An tAire Dlí agus Cirt agus beirt de na státseirbhísigh is sinsearaí sa chóras sláinte le cúrsaí teanga a phlé i dTeach Laighean

Ceisteofar an tAire Helen McEntee, Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid agus Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte Robert Watt maidir le cúrsaí Gaeilge tráthnóna

An tAire Dlí agus Cirt agus beirt de na státseirbhísigh is sinsearaí sa chóras sláinte le cúrsaí teanga a phlé i dTeach Laighean

An Ghaeilge a bheith curtha in ‘áit na leathphingine’ ag an stát an téama a bheidh á phlé ag coiste Oireachtais na Gaeilge inniu, a deir Cathaoirleach an choiste. 

Tá dhá chruinniú le reáchtáil inniu ag Comhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus an tAire Dlí agus Cirt agus beirt de hoifigigh is sinsearaí sa státseirbhís le teacht os a chomhair.

Pléifear ag an gcéad chruinniú an cinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge a bhíodh i bhfeidhm ag an nGarda Síochána.

Beidh an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee i láthair agus ceisteanna le freagairt aici maidir le cé a chéadmhol fáil réidh leis an riachtanas a bhíodh ann do sháirsintí agus cigirí marc 50% a fháil i mbéaltriail sa Ghaeilge.

Is é seo an dara huair go mbeidh an t-ábhar seo á phlé ag an gcoiste Oireachtais le roinnt seachtainí anuas. Rinneadh cáineadh ar an Roinn Dlí agus Cirt ag cruinniú ag tús mhí Feabhra nuair a theip orthu aon mhíniú a thabhairt ar an gcinneadh fáil réidh leis an riachtanas.

“Nuair a bhí ionadaithe ón Roinn Dlí agus Cirt, ón nGarda Síochána, ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, agus ón Údarás Póilíneachta os comhair an Chomhchoiste ar an 2 Feabhra 2022, ní raibh aon cheann de na 10 n-ionadaí ó na 4 eagraíocht sin a bhí i láthair in ann na ceisteanna sin a fhreagairt,” a dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Sodaigh.

“Ag an am céanna, dheimhnigh siad don Chomhchoiste nach raibh aon ghearán faighte acu i gcoinne an 50% ó aon eagraíocht nó ó aon bhall den phobal, agus nach raibh aon iarratas faighte acu ó aon eagraíocht nó ó aon bhall den phobal athbhreithniú a dhéanamh ar an 50 faoin gcéad. 

“Nuair nach raibh aon ghearán ann faoin 50%, is mian leis an gComhchoiste a fháil amach cén fáth a bhfuarthas réidh leis.”

Níos deireanaí tráthnóna, beidh Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, Paul Reid agus Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, Robert Watt os comhair an choiste. Díreoidh an cruinniú ar eachtra a tharla anuraidh nuair a sheol an HSE físeáin eolais i ndeich dteanga seachas an Ghaeilge. 

Scaipeadh na físeáin chun mná atá ag súil le páiste a spreagadh chun an vacsaín Covid-19 a fháil.

“Cuireann an Comhchoiste fáilte roimh an bhfíseán seo mar áis agus mar chúnamh do mhná atá torrach, ach cuireann sé mearbhaill ar an gComhchoiste go bhfuil na teangacha inar cuireadh ar fáil é luaite ar shuíomh idirlín na Feidhmeannachta mar ‘key languages’, nuair nach raibh an Ghaeilge ina measc,” a dúirt Ó Snodaigh. “An bhfuil an Fheidhmeannacht den tuairim nach ‘key language’ í an Ghaeilge in Éirinn, nó nach mbíonn mná torracha Gaelacha ann?”

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin go bhfuil sé i gceist ag an gCoiste freisin breathnú ar cheist níos leithne maidir le soláthar seirbhísí sláinte i nGaeilge.

“Tá sé soiléir nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt don Ghaeilge i soláthar na seirbhísí seo, agus is mian leis an gComhchoiste go bhfaighimid tiomantas dearfach ón bhFeidhmeannacht agus ón Roinn Sláinte go gcuirfear deireadh leis an míchothromaíocht seo láithreach.

Beidh muid ag éileamh go soláthrófar seirbhísí sláinte iomlána do chainteoirí Gaeilge ina dteanga dhúchais féin as seo amach.”

Fág freagra ar 'An tAire Dlí agus Cirt agus beirt de na státseirbhísigh is sinsearaí sa chóras sláinte le cúrsaí teanga a phlé i dTeach Laighean'