An t-iar-mhainicín ceolmhar atá le feiceáil sa gcéad fhadscannán uafáis i nGaeilge

Tá Tom Kerrisk, aisteoir agus ceoltóir le feiceáil sa gcéad fhadscannán uafáis i nGaeilge. Labhair sé le Tuairisc faoin gceol, faoin aisteoireacht agus faoin gcinniúint

An t-iar-mhainicín ceolmhar atá le feiceáil sa gcéad fhadscannán uafáis i nGaeilge

An ‘showman’ beag a thugtaí sa mbaile ar an aisteoir Tom Kerrisk nuair a bhí sé ag fás aníos i gCora Chaitlín i gcontae an Chláir. Beidh sé le feiceáil sa scannán uafáis Gaeilge An Taibhse, a bhí le feiceáil ag an bhféile scannáin uafáis, FrightFest, i Londain an deireadh seachtaine seo caite.

Is í FrightFest an fhéile is mó dá leithéid san Eoraip agus bhí na ticéid do léiriú An Taibhse, an chéad fhadscannán uafáis Gaeilge riamh, ar fad díolta.

Cé go raibh an-tóir ag Tom ar an aisteoireacht agus é ina leaid óg thug an saol ar bhóthar casta é tríd an ceol, saol na teicneolaíochta agus fiú an mhainicíneacht sular fhill sé ar an aisteoireacht. Is é atá sa bpríomhpháirt in An Taibhse, scannán a léirigh Jim Sheridan agus a scríobh agus a stiúir John Farrelly.

Is iomaí gasúr a théann i bhfolach nuair a iarrtar orthu steip a dhéanamh nó stéibh d’amhrán a chasadh, ach ba é a mhalairt é ag Tom.

“Deireadh m’athair liom i gcónaí ‘suigh síos’ ach thaitin liom a bheith thuas ag damhsa,” a deir sé ag gáire.

“Aon uair a mbíodh ócáid teaghlaigh ann, cosúil le céad chomaoineach nó aon cheann acu sin, bhínn i gcónaí ag iarraidh a bheith ag damhsa nó ag canadh amhráin. As contae Chiarraí mo mháthair, agus nuair a thagadh m’uncaileacha, deartháireacha mo mháthar, ar cuairt bhídís lán le spraoi, ag canadh amhrán is ag scéalaíocht. Thaitin sé sin go mór liom agus mé óg.”

Chaith sé go leor ama ar stáitse agus é sa mbunscoil is sa mheánscoil, ach nuair a chríochnaigh sé an ardteist thug a shaol ar chosán ón aisteoireacht é.

“Bhí mé ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an aisteoireacht i gColáiste na Tríonóide, ach chríochnaigh mé suas ag staidéar IT in Ollscoil na Gaillimhe. Níor fhág mé spás san ollscoil don aisteoireacht.”

Bhí an t-idirlíon ag teacht chun cinn sna 1990idí agus scuabadh isteach sa réabhlóid dhigiteach é. Nuair a bhí an chéim críochnaithe aige fuair sé post sa nGearmáin ag obair in earnáil na teicneolaíochta. Ach níor chaill sé a ghrá don stáitse riamh. Bhí sé ag obair i bpost oifige i rith an lae, ach bhíodh sé ag casadh ceoil sa tráthnóna le bannaí éagsúla. Is i ndiaidh ceann de na gigeanna sin a tháinig scabhta tallainne aníos chuige ag fiafraí an mbeadh aon suim aige in obair mhainicíneachta.

“Dúirt an scabhta liom go ndéanfainn mainicín maith. An chéad rud eile bhí mé thall in Los Angeles ag déanamh fótasheisiúin agus ag dul ag éisteachtaí do rólanna aisteoireachta.”

Chaith sé tamall in LA ach ní raibh an saol sin i ndán dó ag an am. Cé nár éirigh leis an turas sin sa deireadh, las sé splanc na haisteoireachta ann arís. D’fhill sé ar Éirinn is bhí sé i gceist aige tuilleadh staidéir a dhéanamh ar an aisteoireacht agus dul ar ais go Meiriceá tar éis tamaill.

“Ach ní dheachaigh mé ar ais, mar gur thosaigh mé an grúpa ceoil The Spikes agus chaith mé tamall leo sin ar an stáitse, ag scríobh ceoil agus ag seinm ar fud na hEorpa leis an mbanna.”

Sa bhliain 2004 a bhunaigh sé The Spikes, a mhair ar feadh deich mbliana. Ag an tús bhí Gareth Lewis in éineacht leis ar an ngiotár, bhí Peter Redmond ar an dordghiotár agus Aaron Mulhall ar na drumaí, ach d’athraigh baill an bhanna i gcaitheamh na mblianta.

Tharraing siad aird orthu féin i saol an cheoil in Éirinn sa mbliain 2006 leis an singil ‘Monster’ a d’eisigh siad mí Iúil na bliana sin. Chaith siad an chuid eile den samhradh ar chamchuairt na bhféilte ceoil.

