ach chonaic mé a leithéid ag tarlú.

Bhuel, ní féidir duine a lochtú faoina easpa tuisceana ar bheithígh agus ar laonna.  Go deimhin, tá sé sa saol go láidir anois go bhfuil daoine, nach bhfuil tuiscint dá laghad acu ar chúrsaí praiticiúla na feilméarachta, ná na hiascaireachta, ná tuilleadh, ag leagan rialacha síos.   Ní hé amháin go bhfuileadar i mBaile Átha Cliath ach tádar sa mBruiséil freisin agus sin é a chuir an ‘hata tin’ ar an scéal uilig.   

Tá an laghdú, agus an stop iomlán scaití, ar dheontais talmhaíochta de bharr píosaí sléibhe a bheith loiscthe ar an sampla is measa den easpa ceangail idir lucht riaracháin agus an dream ‘ar an talamh’.   Baineann an pionós seo go mór mhór le talamh coimín – an sliabh.

Má tharlaíonn sé anois go gcuirtear an sliabh thrí thine agus go lastar píosa den chriathrach, rachaidh an Roinn Talmhaíochta ag fiach ar dheontas na bhfeilméaraí agus beidh siad ag gearradh siar agus ag gearradh amach deontais.

Déanadh muid beagán smaoinimh air seo.  Is cuid den fheilm é an coimín sléibhe ag daoine i mbailte fearainn go leor, go háirithe ar chóstaí an iarthair. Go hiondúil bíonn beagán talamh bán acu in aice an tí agus ligtear an stoc ar an sliabh freisin.  Ní bhainfidís greim ná ceart amach go brách ar an ruainne talamh bán i gcaitheamh na bliana uile.  Seo feilméaracht sléibhe thraidisiúnta.  Tá bealach saoil agus oidhreacht na háite ag baint leis.  Go deimhin, áiríonn lucht na Bruiséile an chuid is mó den choimín sléibhe seo mar cheantar speisialta caomhnaithe. 

Tugtar roinnt deontas le cois d’fheilméaraí atá “caomhnaithe”.  Ní mórán é.  Go deimhin, tá na feilméaraí tréana soir faoin tír ag fáil cuid mhaith níos mó in aghaidh an acra faoin gcóras deontais. Déantar beagán den sliabh sa gcóras.  Ach fágaimis an taobh sin den scéal.

De bharr nádúr an tsléibhe bíonn baol ann i gcónaí go dtarlóidh dóiteán.  Níl an baol sin thoir i bpáirceanna Bhaile Átha an Rí ná ar Mhachaire Méith na Mumhan.  Ní lasfaidh talamh glas.  San am céanna tá feilméaracht dhlisteanach ar bun ag bean agus fear an tsléibhe.  Déarfadh daoine áirithe nach fiú trácht ar an bhfeilméaracht sin.  Ach, is cuid é den ghluaiseacht talmhaíochta náisiúnta.  Níl ceird ná gairm ná slí mhaireachtála nach bhfuil na maithe móra agus na maithe beaga ann – an iriseoireacht féin mar shampla!  Cuidíonn na daoine atá gníomhach,  ag pé ar bith leibhéal é, leis an iomlánú ar an obair. 

I gcás na feilméarachta, tá stádas agus tábhacht ar leith le lucht an tsléibhe freisin ó thaobh na timpeallachta de: sin é atá tugtha síos go láidir sa mBruiséil.  Thar cionn, a deir tú.

Ach lastar dóiteáin go mailíseach, le díth céille nó thrí thimpiste ar an gcriathrach agus tá an t-úinéir talún, nó an dream atá faoin gcoimín, thíos leis.  Ní gá go raibh baint ná páirt ná eolas acusan faoinar tharla.  Gearrfar an deontas nó stopfar é.  Tá sé ag tarlú.

Is deacair a rá nach raibh na daoine a cheap amach an plean agus an pionós seo ina gcuid oifigí chomh haineolach ar chúrsaí na tíre agus na talún agus a bhí an bhean a d’fhiafraigh cén fáth nach raibh lao ag an mbó. 

Sa chás go lastar an sliabh, nach mbeidh ar an bhfeilméara atá ag brath ar a chuid beithíoch, caoirigh agus pé beostoc eile a choinneáil agus a bheathú ar feadh na bliana ar aon nós?  Beidh costas trom beatha málaí agus ceannach féir nó sadhlais air.  Ní hiondúil go mbíonn mórán féir ná sadhlais dá gcuid féin ag feilméaraí sléibhe.  Féach mar sin féin, sa mbliain is measa a mbeidh sé buailte, go ngearrfar nó go stopfar na deontais talmhaíochta air cé nach mbíonn lámh ná páirt ar bith ag na feilméaraí i bhformhór na ndóiteán seo. 

Is cosúil go gcreideann an lucht riaracháin gur cheart do na feilméaraí breathnú amach don choimín agus dóiteáin a mhúchadh.  Ceist, cén chaoi a mbreathnófaí amach do chúpla míle acra de choimín sléibhe de lá agus d’oíche?  Fiú agus má thugtar dóiteán faoi deara luath go maith féin, cén chaoi a bhfuil feilméaraí agus a gcomharsana in ann é a cheansú má bheireann sé ar aiteann, ar fhraoch agus ar fhiataíl?  Go deimhin, is minic gurb é cur chuige lucht na briogáide dóiteáin ná ligean leis na lasracha amuigh ar an sliabh agus maoin agus tithe a chosaint – agus thuigfeá dóibh.

