Tá sé i gceist agam breathnú sa dara cuid den anailís ar na haoisghrúpaí eile le fáil amach céard a tharlaíonn nuair a bhogann daoine óga ón mbunscoil go dtí an mheánscoil agus ón mheánscoil go dtí an coláiste nó cineál éigin eile saoil iarscoile. Is féidir é seo a dhéanamh trí na figiúirí maidir le haoisghrúpa amháin sa bhliain 2011 a leanúint go dtí 2016 agus iad sa chéad aoisghrúpa eile.
Mar shampla na gasúir a bhí san aoisghrúpa 5-9 bl. i nDaonáireamh 2011, is iad an grúpa céanna gasúr a bhí san aoisghrúpa 10 – 14 bl. i nDaonáireamh 2016. An cheist: an bhfuil níos mó acu nó níos lú acu ina gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais anois go bhfuil siad cúig bliana níos sine? Níl le déanamh ach breathnú ar an líon cainteoirí laethúla sa dara colún (2011) i dTábla 3 thíos agus iad idir 5 – 9 bl. agus ansin iad a leanúint fiarthrasna isteach sa tríú colún (2016) agus iad 10 – 14 bl.
Bhí 5,637 páiste san aoisghrúpa 5 – 9 mbliana ina gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais in 2011 ach cúig bliana níos deireanaí, agus an grúpa ceannann céanna anois san aoisghrúpa 10 -14 bliain, bhí an líon cainteoirí laethúla tite go 4,678, laghdú de bheagnach 1,000.
Tarlaíonn laghdú chomh maith nuair a bhogann daltaí isteach sna déaga, mar a léiríonn an tábla. Bhí 4,508 ag Gaeilgeoireacht go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais agus iad san aoisghrúpa 10 – 14 bliain in 2011. Nuair a bhogtar ar aghaidh cúig bliana eile tá an líon a úsáideann Gaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais tite go 3,981 in 2016, laghdú de bhreis is 500.
Tábla 3: Líon (Céatadán) na gCainteoirí Laethúla Taobh Amuigh den Chóras Oideachais lasmuigh den Ghaeltacht
Céard a tharlaíonn nuair a fhágann daoine óga aoisghrúpa na hiarbhunscoile? In 2011 bhí 4,117 déagóir san aoisghrúpa 15 – 19 bliain ina gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais. Cúig bliana níos deireanaí agus an grúpa céanna bogtha ar aghaidh go dtí an coláiste nó isteach sa bhfórsa oibre tá siad anois san aoisghrúpa 20-24 bliain agus líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais tite go dtí 3,067, laghdú de bheagán le cois 1,000.
Bheadh baint ag imirce le cuid den laghdú sin ach tá laghdú sa chéatadán chomh maith ó 1.5% i measc an aoisghrúpa 15 – 19bl in 2011 go dtí 1.1% don aoisghrúpa 20 – 24bl in 2016.
Creimeadh Teanga sa Ghaeltacht
Má dhéantar an anailís chéanna don Ghaeltacht Oifigiúil, is léir ó thorthaí an tábla thíos creimeadh teanga, idir 2011 agus 2016, thar a bheith suntasach sa Ghaeltacht.
Tábla 4. Líon (Céatadán) na gCainteoirí Laethúla TACO sa Ghaeltacht Oifigiúil
Ní nach ionadh tá céatadán na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais ag laghdú sa Ghaeltacht de réir mar a théann daoine in aois go dtí an aoisghrúpa 35 – 39bl. Ní cúis iontais é sin. Ach an oiread leis an gcuid eile den tír, tá laghdú an-suntasach idir na daoine ag aois bhunscoile agus daoine ag aois iarbhunscoile agus tá laghdú an-mhór idir aoisghrúpa na hiarbhunscoile (15 – 19 bl) agus an dream a bhfuil an scoil fágtha acu (20 – 24 bl).
Sa Ghaeltacht oifigiúil in 2011 bhí 1,465 páiste san aoisghrúpa 5 – 9 mbliana ina gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais, mar atá le feiceáil sa dara colún (2011) i dTábla 4. Cúig bliana níos deireanaí agus an grúpa céanna cúig bliana níos sine agus anois san aoisghrúpa 10 -14 bliain, ní raibh ach 1,213 acu ina gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais, mar atá le feiceáil sa tríú colún (2016). Sin laghdú de 252 nó 17%.
