ANAILÍS: Cé mhéad gasúr réamhscoile a labhraíonn Gaeilge?

Céard atá ag tarlú i measc na n-aoisghrúpaí éagsúla maidir le húsáid na Gaeilge? Sa chéad chuid den saothar anailíse seo féachtar ar na figiúirí daonáirimh maidir le gasúir san aoisghrúpa réamhscoile, a bhí idir 3-4 bliana d’aois in 2016

ANAILÍS: Cé mhéad gasúr réamhscoile a labhraíonn Gaeilge?

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil úsáid laethúil na Gaeilge ag dul ar gcúl in ainneoin na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge. Seo an chéad daonáireamh ó 1946 ina raibh laghdú  á thuairisciú sa líon daoine sa stát a thug le fios gur cainteoirí  Gaeilge iad. Ní mórán de laghdú atá ann agus ní dóigh liom go bhfuil sé suntasach. Ach tá laghdú suntasach tarlaithe i líon na ndaoine a deir go n-úsáideann siad an Ghaeilge go laethúil, taobh amuigh den chóras oideachais – ó 77,185 in 2011 go 73,803 in 2016. Faoin Straitéis 20 Bliain bhí an figiúr ceaptha a bheith ag  ardú seachas a bheith ag ísliú. Leis an sprioc de 250,000 cainteoir laethúil taobh amuigh den chóras oideachais , faoin mbliain 2031, theastódh go mbeadh an figiúr os cionn 100,000 i nDaonáireamh 2016.

Tábla 1. Daoine le Gaeilge sa stát, a úsáideann í go laethúil agus go seachtainiúil (taobh amuigh den córas oideachais):

Foinse: Donncha Ó hÉallaithe ó thorthaí Dhaonáireamh 2016, foilsithe ag an CSO

Ní tomhas rómhaith ar staid na Gaeilge mar theanga bheo an líon a thuairiscítear sa Daonáireamh Gaeilge a bheith acu. Níl ach thart ar dhuine as deichniúr de na daoine a mhaíonn go bhfuil  an teanga acu, a úsáideann í go rialta,  is é sin ar a laghad uair sa tseachtain taobh amuigh den chóras oideachais. An ceathrú cuid de na daoine le Gaeilge – 24% le bheith cruinn faoi – ní úsáideann siad an teanga riamh, dar leo féin.

Tomhas ar úsáid na Gaeilge sa Teaghlach

Tá muid in ann a dhéanamh amach ón Daonáireamh cén líon teaghlach ina bhfuil an Pholainnis agus teangacha eachtrannacha eile á n-úsáid, mar go gcuirtear ceist  sa daonáireamh an bhfuil aon teanga eile seachas Béarla agus Gaeilge á úsáid sa teaghlach.  Do réir Dhaonáireamh 2016, tá 135,895 cainteoir Polainnise ag úsáid a dteanga dhúchais mar theanga bhaile, imithe suas ó 119,526  in 2011.

Ach faraor níl an t-eolas sin le fáil faoin nGaeilge mar nach gcuirtear an cheist! Ach tá sonraí againn ón daonáireamh a thabharfadh tomhas garbh dúinn ar líon agus sciar na dteaghlach le gasúir réamhscoile ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid mar theanga bhaile iontu, is é sin líon na ngasúr réamh-bhunscoile (3-4 bl.) a bhfuil Gaeilge á húsáid acu go laethúil  taobh amuigh den chóras oideachais.  Ach tochailt a dhéanamh sna figiúirí a eisíodh Déardaoin seo caite,  dealraíonn sé go bhfuil 12.4% de pháistí idir trí agus ceithre bliana d’aois ábalta Gaeilge a labhairt. Is mór an méid é sin, ach nuair a chuirtear san áireamh an líon a bhféadfaí a rá fúthu go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, níl fágtha ach 1.4%. 19% de ghasúir idir trí agus ceithre bliana d’aois sa Ghaeltacht a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil agus 1% atá i gceist taobh amuigh den Ghaeltacht, mar a léiríonn an tábla thíos.

Tábla 2. Cainteoirí Laethúla Taobh Amuigh den Chóras Oideachais, 3- 4 bhliain d’aois

Foinse: Donncha Ó hÉallaithe ó torthaí Dhaonáireamh 2016, foilsithe ag an CSO

Is féidir cuid den titim sa Ghaeltacht a mhíniú mar gur thit an líon gasúir san aoisghrúpa 3-4 bliana ann ó 2,801 in 2011 go 2,641 in 2016. Ní mhíníonn sé sin an scéal ar fad mar tá an céatadán tite ó 21% go 19%.

Sa bhliain 2011 a cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge gan aon cheo eile a chur ina háit. B’fhiú €200 ag an am don teaghlach a raibh Gaeilge líofa ag na gasúir an scéim.  Ba aitheantas é do na teaghlaigh sa Ghaeltacht a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge.  Ar ndóigh ní féidir a rá le haon chinnteacht gurb é cinneadh an rialtais deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge is cúis leis an titim atá tarlaithe i gcéatadán na ngasúr Gaeltachta a bhfuil Gaeilge á húsáid acu taobh amuigh den chóras oideachais. Is cinnte, áfach, nár chabhraigh an cinneadh sin le buanú na Gaeilge mar theanga theaghlaigh sa Ghaeltacht.

Is ceart a rá go gciallaíonn an Ghaeltacht san anailís seo an Ghaeltacht oifigiúil. Clúdaíonn an Ghaeltacht oifigiúil go leor ceantar ina bhfuil an Ghaeilge imithe i léig le fada mar theanga phobail. Clúdaíonn sé cuid mhaith eastáit tithíochta i gCathair na Gaillimhe chomh maith. Tá 16% – duine as gach seisear – de na páistí óga réamhscoile (3-4bhl) sa Ghaeltacht oifigiúil ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe. Ní úsáideann ach 2% acu an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Cuireann líon na dtithe i gCathair na Gaillimhe atá sa Ghaeltacht oifigiúil, na staitisticí do na ceantair láidre Ghaeltachta go mór as a riocht.


ANAILÍS: Céard a tharlaíonn do ‘labhairt na Gaeilge’ de réir mar a théann lucht a labhartha in aois?


Fág freagra ar 'ANAILÍS: Cé mhéad gasúr réamhscoile a labhraíonn Gaeilge?'