Tá ráite ag an Aire Tithíochta go bhfuil dearcadh “oscailte” aige féin maidir le moladh go mbeadh ionadaithe ón nGaeltacht nó ó Chonradh na Gaeilge ar an ngrúpa oibre atá bunaithe ag a roinn chun cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a phlé.
Dúirt an tAire Darragh O’Brien go raibh sé tábhachtach éisteacht le glór mhuintir na Gaeltachta agus na cúrsaí seo á bplé.
Léiríodh imní roimhe seo nach ndéanfaí ionadaíocht cheart ar phobal na Gaeltachta ar choiste idir-rannach atá bunaithe ag an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta chun ceisteanna tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht a fhiosrú.
Thug an tAire le fios gur bunaíodh meitheal oibre an samhradh seo caite ar a raibh ionadaithe ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; Údarás na Gaeltachta agus na hocht n-údarás áitiúla ina bhfuil ceantair Ghaeltachta.
Mhol Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais go mbeadh páirt ag ionadaithe ó phobal na Gaeltachta agus ó phobal na Gaeilge san obair a bhí ar bun agus nuair a tháinig an tAire Darragh O’Brien os comhair an chomhchoiste Dála an tseachtain seo, dúirt sé go raibh sé sásta a mhachnamh a dhéanamh ar an moladh.
“Bhuail mé féin le Conradh na Gaeilge sé mhí ó shin agus tá mé féin agus m’oifigigh ag caint leis an gConradh agus le daoine eile ach táim oscailte don smaoineamh Conradh na Gaeilge nó údarás eile a thabhairt isteach sa phróiseas,” a dúirt an tAire O’Brien.
“Na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht, sin iad i mo thuairim na daoine is tábhachtaí. Is gá dúinn éisteacht lena nglór. Tá mé ag smaoineamh ar an rud is fearr a bheidh mé ábalta a chur isteach sa phróiseas.”
Dúirt an tAire O’Brien go ndéanfadh sé a mhachnamh ar an moladh faoin ionadaíocht Ghaeltachta i ndiaidh an chruinnithe ach d’impigh an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee air cinneadh a dhéanamh laistigh de sheachtain.
Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil go bhfuil “easnamh mór” ar an gcoiste idir-rannach gan an ionadaíocht sin agus nach bhfuil sé ag teacht le “dea-chleachtas ná le gnáthnósanna” in earnálacha eile nach mbeadh áit do mhuintir na Gaeltachta sa phlé ar chúrsaí Gaeltachta.
Nuair a bhí Conradh na Gaeilge os comhair Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais an mhí seo caite, dúradh gur ghá go mbeadh ionadaithe eile ar an gcoiste pleanála, seachas oifigigh ó an ranna rialtais amháin.
“Má tá sé idir-rannach, ní bheidh glór na Gaeltachta agus phobal na Gaeltachta lárnach ann,” a dúirt Mairéad Ní Fhátharta, Cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge.
“Níl bheifí ach ag déanamh cinntí a chaithfí a chur faoi bhráid mhuintir na Gaeltachta ansin agus moill a chur ar chúrsaí le plé agus tuilleadh plé. Má tá muid lárnach ann ón tús, tá deis dul chun cinn ann.”
Cordelia Nic Fhearraigh
Tithe aonaracha do Bhéarlóirí – si,n an rud atá ag tarlú sa ‘Ghaeltacht’ le blianta fada anois. Níl feidhm ort iarratas pleanála a dhéanamh i nGaeilg, níl feidhm ort cruthúnas a thabhairt go bhfuil inniúlacht i labhairt, léamh agus scríobh na Gaeilge agat ná ag do chlann. Níl feidhm ort fógra iarratais a chuir suas i nGaeilg ag ceann an chabhsa ná a fhoilsiú sna nuachtáin. Leoga, níl ort ach litir a fháil ón pholaiteoir áitiúil nó ón sagart áitiúil/paróiste (scríofa i mBéarla dála an scéil nó chonaic mé iad nuair a d’oibrigh mé sa rannóg pleanála i gComhairle Contae Dhún na nGall) ag tabhairt fianaise go bhfuil ‘ceangal’ teaghlaigh agat leis an cheantar agus/nó go dear tú freastal ar an scoil áitiúil – agus gan faic luaite fan Ghaeilg ná fá chaomhnú na Gaeilge.
Tá’n Ghaeilg chomh lag sin sa ‘Ghaeltacht’ anois agus go mbeinn ag moladh cosc iomlán láithreach bonn a chuir ar chainteoirí nach cainteoirí Gaeilge iad isteach sa ‘Ghaeltacht’. Nach raibh go leor cosc ar an saol i rith aimsir an Chovid? Nach gcuirtear cosc ar iascaireacht éisc nuair a bhíonn baol díothú ann? Bhoil tá’n t-am ag éirí iontach gairid leis an Ghaeilg a chaomhnú sa ‘Ghaeltacht’ agus níl an cead pleanála a bhronntar ar Bhéarlóirí ach ag cuir leis an fhadhb ollmhór seo. Bheinn fosta ag moladh 100% de chainteoirí Gaeilge in eastáit tithíochta agus i bhforbairtí le níos mó ná teach amháin. Ní oibríonn an cead cónaithe do 20%/15% de chainteoirí Béarla i bhfortairtí sa Ghaeltacht. Nach bhfuil a fhios againn uilig go dtiompaíonn an chainteoir Gaeilg ar an Bhéarla a luaithe is a fheiceann siad duine coimhthíoch sa chomhluadar!
Máire Úna Ní Bheaglaoich
Ba cheart go mbeadh daoine òn nGaeltacht ag na cruinnithe ó thús! Idirdhealú,faillí,drochmheas!