An tOireachtas ‘ag obair le saineolaithe’ leis na bagairtí a bhaineann leis an AI don Chomórtas Liteartha a aithint

Níl aon treoir ná riail tugtha ag Oireachtas na Gaeilge d’iomaitheoirí na gcomórtas maidir le húsáid na hintleachta saorga

An tOireachtas ‘ag obair le saineolaithe’ leis na bagairtí a bhaineann leis an AI don Chomórtas Liteartha a aithint

Tá Oireachtas na Gaeilge “ag obair le saineolaithe” leis na bagairtí a bhaineann leis an intleacht shaorga do Chomórtais Liteartha an Oireachtais a aithint. D’fhéadfaí a mhaíomh gurb é seo an chéad bhabhta comórtas ó tháinig an intleacht shaorga ghiniúnach in inmhe, cé go raibh cumas éigin ag leithéidí ChatGPT anuraidh téacs i nGaeilge a ghiniúint.

Chuir Tuairisc sraith ceisteanna ar Cheannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonncha, faoi na beartais atá i bhfeidhm ag Oireachtas na Gaeilge le dul i ngleic leis na dúshláin nua atá roimh lucht eagraithe an chomórtais agus na moltóirí ó tháinig ann do na samhailtí móra teanga atá in ann aistí, gearrscéalta, agus fiú úrscéalta Gaeilge ghiniúint.

Cé nach ndúirt Nic Dhonncha le Tuairisc go raibh beartais ar leith i bhfeidhm ag an Oireachtas maidir leis an intleacht shaorga a bheith á húsáid ag iomaitheoirí agus moltóirí na gcomórtas, dúirt sí go raibh an eagraíocht “ag obair le saineolaithe” leis na “deiseanna agus bagairtí” a aithint.

“Tá an tOireachtas ag obair le saineolaithe Intleachta Saorga chun deiseanna agus bagairtí d’obair na heagraíochta a aithint. Tá na Comórtais Liteartha agus tionscadail uile na heagraíochta á n-áireamh againn, chun an eagraíocht féin chomh maith leis an bpobal ar a bhfuilimid ag freastal, a chosaint ach freisin chun go mbeimid eolach ar na tairbhí iontacha atá ag baint leis an Intleacht Shaorga do thodhchaí an Oireachtais, do mhodhanna oibre na foirne agus iliomad gnéithe eile,” a dúirt sí.

D’fhiafraigh Tuairisc go sonrach de lucht an Oireachtas an raibh polasaithe sainiúla i bhfeidhm ag an eagraíocht maidir le hiontrálacha a scríobhtar leis an intleacht shaorga; maidir leis an úsáid a d’fhéadfadh moltóirí na gcomórtas a bhaint as an teicneolaíocht nua agus iad i mbun moltóireachta; agus faoi na bealaí atá ag an Oireachtas le saothair a mheas le fáil amach cé acu ar scríobhadh nó nár scríobhadh leis an intleacht shaorga iad.

Níor tugadh freagraí díreacha ar na ceisteanna sin agus níor luadh aon treoir oifigiúil a bheith ag Oireachtas na Gaeilge d’iomaitheoirí agus do mholtóirí na gComórtas. Mar sin féin, luaitear sna rialacha ar shuíomh an Oireachtais go gcaithfidh “gach iarracht a iontrálfar a bheith ina saothar úrnua, bona fide de chuid an iomaitheora”.

Tá rialacha sonracha i bhfeidhm a chuireann toirmeasc ar úsáid na hintleachta saorga i gcomórtais eile liteartha atá á reáchtáil in Éirinn i mbliana. Sna treoracha atá tugtha ag lucht an chomórtais Béarla, Frazzled Lit deirtear “Ní gá é a rá ach táimid á rá ar aon chaoi: ní chuirfidh Frazzled Lit suas le saothar a ghintear leis an intleacht shaorga”.

Luaitear an intleacht shaorga sna rialacha do na comórtais do ghearrscéalta atá á reáchtáil ag Féile Liteartha an Daingin i mbliana freisin: “ní ghlacfar le scéalta arna nginiúint ag an Intleacht Shaorga/stories generated by AI will not be accepted”.

Glacfar le hiontrálacha do Chomórtais Liteartha an Oireachtais go dtí Dé Luain 8 Iúil.

Fág freagra ar 'An tOireachtas ‘ag obair le saineolaithe’ leis na bagairtí a bhaineann leis an AI don Chomórtas Liteartha a aithint'