‘Ceap magaidh’ – físeán nua seolta ag an HSE i ndeich dteanga seachas an Ghaeilge

Tá feachtas eolais seolta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun mná atá ag iompar a spreagadh le vacsaín Covid-19 a fháil agus ní raibh an Ghaeilge i measc na ndeich teanga inar scaipeadh an t-eolas

‘Ceap magaidh’ – físeán nua seolta ag an HSE i ndeich dteanga seachas an Ghaeilge

Tá cáineadh déanta ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as an ‘neamhaird’ a thabhairt ar an nGaeilge arís agus físeáin eolais scaipthe acu i ndeich dteanga seachas an Ghaeilge.

Dúirt Lorraine Clifford-Lee, an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, go bhfuil “ceap magaidh” déanta cheana féin ag an HSE de na gealltanais a thug ionadaithe de chuid na heagraíochta i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite. Bhí ionadaithe ón eagraíocht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo caite.

Tá feachtas eolais nua seolta ag FSS agus iad ag iarraidh mná atá ag súil le páiste a spreagadh chun an vacsaín Covid-19 a fháil. Scaipeadh an t-eolas i bhfíseán a cuireadh ar fáil i mBéarla agus i naoi dteanga eile. Ní raibh an Ghaeilge i measc na dteangacha sin. In Araibis, i mBéarla, i bhFraincis, i Liotuáinis, i Mandairínis, i bPolainnis, i bPortaingéilis, i Rómáinis, i Spáinnis, agus i Rúisis atá na físeáin.

Duine ag léamh an eolais ó script atá sna físeáin ar fad.

Dúirt Lorraine Clifford-Lee gur feachtas maith a bhí ann agus gur theastaigh an t-eolas a scaipeadh chun mná atá ag súil a chur ar a gcompord maidir leis an vacsaín, ach nach raibh “aon chúis ann” nach bhféadfaí leagan Gaeilge den fhíseán a chur ar fáil.

“Is rud chomh simplí atá i gceist,” a dúirt Clifford-Lee le Tuairisc.ie.

“Ar bhealach amháin, níl aon ionadh orm ach ar bhealach eile, tá. Níl sé ach seachtain ann ó bhí FSS agus an Roinn Sláinte istigh os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais agus iad ag caint faoin nGaeilge.

“Thug siad gealltanais dúinn do dtiocfadh feabhas ar chúrsaí agus go raibh náire orthu agus gach rud mar sin. Ghlac mé leis an leithscéal sin agus bhíomar ag tnúth le rud éigin difriúil uathu ach ansin tháinig an scéal seo amach.”

Mheas an Seanadóir go raibh gach seans ann go raibh an feachtas seo curtha le chéile sular tháinig ionadaithe ó na seirbhísí sláinte os comhair Thithe an Oireachtais ach go raibh an deis ann an Ghaeilge a chuir san áireamh agus a ndualgais i leith na teanga curtha in iúl don HSE le linn an chruinnithe an tseachtain seo caite.

“Is léir nár cheap aon duine ‘An bhfuil bealach ann gur féidir linn é seo a dhéanamh i nGaeilge freisin?’. Ní bhíonn siad fiú ag smaoineamh ar an nGaeilge.”

Nuair a d’iarr Tuairisc.ie ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cén fáth nach raibh leagan Gaeilge de na físeáin curtha ar fáil, dúradh gur dírithe ar phobail imirceach a bhí na físeáin. Níl aon tagairt d’imircigh sa phreasráiteas a sheol an HSE mar chuid den fheachtas.

Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee gur aontaigh sí leis an moladh a bhí ag Ceannasaí na Seirbhíse Gaeilge san HSE gur chóir rannóg neamhspleách a bhunú san eagraíocht a bheadh freagrach as eolas i nGaeilge a chur ar fáil.

“Ba chóir go mbeadh roinn neamhspleách ann, le fostaithe sinsearacha, chun an teanga a bhrú chun cinn san eagraíocht,” a dúirt an Seanadóir.

Agus é ag labhairt ag cruinniú Choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo caite, dúirt Cuimín Mac Aodha Bhuí go raibh iarracht déanta ar bhonn leanúnach ag Rannóg na Seirbhíse Gaeilge lena chur in iúl d’fheidhmeannas na heagraíochta an dualgas a bhí orthu eolas a chur ar fáil i nGaeilge.

“Ó mhí Mhárta 2020, d’iarr muid ar an fheidhmeannacht agus ar an Rannóg Cumarsáide go gcaithfí ar bhonn comhionann leis an nGaeilge i ngach rud a bhí ar siúl maidir le Covid-19. Choinnigh muid orainn ag cur na teachtaireachta sin go dtí Baile Átha Cliath agus chonaic sibh féin an toradh a bhí air sin.”

Le linn an chur i láthair a rinne an HSE an tseachtain seo caite, dúradh go raibh 51 giolc a d’eisigh an HSE le linn na paindéime aistrithe go Gaeilge.

Tá an Seanadóir Clifford-Lee i measc na bpolaiteoirí a bhfuil cáineadh déanta acu ar na seirbhísí sláinte le linn na paindéime as a laghad eolais agus seirbhísí a cuireadh ar fáil i nGaeilge.

Dúirt Clifford-Lee an tseachtain seo caite gur afterthought” í an Ghaeilge i gcónaí tar éis di an fhadhb maidir le seirbhísí Gaeilge a phlé le hArd-Rúnaí na Roinne Sláinte, Robert Watt.

Fág freagra ar '‘Ceap magaidh’ – físeán nua seolta ag an HSE i ndeich dteanga seachas an Ghaeilge'

  • Liam

    Ceann eile! Ní féidir liom seo a thuigbheáil.
    Cad é go díreach an fáth a dtarlaíonn seo??
    Bhí sé mar phribhléid agam, i bhfad ó sin, díospóireach a bheith againn i gceann
    de ranganna siceolaíochta Feichín Ó Dochartaigh i UCD faoin cheist seo. Dúirt duine de mo chomhleacaithe
    gur léiriú ar ‘inferiority complex’ a bhí san neamhaird teanga seo. Mar fhreagra air, dùirt Feichín gur shíl seisean go raibh daoine áirithe ‘simply inferior’ .
    Tuairim ag éinne ar cén fáth a tharlaīonn a leithéid de mhasla?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá a fhios ag achan duine go bhfuil tuigbhéal ag cainteoirí Gaeilge ar na Bhéarla agus, mar sin, níl sí chomh tábhachtach sin mar theanga cumarsáide mar tuigeann achan duine an Bhéarla.

    Agus níl muintir na Gaeltachta ag déanamh iarracht ar bith na seirbhísí sláinte a iarraidh i nGaeilg nó tá leisc orthu a thuilleadh oibre a chuir ar an tseirbhís Béarla – a chuirfidh moill ar aon duine a iarrfas seirbhís trí mheán na Gaeilge.

    Dála an scéil, thriall mé an rogha Gaeilge ar ghuthán na gCoimisinéirí Ioncam – fuair an líne bás. Cha raibh ábalta go fiú teachtaireacht a fhágáil!
    Thriall mé an rogha Gaeilge ar uimhir ghutháin an leasa shóisialaigh – InTreo – Cha raibh Gaeilge ar bith air!!

  • Fiachra

    Eoiginiceas (dearcadh Fheichín – ní foláir nó gur léigh sé An Essay on the Principle of Population as it Affects the Future Improvement of Society leis an Rev. Thomas Robert Malthus – 1ú eagrán 1798 agus 6ú eagrán 1826) agus cinníochas a Liaim. Ní haon scéal nua é seo.