An bhliain dár gcionn thaifead siad an traic ‘Fear Seó’ don albam Ceol ’07 a d’eisigh Seachtain na Gaeilge. Sraith ab ea Ceol a a chuirtí amach Seachtain na Gaeilge agus bannaí ceoil ag taifeadadh leaganacha Gaeilge dá gcuid amhrán féin.

Leagan Gaeilge den amhrán ‘Showman’ a bhí sa traic ‘Fear Seó’ a thaifead The Spikes sa mbliain 2007. Bhí Tom ag filleadh ar an leasainm a bhí air ina óige.

D’eisigh an banna dhá albam, Urges agus Purges (2009), Joylist (2013) agus an EP We Are (2013). D’oibrigh siad i nGaeilge arís sa mbliain 2011 nuair a thaifead siad an t-amhrán ‘Clúdaithe in Ór’ don albam Rí-Rá, leagan Gaeilge den bhunamhrán ‘Painted in Gold’.

“Nuair a chríochnaigh na Spikes chuaigh mé ar ais go dtí an Ghearmáin mar go raibh mé ag scríobh do léiritheoir ansin. Nuair a bhí mé i mo chónaí i Hamburg bhí cara agam a bhí ag obair le comhlacht fógraíochta agus bhí Porsche mar chliant aici.

“Fuair mé páirt i bhfeachtas fógraíochta leo. Chuaigh muid go Vienna agus thaifead muid an fógra ansin agus bhí mé i ngreim arís ag an aisteoireacht!”

Rinne sé roinnt éisteachtaí ina dhiaidh sin sa nGearmáin. Ach níor chosúil go raibh saol an aisteora sa chinniúint dó.

“Tháinig mé ar ais go hÉirinn ansin agus thosaigh mé grúpa eile, ‘Mystic Tears’ agus bhí mé ag casadh ceoil leis an mbanna agus mé féin ag déanamh na bhfíseáin le haghaidh na n-amhrán is ag aisteoireacht iontu.

“Cheap mé ansin go mbeinn ag díriú ar an gceol amháin den chuid eile de mo shaol is d’fhág mé slán ag an aisteoireacht.”

Ní raibh an splanc múchta ar fad ann, áfach, mar rinne sé cúrsa aisteoireachta i mBaile Átha Cliath le Terry McMahon go gairid ina dhiaidh sin.

“Cheap mé go raibh mé róshean faoin am sin, mar bhí mé thart ar dhá scór bliain d’aois. Is bhí mé ag déanamh go raibh mé beagán sean le bheith ag tosú amach san aisteoireacht. Ach chonaic John Farrelly (stiúrthóir) na rudaí a rinne mé le haghaidh an chúrsa agus bhí sé ag déanamh an scannáin The Sleep Experiment ag an am agus thug sé an pháirt domsa. Sin é an uair a thosaigh mo chairdeas le John.”

Scannán uafáis é The Sleep Experiment a scríobh agus a stiúir John Farrelly. Is é Tom Kerrisk atá sa bpríomhpháirt, ról ar ghnóthaigh sé Gradam don Aisteoir is Fearr dó ag an bhféile scannán ‘Crime & Horror’ i Los Angeles sa mbliain 2022. Bhuaigh Farrelly an ‘Jury of Peers Award’ ag an bhféile chéanna.

Is é An Taibhse an dara fadscannán atá déanta ag an mbeirt le chéile. Rinne siad an gearrscannán Difriúil le chéile sa mbliain 2022, scannán a bhuaigh an duais don Ghearrscannán is Fearr ag Féile Scannán Neamhspleách Bhaile Átha Cliath an bhliain sin. Bhí áthas ar Tom a bheith ag obair le Farrelly arís ar An Taibhse.

“Is é an chéad fhadscannán uafáis as Gaeilge é agus is é John a scríobh é. Bhí muid ag obair ar The Sleep Experiment le chéile agus scríobh sé ról domsa in An Taibhse agus nuair a dúirt sé go mbeadh sé as Gaeilge bhí an-suim agam ann. Is as contae an Chláir mé agus tá an teanga i mo chroí agus bhí mé sásta go mbeadh deis agam obair a dhéanamh i nGaeilge.”

Cuireadh an chéad léiriú domhanda den scannán ar bun i bpictiúrlann An Pálás i nGaillimh le linn Fhleadh Scannán na Gaillimhe níos túisce i mbliana.

Sna blianta i ndiaidh an Ghorta Mhóir in Éirinn atá sa scannán suite. Scéal an-dorcha, scáfar atá ann mar a bheifí ag súil leis sa seánra uafáis.

Níl an ceol fágtha ina dhiaidh ar fad aige, ach oiread. Is é a chum an ceolrian do The Sleep Experiment agus An Taibhse in éineacht lena chomhghleacaí ceoil, Ally Donald. Ach faoi láthair, tá áthas air a bheith ag aisteoireacht agus é ag súil leis an gcéad chor eile ina chinniúint.

“Níor cheap mé riamh go mbeinn ag aisteoireacht i scannán uafáis. Ach níl sé chomh scanrúil céanna a bheith ag obair orthu is atá sé a bheith ag breathnú orthu,” a deir sé.

Fág freagra ar 'An t-iar-mhainicín ceolmhar atá le feiceáil sa gcéad fhadscannán uafáis i nGaeilge'