AN tATHAIR DÓNAL Ó BRIAIN: Pobal Gaeltachta ag caoineadh bás a sagart paróiste

Bhí breis is 30 bliain caite ag an Athair Dónal Ó Briain ina shagart i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí

AN tATHAIR DÓNAL Ó BRIAIN: Pobal Gaeltachta ag caoineadh bás a sagart paróiste

Pictiúr: Independent.ie/

Tá pobal Gaeltachta faoi scamall bróin an tseachtain seo ag bás sagart paróiste a raibh ardmheas agus an-chion air sa cheantar.

Fógraíodh Dé Céadaoin bás an Athar Dónal Ó Briain, sagart paróiste Baile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí.

Bhí breis is 30 bliain caite ag an Athair Ó Briain ina shagart sa cheantar, idir a sheal mar shagart cúnta sna seachtóidí agus sna hochtóidí agus breis is scór bliain mar shagart paróiste.

“Fear an-tuisceanach, discréideach, ciallmhar agus an-Ghaelach. B’in an chloch is mó ar a phaidrín aige,” a dúirt an ceoltóir aitheanta Peadar Ó Riada agus é ag tabhairt ómóis don Athair Ó Briain ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Táimid croíbhriste ina dhiaidh,” arsa Seán Ó Liatháin. “Is minic a deirtear ‘ní bheidh a leithéid arís ann’ agus ní bheidh. Bhí sé neamhchoitianta agus bhí ardmheas ag gach éinne air.”

Ba as Eochaill i gcontae Chorcaí ó dhúchas don Athair Ó Briain. Chaith sé seal ina shagart i gCill na Martra sna seachtóidí sular tháinig sé go Baile Bhuirne den chéad uair i 1978, agus chaith sé aon bhliain déag ann an uair sin. As sin, d’imigh sé chuig Cill na Mallach agus Mala ach d’fhill sé ar Bhaile Bhuirne sa bhliain 2000 mar shagart paróiste.

“Bhí aithne ag gach éinne anseo sa pharóiste ar an Athair Ó Briain mar bhí sé anseo leis na blianta,” a dúirt Micheál Ó Críodáin. “Tá daoine sa pharóiste seo, bhaist sé iad, thug sé Céad Chomaoineach dóibh agus phós sé iad. Bhí aithne ag gach éinne air agus fiú dá mbeadh baisteadh, céad Chomaoineach nó pósadh ann, bhí an tAthair Ó Briain ann an t-am go léir agus pé rud a bhí ag teastáil uait, dhein sé é. Bhí suim aige i ngach éinne sa pharóiste. Cailliúint mhór is ea é don pharóiste seo.”

Bhí suim ar leith ag an Athair Dónal Ó Briain i stair Naomh Gobnait agus is é a thosaigh an traidisiún Aifreann faoin aer a léamh ag scrín Ghobnatan gach mí Iúil.

“Bhí an-chion againn air agus mothóidh muid uainn é go mór,” a dúirt Mairéad Uí Lionáird.

Beidh Aifreann sochraide an Athar Uí Bhriain i Séipéal Bhaile Bhuirne inniu, Dé hAoine, ag 2.30pm, agus is féidir féachaint ar an Aifreann anseo. Adhlacfar é i gclós an tséipéil i ndiaidh an Aifrinn.

Fág freagra ar 'AN tATHAIR DÓNAL Ó BRIAIN: Pobal Gaeltachta ag caoineadh bás a sagart paróiste'