In 2011 bhí 1,354 déagóir san aoisghrúpa 15 – 19 bliain ina gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais ach cúig bliana níos deireanaí agus an grúpa céanna bogtha ar aghaidh sa saol agus iad anois san aoisghrúpa 20 -24 bliain anois, bhí an líon cainteoirí laethúla tite go 887, laghdú de 467 duine, nó 33%, Ar ndóigh, bheadh ar chuid mhaith den aoisghrúpa sin bogadh amach as an nGaeltacht le dul ar choláiste nó le post a fháil. Ach tá laghdú an-suntasach sa chéatadán cainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais chomh maith – ó 20.3% san aoisghrúpa 15 – 19 bliain in 2011 go dtí 17.2% san aoisghrúpa 20 -24 bliain in 2016.
Conclúid
Nil mórán ábhar dóchais sna figiúirí daonáirimh a foilsíodh le gairid, Níl aon fhianaise ann i gcás aon aoisghrúpa go bhfuil úsáid na Gaeilge ag déanamh aon dul chun cinn sa Ghaeltacht ná taobh amuigh den Ghaeltacht in ainneoin an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus in ainneoin iarrachtaí na n-eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is a mhalairt atá tarlaithe. Tá ag teip ar an Straitéis go dtí seo.
Go ginearálta tá líon agus céatadán na ndaoine a úsáideann Gaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais – cainteoirí gníomhacha laethúla, mar is maith liom a thabhairt orthu – ag laghdú taobh amuigh den Ghaeltacht de réir mar a théann daoine in aois. Mar a léiríodh thuas, bhí laghdú suntasach i gceist idir daoine in aois na bunscoile agus daoine in aois na hiarbhunscoile, ach tá laghdú an-mhór ar fad ar líon agus ar chéatadán na gcainteoirí i measc aoisghrúpa na hiarbhunscoile in 2011 agus an grúpa 20 – 24 bliain in 2016.
CUID a hAON DEN ANAILÍS: Cé mhéad gasúr réamhscoile a labhraíonn Gaeilge?
Taobh amuigh den Ghaeltacht níl ach 1.2% den phobal ag maíomh go n-úsáideann siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Tá na figiúirí níos airde sna haoisghrúpaí scoile, idir lucht bunscoile agus lucht iarbhunscoile. Ach chomh luath is a fhágann daoine an córas scolaíochta éiríonn sciar mór díobh as úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil. Cé go n-ardaíonn líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge de bheagán do dhaoine meánaosta, tá titim arís go dtí thart ar 1% do dhaoine atá os cionn 50 bliain d’aois.
Sa nGaeltacht oifigiúil, tá an creimeadh teanga an-láidir i measc na ndéagóirí mar a bheifeá ag súil leis. Bhí 21.5% den aoisghrúpa 10 – 14 bliain ina gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais in 2011. Agus iad cúig bliana níos sine agus iad san aoisghrúpa 15 – 19 bliain in 2016, ní raibh ach 17.8% acu fós ag maíomh gur cainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais iad. Nuair a bhogann siad ar aghaidh ón scoil, titeann an sciar arís de bheagán go dtí 17.2%.
Ní léir ó na torthaí daonáirimh go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag dul i bhfeidhm ar aon aoisghrúpa sa Ghaeltacht ná taobh amuigh den Ghaeltacht. Nuair a éiríonn daoine óga as úsáid na Gaeilge agus iad sna déaga, níl aon fhianaise san anailís seo a thabharfadh le fios go bhfilleann mórán acu ar an nGaeilge ina dhiaidh sin agus iad níos sine. Níl mórán cainteoirí gníomhacha Gaeilge in aon aoisghrúpa taobh amuigh den Ghaeltacht agus maidir leis an nGaeltacht féin tá fianaise sna torthaí daonáirimh go bhfuil creimeadh teanga an-láidir ar bun i gach aoisghrúpa sa Ghaeltacht, go háirithe mar a théann daoine in aois.
Fág freagra ar 'ANAILÍS: Céard a tharlaíonn do ‘labhairt na Gaeilge’ de réir mar a théann lucht a labhartha in aois?'