‘An taobh eile den doras againn féin –  muintir Mhaigh Eo’ – Méara Boston ‘an-bhródúil’ as bua Biden

Labhair Méara Boston, Marty Walsh, ar de bhunadh Ghaeltacht Chonamara é, le Tuairisc.ie faoi bhua a charad Joe Biden i dtoghchán na huachtaránachta i SAM

‘An taobh eile den doras againn féin –  muintir Mhaigh Eo’ – Méara Boston ‘an-bhródúil’ as bua Biden

Máirtín Ó Catháin le Marty Walsh

Céim eile, cathair eile, parlaimint eile?  Chuile sheans  go bhfuil cleachtadh ag Méara Bhoston ar an gceist sin go háirithe le trí nó ceathair de laethanta.

Tá freagra aige uirthi mar cheist, ar an bpointe.

“Tuairimíocht! Níl aon easpa tuairimíochta thart anseo faoi láthair,” a deir Marty Walsh agus é ag labhairt le Tuairisc.ie.  Ach dá bhfaigheadh sé cuireadh ón Uachtarán nuathofa Joe Biden chuig post i Washington, an nglacfadh sé leis?

“Tá jab le déanamh agam anseo,” arsa Marty Walsh, ar de bhunadh Ghaeltacht Chonamara é.

“Tá m’intinn dírithe uilig  go léir ar Bhoston.  Tá mé ag súil go mbeidh mé féin, agus an tUachtarán Biden a chúnamh dúinn, in ann cur le forbairt agus le dul chun cinn na cathrach seo.”   

Beidh sé tamall sula n-éireoidh cúrsaí níos soiléire faoi cheapachán an Uachtaráin.  “Beidh sé cúpla mí,” a deir an Méara Walsh.  “Beidh an fhoireann eatramhach ag obair aige idir seo agus aimsir an insealbhaithe.  Ansin beidh sé ag roghnú na ndaoine a bheidh leis i Washington as sin go ceann ceithre bliana – nó níos faide.  Ach bí ag súil le neart tuairimíochta!”

Fágfaidh muid é sin mar scéala, go fóilleach ar chuma ar bith,  ach an raibh sé ag caint leis an Uachtarán nuathofa le gairid?

“Tuairim is coicís ó shin; beidh mé ag comhrá leis faoi cheann cúpla lá.”  

Dlúthchairde iad Marty Walsh agus Joe Biden.  Tháinig Biden in aon turas  go Boston in Eanáir 2017 go mbeadh sé ina aoi speisialta ag insealbhú Walsh don dara téarma Méarachta sa gcathair.  Dúradh go forleathan go raibh baint mhór ag an Méara leis an mbua a bhí ag Joe Biden sna réamhthoghcháin Dhaonlathacha in Massachusetts. 

Bhí an Seanadóir Elizabeth Warren as Massachusetts san iomaíocht ach fuair Biden an ceann is fearr uirthi sa Stát sin aici féin.  Bhí tábhacht shiombalach, chomh maith le tábhacht pholaitiúil, ag baint leis an mbua sin tráth a raibh Biden ag teacht ar ais sa rás théis tús lag  go maith sa bhfeachtas.

“America is back” a bhí mar fhógra ag an Méara Walsh i dteachtaireacht a d’fhág sé ar mheaisín an teileafóin againn anseo an lá ar fógraíodh go raibh Joe Biden tofa.

Creideann Marty Walsh go mbeidh Joe Biden in ann an tír a shuaimhniú agus iarraidh láidir a thabhairt faoi cheansú an choróinvíris.   “Ach saothrófar é má tá caidreamh níos fearr le cothú,” a deir Méara Bhoston.  “Tá nimh go leor fanta san aer.”

Luaigh an Méara Walsh a bhródúla agus atá sé féin as an scéala go bhfuil Gael-Mheiriceánach ar an mbealach go dtí an Teach Bán.  “An taobh eile den doras againn féin,” a deir an Méara.  “Muintir Mhaigh Eo.”

Agus é thíos in Washington, creideann Marty Walsh go bhféachfaidh an tUachtarán nua le réiteach chomh maith agus is féidir a fháil faoi cheist na hinimirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá.  Ach beidh cosán casta le treabhadh aige má choinníonn na Poblachtánaigh smacht ar an Seanad.  “Ina ainneoin sin,” a deir Walsh, “sílim go mbeidh Joe Biden go maith ag láimhsiú an cineál sin ceiste agus caidrimh.

“Ina dhiaidh sin féin, feileann sé do Dhaonlathaigh agus do Phoblachtánaigh go mbeadh réiteach ann.”

Is maith a d’fheilfeadh réiteach mar a gheall Biden le linn an fheachtais do na mílte Éireannach atá gan stádas dleathach sna Stáit Aontaithe anois.  Gheall sé go bhféachfaí le cosán i dtreo na saoránachta a chur ar fáil d’imirceoirí nach bhfuil stádas dlí acu sna Stáit anois.  Ach arís, meabhraíonn an Méara go dteastaíonn triáil is deis ón Uachtarán nua lena pholasaithe agus a phleananna a chur sa siúl in Washington, go háirithe má bhíonn an lámh in uachtar ag na Poblachtánaigh sa Seanad.

Tar éis an toghcháin seo, creideann an Méara Walsh go bhfuil cíoradh le déanamh ag Daonlathaigh agus ag Poblachtánaigh araon ar a gcuid oibre agus a gcuid polasaithe.  Cé go bhfuil an chosúlacht air go ndearna na Poblachtánaígh níos fearr – seachas i  dtoghchán an Uachtaráin – ar an 3 Samhain, ní cheapann an Méara gur briseadh orthu féin (na Daonlathaigh).

Feictear don Mhéara gur fiú súil ghéar a chaitheamh ar chóras an Choláiste Toghcháin.  Ach, bhí cúiseanna maithe ag bunaitheoirí na tíre leis an gcóras sin, a deir sé, agus ba chinneadh an-mhór a bheadh ann é a athrú go bunúsach.

Ach seachas ceisteanna mór polaitiúla, tá Marty Walsh ag cuimhneamh ar bheartais agus ar ócáidí a bhainfeadh le tréimhse seo Joe Biden sa Teach Bán. Is fada leis, a deir an Méara Walsh nó go dtiocfaidh an lá nuair a bheidh sé féin i  gcuideachta an Uachtaráin Biden ag dul ar cuairt go hÉirinn.  “Is cinnte go dtiocfaidh an lá sin,” a deir an Méara.

Is mac é Marty Walsh le John Walsh, nó John Mháirtín Tom as Caladh Mhaínse, Carna, nach maireann, agus Mary Walsh, nó Mary Joe Pheadair Uí Mháille, as Ros Cíde, Ros Muc. Toghadh an polaiteoir de chuid na nDaonlathach ina mhéara ar Bhoston den chéad uair i Samhain 2013 agus atogadh é sa phost sin, le beagnach 65% den vóta, in 2017.

Fág freagra ar '‘An taobh eile den doras againn féin –  muintir Mhaigh Eo’ – Méara Boston ‘an-bhródúil’ as bua Biden'