Fear mór cainte é Tomás Ó Curraoin.
Greannmhar, groíúil, gealgháireach, tá an chuma air go gcuireann sé aithne ar chuile duine a chasann leis. Gan blas leisce, luann sé a sheanchuimhní ar Manchester United i gcomhrá bríomhar leis an bpóirtéir Sasanach in Óstán Chósta Chonamara. “An mbeadh sé chomh cairdiúil dá mbeadh a fhios aige nach maith liom an bhanríon?” a deir Ó Curraoin chomh luath géar is a fhágtar sinn inár n-aonar sa seomra boird.
Agus iarracht á déanamh agam mo gháire a bhrú faoi chois, is deacair a chreidiúint gurb é Tomás Ó Curraoin an t-aon ionadaí tofa do cheann de na páirtithe is conspóidí in Éirinn.
Is ball é an Comhairleoir Contae de Shinn Féin Poblachtach, dream a scar ó Shinn Féin ag Ard-Fheis an pháirtí i 1986 nuair a vótáil siad deireadh a chur lena bpolasaí neamhláithreachais agus suíocháin a ghlacadh i dTeach Laighean. Maíonn an grúpa easaontach seo gurb iadsan fíorpháirtí Shinn Féin agus ní thugann siad aitheantas do Dháil Éireann nó do Thionól Thuaisceart Éireann. Deirtear chomh maith go bhfuil comhcheangal idir Sinn Féin Poblachtach agus an IRA Leanúnach sa lá atá inniu ann.
Rugadh Ó Curraoin sna Foraí Maola idir na Forbacha agus Bearna mí Eanáir 1947. Fear Gaeltachta go smior é.
“Tá mé bródúil gur fear as Conamara mé. D’fhás mé suas leis an nGaeilge. Mo sheanmhuintir ar gach aon taobh, labhair siad Gaeilge … sí mo chéad theanga í agus tá mé an-bhródúil go bhfuil mé in ann Gaeilge a labhairt,” a deir Tomás. D’fhreastail sé ar an mbunscoil i mBearna ach d’éirigh sé as an oideachas foirmeálta nuair nach raibh sé ach 13 bliain d’aois.
“Bhí an ghráin agam ar an scoil, níor thaithin an scoil liom ariamh,” a deir sé liom go tréan. “Séard a thaitin liom ná dul ag iascaireacht.” Mar sin chuaigh sé ag obair ar na báid le comharsa leis nuair a d’fhág sé an scoil.
Níos déanaí thosaigh sé ag obair mar phrintíseach tógála agus nuair bhí sé 18 bliain d’aois chuaigh sé ar imirce go Sasana. Is ansin a d’fhoghlaim Ó Curraoin tolláin faoi thalamh a thochailt ó fhear as Tír an Fhia arbh í sin a cheird. Obair chontúirteach a bhí inti agus bhí an t-ádh dearg ar Thomás i 1976 gur tháinig sé slán as drochthimpiste inar maraíodh beirt eile a bhí ina theannta. Ina ainneoin sin, lean sé leis an obair sin gur fhill sé ar Éirinn i 1982.
I 1956, chuir an IRA Feachtas na Teorann ar bun. Níor éirigh leis an bhfeachtas sin mórán tacaíochta a ghiniúint agus cuireadh imtheorannú i bhfeidhm ar phoblachtánaigh ó thuaidh agus ó dheas, rud a d’fhág an ghluaiseacht fíorlag. Mar sin féin, chuaigh eachtraí na ré sin go mór i bhfeidhm ar Thomás ina ghasúr. “Maraíodh beirt ann, Seán South (Sabhat) agus Fergal O’Hanlon agus is cuimhin liom mo sheanmháthair ag caint fúthu ag an am.”
Anuas air sin bhí oidhreacht na nDúchrónach agus Chogadh na Saoirse le brath sa cheantar chomh maith. “M’athair féin agus mo chuid uncailí, chuile dhuine thart anseo, bhíodar páirteach ann.”
Chothaigh na himeachtaí seo suim an Churraoinigh sa phoblachtánachas agus d’fhreastail sé ar a chéad chruinniú de chuid Shinn Féin i Londain sa bhliain 1967.
D’éirigh an ghluaiseacht phoblachtánach i bhfad níos gníomhaí nuair a thosaigh na Trioblóidí ag deireadh na 1960idí. I 1969, bunaíodh an IRA Sealadach agus thosaigh siad feachtas armtha nua. I Sasana a bhí Ó Curraoin ag an am, áit a raibh sé gnóthach le Sinn Féin ag díol nuachtán agus ag bailiú airgid do phríosúnaigh phoblachtánacha. Ó lár na 1970idí ar aghaidh cothaíodh scoilt sa ghluaiseacht idir an tseanghlúin ó dheas den teorainn faoi cheannaireacht Ruairí Uí Bhrádaigh agus Daithí Uí Chonaill, agus glúin óg ó thuaidh den teorainn faoi cheannaireacht Gerry Adams agus Martin McGuinness. Theastaigh ón nglúin óg páirt níos mó a ghlacadh sa pholaitíocht agus ar deireadh, suíocháin a ghlacadh i dTeach Laighean agus bóthar na síochána a thabhairt orthu féin.
Ní raibh baint dhíreach ag Ó Curraoin leis na forbairtí sin ag an am, ach thaobhaigh sé leis an dream traidisiúnta nuair a d’fhill sé ar an bpolaitíocht níos déanaí sna 1980idí. Bhí eagla air go gcuirfeadh an rannpháirtíocht as pholaitíocht iachall ar phoblachtánaigh “feall” a dhéanamh ar a seanchomrádaithe.