Freagra an stáit – na deontais a laghdú nó a ghearradh ar fad. Is deacra brí agus bunús a fháil air sin ná ar an gceist a chuir bean na Roinne:  ‘Tuige nach raibh lao ag an mbó?’

Fág freagra ar '‘And why didn’t the cow have a calf?’ a d’fhiafraigh bean na Roinne Talmhaíochta go treallúsach díom'

  • Feardorcha

    Tá a fhios ag an saol is a mháthair cé a bhíonn ag loisceadh sléibhe agus caith uait do ‘go mailíseach nó trí thionóisc’. Tugadh na blianta fada d’fheirmeoirí ciall a bheith acu agus stopadh ag cur meaits leis an gcnoc ach is léir gur mheas buachaillí an iarthair iad féin a bheith róghlic d’aineolaithe Bhleá Cliath agus na Bruiséile.
    Níor oibrigh an cairéad is léir, b’fhéidir go bhfuil sé in am an bata a imirt orthu!

  • Máirtín Ó Catháin

    Feardorcha- Níl a fhios ag an saol agus ag a mháthair cé bhíonn ag loscadh sléibhe. Ba mhór an mhaith é dá mbeadh an t-eolas sin ar fáil. Bhfearr fós é dá mbeadh cruthúnas ar.
    De réir scéil – agus eolas na tuaithe – tárlaíonn dóiteáin sléibhe ar bhealaí éagsúla: toitíní caite as carr; daoine a dhéanann é le haghaidh an “chraic”, cé nach craic é; no, uair sa gcéad, d’fhéadfadh dódh teoranta (aitinn mar shampla) imeacht ó smacht de thimpiste. Is cosúil go bhfuil daoine ann freisin a bhfuil ‘galar an dóiteáin’ orthu, pé ar bith cúis atá leis sin. Ach is annamh gur feilméaraí cuid ar bith acu sin; ní bheadh ciall leis mar a tá a fhios ag duine ar bith a bhfuil tuiscint aige ar fheilméireacht sléibhe.
    Ach de réir an leagan amach atá sa mBruiséal agus i mBaile Átha Cliath is ar na feilméaraí a buailtear an pionós.
    Glacaim leis go bhfuil tuiscint ag Feardorcha ar an gcaoi a ndéantar láimhsiú ar chúrsaí agus ar theidil coimín. Fág as an ‘gliceas’ a bhuachaill freisin; ní bhaineann sé leis an gceist beag ná mór.

    Máirtín Ó Catháin.

  • Feardorcha

    Ní thuigim do chaint a Mháirtín, nach bhfuil seantaithí na mblianta ag feirmeoirí beaga ar na cnoic a dhó? Bhí sé sin go maith agus ní raibh go holc go dtí gur bheartaigh na hEorpaigh “caomhnú” a dhéanamh ar an aitinn, mar a deir tú.

  • Máirtín Ó Catháin

    Feardorcha – Silim gur bhfearr duit gan bacadh leis an ábhar seo mar is léir go bhfuil tú dáll air.
    Níl caomhnú déanta ar aiteann agus níor dhúirt mé go raibh. D’fhéadfadh sé – agus bíonn go minic – aiteann ar thalamh caomhnaíthe. Bíonn aiteann ar thalamh nach bhfuil caomhnaíthe freisin.
    Bhíodh feilméaraí i gcónaí ag déanamh roint loscadh ach, go hiondúil, ba loscadh teoranta a bheadh ann. Is minicí ná a mhalairt gur in aice an tígh ar an bhfeilm a thárlaíodh sin. Rud eile uilig é an loscadh mór sléibhe. Bhíodh formhór na bhfeilméaraí sléibhe bioránach i gcónaí – i bhfad sul ar tháinig an caomhnú sa bhfaisiún – faoin gcineál seo loscadh. D’fhág sé beostoc ar an n-gannchuid ar feadh píosa mór den bhliain. Toradh uafásach eile a bheadh ar scaittí ná go maraití, no go gcuirtí drochbhail ar chaoire, mar shampla. Go deimhin, théadh na feilméaraí agus a gclann mhac amach ag iarraidh na dóiteáin seo a cheannsú agus chaithfidis oíche agus lá ar an sliabh dá dhéanamh sin – dá gcur féin i gcontúirt scaittí.
    Mar adeir tú féin le is na “buachaillí” in do chuid míreanna anseo – maith an buachaill thú féin agus coinnigh leis na firicí.

  • Feardorcha

    Shílfeá gur leor an nod na comharthaí athfhriotail a Mháirtín, is léir go bhfuil daille agus daille ann….
    Maidir leis an loisceadh is maith liom anois go n-admhaíonn tú go mbíodh sé sin ar siúl i gcónaí ag na feirmeoirí. Nach bhfuil ciall leis chun an talamh a ghlanadh agus an féar a spreagadh. Ní cuimhin liomsa é a bheith chomh teoranta sin áfach, ach cannaí móra peitril á scaipeadh ar an gcnoc.