An UVF agus sléacht Bhaile Uí Mhurchú – macántacht nó mioscais?

Agus coiste cróinéara le tosú faoi Shléacht Bhaile Uí Mhurchú i mí Mheán Fómhair tá cor nua ar fad curtha sa scéal agus seanfhondúirí ón UVF ag maíomh gur mharaigh fear gunna dá gcuid roinnt den deichniúr

An UVF agus sléacht Bhaile Uí Mhurchú – macántacht nó mioscais?

Pictiúr: Photocall Ireland

Tá sé ag druidim le leathchéad bliain ó maraíodh deichniúr sibhialtach in aon deireadh seachtaine amháin in eachtraí lámhaigh ar a dtugtar Sléacht Bhaile Uí Mhurchú. Lámhachadh deichniúr, ina measc bean a raibh ochtar páistí aici, sagart agus fear a fuair bás de bharr taom croí tar éis achrainn le saighdiúirí. Cuireadh an milleán riamh ar pharatrúpaí Arm na Breataine a bhí gníomhach i mBaile Uí Mhurchú ar feadh trí lá le linn na corraíola a lean imtheorannú gan triail i mí Lúnasa 1971.

Tá daoine muinteartha na marbh ag éileamh ionchoisne le fada. Anois agus coiste cróinéara le tosú i mí Mheán Fómhair tá cor nua ar fad curtha sa scéal. Tá buíon seanfhondúirí ón UVF ag maíomh go raibh fear gunna dá gcuid ag scaoileadh le daoine sa cheantar agus gurb eisean a mharaigh roinnt den deichniúr. Déanfaidh dlíodóirí na buíne teagmháil leis an gCróinéir gan mhoill, chun a bhfianaise a sholáthar dó, is cosúil. Tabharfaidh siad faisnéis faoin bhfear gunna agus faoin ngunna a bhí á úsáid aige agus iad ag maíomh go léireodh scrúdú balaistíochta ar an ngunna a ról, a deirtear.

Bhain an fógra croitheadh as muintir Bhaile Uí Mhurchú. Agus as daoine nach iad. Ní hiontas go dtí é. Liosta le háireamh iad na ceisteanna a bhaineann leis. Cad is cúis leis? Cén cuspóir atá leis? Cén tionchar a bheidh aige ar an ionchoisne? An dtiocfaidh sé salach ar fheachtas mhuintir Bhaile Uí Mhurchú – agus an é sin a aidhm, mar a mheasann cuid den lucht feachtais? An bhfuil sé beagán róthráthúil ceithre mhí roimh an gcoiste cróinéara a ceileadh ar na híobartaigh le blianta fada?

Níor chualathas smid faoin bhfear gunna seo ‘an naoscaire’ mar a thugann an UVF air go dtí anois. Cluineadh ráflaí go raibh dílseoir ag scaoileadh ach b’in an méid. Ní bhíodh drogall ar an UVF a bheith ag déanamh gaisce as náisiúnaithe a mharú. Chreid siad go raibh a lucht leanúna bródúil as a gcuid ionsaithe ar Chaitlicigh. Ach níor eisigh siad ráiteas ag an am – le linn na dtrí lá de thrioblóid nuair a maraíodh an deichniúr. Thairis sin is iomaí uair le seacht mbliana agus ceathracha a bhféadfaidís a rá go raibh baint acu leis an sléacht. Cén fáth anois?

Cúis dhearfach dar lena lucht tacaíochta. “Creidim go dteastaíonn uathu cuidiú le soiléire a aimsiú,” arsa Billy Hutchinson ceannaire an PUP, eite pholaitiúil an UVF. Ní fhéadfadh Hutchinson a shoiléiriú cérbh é an fear gunna nó an bhfuil sé fós beo. Dúirt sé áfach go raibh sé in ann a dhearbhú go raibh an scéal iontaofa, gur bhuíon de sheanfhondúirí an UVF iad na fir atá ag déanamh na líomhaintí agus gur bhuail sé lena ndlíodóirí.

Dúirt Hutchinson freisin gur chéim fhorásach, thromchúiseach ón UVF í seo agus gur cheart don IRA déanamh amhlaidh agus a insint don Chróinéir céard a bhí ar bun acu le linn na heachtra. “Má tá an t-eolas atá agamsa cruinn,” arsa Hutchinson, “bhí trí dhream gníomhach san eachtra seo – an UVF, Arm na Breataine agus an IRA”. Cor suntasach i dtaca le hoidhreacht na dTrioblóidí a bheadh ann, dar leis, an UVF agus an IRA a bheith ag soláthar eolais.

Ar ndóigh tá sé doshéanta gur cheart do gach dream a bhí freagrach as foréigean eolas a sholáthar. Dá mbeadh an saol gan locht, d’fhéadfaí talamh slán a dhéanamh de go n-inseodh gach dream paraimíleatach, idir phoblachtánaithe, dhílseoirí agus fórsaí an stáit lomchlár na fírinne faoi gach eachtra. Ní fhágfaí fúthu féin é rogha a dhéanamh faoi cé na heachtraí a n-inseodh siad fúthu nó cé mhéad a d’inseoidís.

An ar mhaithe le fírinne atá an idirghabháil seo á déanamh ag an UVF? Nó, mar a cheapann gaolta na marbh, ar nós John Teggart ar maraíodh a athair, an iarracht atá ann chun amhras a chothú? Bhí imní air gurb é cuspóir na buíne a theacht salach ar fheachtas na n-íobartach chun iachall a chur ar Arm na Breataine freagracht a ghlacadh as a iompar. ‘Níl na paraimíleataigh seo ag iarraidh cuidiú leis na teaghlaigh,’ a dúirt Teggart ‘shilfeá gurb é a rún aird a bhaint den aidhm s’againne’. ’Sí an aidhm sin a chinntiú go ndéanfaidh Roinn Cosanta na Breataine (an MOD) a dualgas agus go n-aimseoidh sí na saighdiúirí a bhí ag scaoileadh i mBaile Uí Mhurchú. Tá cuid de na saighdiúirí aitheanta agus ainmnithe ach níl a bhformhór agus maíonn an feachtas gur moilleadóireacht atá ar siúl ag an MOD.

Bhí a ndlíodóir Pádraig Ó Muirigh amhrasach faoin gcor nua. Dúirt sé gur cheart fianaise a thabhairt ar láimh don Chróinéir agus go mbeadh deis ag na teaghlaigh í a scrúdú. ’Sí faillí an MOD an chonstaic is mó atá le sárú dar leis.

Ní fháiltíonn gaolta roimh rud ar bith a chuirfeadh an feachtas dá threo. Tá siad imníoch chomh maith go gcothódh idirghabháil an UVF amhras a a thiocfadh salach ar a n-iarracht chun freagracht a leagan ar na saighdiúirí. Seans go bhfaighfear soiléiriú ar a bhfuil ar siúl ag an UVF nuair a bheidh réamhéisteacht ag an gCróinéir roimh dheireadh na míosa seo. Is mó na ceisteanna ná na freagraí againn faoi láthair.

Fág freagra ar 'An UVF agus sléacht Bhaile Uí Mhurchú – macántacht nó mioscais?'