“Níor thuig an dream óg an rud a thuig Ruairí Ó Brádaigh, mar a bhí sé sa stair, duine ar bith a chuaigh isteach le troid ón taobh istigh, tharla sé go raibh siad chomh dona agus chuaigh siad in aghaidh a ndream féin,” a deir Ó Curraoin. Dar leis, tá Sinn Féin an lae inniu ag comhoibriú le státchóras na Breataine. Mar sin, luíonn fíor-oidhreacht na gluaiseachta le Sinn Féin Poblachtach. “Tá daoine a raibh mé féin leo, imithe isteach in Stormont agus tá siad istigh ag fáil íoctha ag an namhaid, Rialtas Shasana, Níl sé sin ceart, agus ní fhéadfainnse dul leis sin agus ní thiocfaidh.”
Is léir go bhfuil an oidhreacht staire sin fíorthábhachtach don chomhairleoir: “Is muide Sinn Féin. Níor athraigh muide riamh. Ach an Sinn Féin atá i dTeach Laighean agus i Stormont, ní hiad sin an fíor-Shinn Féin.”
Cé gur vótáil os cionn dhá thrian de bhaill Shinn Féin i 1986 bunreacht an pháirtí a athrú le go ligfí do bhaill tofa a suíocháin a ghlacadh i Rialtas Bhaile Átha Cliath, ní ghlacann Ó Curraoin le dlisteanacht an ghnímh sin.
“Ní fhéadfaidh tú teach a thógáil go mbeidh an bhunchloch curtha síos a’t, is ní bheidh sé sin curtha síos go brách go dtí go mbeidh Sasana imithe. De réir bhunreacht na Poblachta, ní fhéadfaidh muid dul isteach go Teach Laighean ná in áit ar bith eile go dtí go mbeidh Sasana imithe as an tír seo agus sin a tharla leis an scoilt.”
Ach cén mhaith a bheith ag argóint faoi stair nó ainm an pháirtí? Nach mbeadh sé níos fiúntaí do pháirtí polaitíochta díriú ar conas a spriocanna a bhaint amach? Ní ghlacann an Curraoineach leis an meon seo.
“Ní fheicimid mar pháirtí polaitíochta é. Feicimid mar pháirtí saoirse é, dream saoirse sinn.”
Níl mórán muiníne aige go mbainfear Éire aontaithe amach le cur chuige na síochána.
“Thriail muid bealach síochánta leo. Tá siad anseo le 850 bliain. Bhí dóthain ama acu fágáil agus tá sé de cheart ag muintir na hÉireann seasamh suas ina n-aghaidh, más le hairm é nó rud ar bith eile,” a deir sé go neamhbhalbh.
Céard faoin dá reifreann ó thuaidh agus ó dheas inar léirigh tromlach an-mhór tacaíocht do Chomhaontú Aoine Chéasta i 1998? An gcuireann sé isteach air nach nglacann formhór na hÉireann leis an lámh láidir a thuilleadh mar mhodh polaitíochta? Tá Ó Curraoin neamhghéilliúil faoi sin freisin: “Beidh mé glan díreach faoi. An fhad is atá Sasana anseo le hairm nó le póilíní, mura mbeadh Sinn Féin Poblachtach féin ann, bheinnse glan ina n-aghaidh.”
Ní chuireann aon chaint faoi phobalbhreith faoin teorainn aon lúcháir air ach oiread. Goilleann sé go mór air go bhfuil neart daoine ag moladh gur cheart siombailí na tíre a athrú chun Aontachtaithe a cheansú.
“Níl muide páirteach ansin, fanfaimid leis an mbunreacht agus leis an bhforógra. Má bhíonn sé acu, bíodh sé acu. Ach bhí sé ráite ag duine éicínt nach n-éireodh leis, nach Yes a bheadh ann. Ach tá siad ag caint faoi fáil réidh le hAmhrán na bhFiann i bPáirc an Chrócaigh agus rudaí mar sin. Náire faoin náisiúntacht atá ansin.”
Is léir nach dtéann aon chaint faoi ‘Oileán Comhroinnte’ i bhfeidhm rómhór ar an gCurraoineach.
Tá sé amhrasach faoi mhodhanna polaitíochta agus creideann sé go daingean go bhfuil an foréigean dosheachanta fad is atá an Bhreatain i gceannas ar Thuaisceart Éireann. Ach céard go díreach atá bainte amach ag grúpaí armtha easaontacha le scór bliain anuas chun deireadh a chur le riail na Breataine? Tá drogall ar an gcomhairleoir freagra sonrach a thabhairt ar an gceist sin.
“Tá mise ar thaobh na polaitíochta agus níl a fhios a’m faoin arm, agus dá mbeadh a fhios, ní déarfainn aon cheo faoi. Ach déarfaidh mé an méid seo. An fhad is atá Rialtas Shasana i bhfeidhm in Éirinn agus arm Shasana agus póilíní Shasana armáilte in aghaidh mhuintir na hÉireann, beidh arm éigin i gcónaí ag dul ina n-aghaidh, cibé cén t-ainm a bheidh air, bíodh sin leanúnach nó fíor, beidh arm ann i gcónaí le seasamh suas ina n-aghaidh.”
Céard a shásódh Tomás Ó Curraoin mar sin? An mbeadh sé riamh in ann aitheantas a thabhairt do rialtas i mBaile Átha Cliath? Fiú is Éire Aontaithe bainte amach go síochánta?
“Olltoghchán in Éirinn ar fad, mar a bhí ann i 1918 nuair a bunaíodh an Chéad Dáil agus an Dara Dáil i 1919. Sin é a chaithfeadh a bheith ann,” a deir Tomás Ó Curraoin go pointeáilte.
Pádraig O'hEipicín
Ba mhaith Liom Éireann a bheith ann,
Bainte amach faoi bhealaí síochánta.
Agus faoi Rialtas Eagla Dé.