Dúirt Henry Ford fadó go mbeadh ceannaitheoirí an Model T, an carr ar phraghas íseal a chuir a chomhlacht ar an margadh i 1908, ábalta dath ar bith a roghnú… dá roghnóidís carr dubh.
Déanfar rogha theoranta den sórt céanna san olltoghchán. Deimhníonn easaontas sa bhfreasúra nach féidir malairt iomlán rialtais a thairiscint do na vótálaithe.
Ní léir faoi láthair mar sin toradh ar bith a bhfuil dealramh leis a athróidh an léargas iarthoghcháin. Léargas ina mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael ábalta comhrialtas nua a chur ar bun, leo féin nó le tacaíocht ó dhaoine eile.
Ní léir faoi láthair ach oiread, áfach, go mbeidh Simon Harris agus Micheál Martin ábalta cur le hionadaíocht an dá pháirtí ar scála chomh mór agus a bheidh riachtanach chun rialtas a bhunú sa Dáil mhéadaithe ina mbeidh 174 suíochán in ionad 160 mar atá sa Dáil reatha.
Ghnóthaigh iarrthóirí Fhine Gael agus Fhianna Fáil 73 suíochán le chéile in olltoghchán 2020. Beidh éacht nach beag déanta acu má éiríonn leo 16 suíochán eile a ghnóthú agus móramh iomlán a bhaint amach sa Dáil nua.
Ar ndóigh ba chóir go mbeadh an ráta aistriúcháin idir iarrthóirí an dá pháirtí níos airde ná mar a bhí in 2020 (30 faoin gcéad). Nó shílfeá go mbeadh tar éis dóibh a bheith i mbun rialtais agus ag tarraingt le chéile ó shin.
Thug an tacaíocht a léirigh pobalbhreith Red C sa Business Post ar an 27 Deireadh Fómhair (a léirigh tacaíocht 22 faoin gcéad d’Fhianna Fáil agus 21 faoin gcéad d’Fhine Gael) le fios go mb’fhéidir go mbeadh bunú comhrialtais astu féin ar a gcumas.
Má ghlactar leis áfach gur dóichí ná a mhalairt go mbeidh cabhair de dhíth orthu sa 34ú Dáil, beidh tionchar suntasach ag ceithre pháirtí nó grúpa ar an rialtas nua: na Glasaigh arís b’fhéidir, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaigh Shóisialta agus na neamhspleáigh.
Is féidir Pobal Roimh Bhrabach a fhágáil as an áireamh tharla nár thug ionadaithe an ghrúpa sin le fios riamh go mbeidís sásta a bheith páirteach i gcomhrialtas ar bith a d’fhéadfaí a chur le chéile.
Ní féidir agus ní cóir Sinn Féin a chur as an gcuntas, go háirithe tar éis don cheannaire Mary Lou McDonald ceist faoi rannpháirtíocht i gcomhrialtas le Fianna Fáil nó le Fine Gael a sheachaint ar Virgin Media News Déardaoin. Ní chuirfeadh sí páirtí ar bith as an áireamh, a dúirt sí, ná cainteanna le páirtí ar bith ach oiread.
Tá sé ráite ag Simon Harris agus ag Micheál Martin nach mbeidís toilteanach páirt a ghlacadh i gcomhrialtas le Sinn Féin. Is ar éigean a athróidh a neamhthoil roimh lá na vótála ná ar feadh i bhfad ina dhiaidh. Níos deireanaí – cá bhfios?
Idir an dá linn, beidh tionchar nach beag ag an gcoimhlint idir páirtithe an fhreasúra ar chomhdhéanamh na Dála nua.
Má ghlactar leis gur dócha go bhfuil téarnamh éigin i ndán do pháirtí Shinn Féin, is treise an chúis imní b’fhéidir a bheidh ag páirtithe eile an fhreasúra. Léiríonn taighde a rinne an saineolaí polaitíochta Michael Gallagher ar thorthaí olltoghcháin 2020, dar leis-sean, gur dócha gur bhuaigh naonúr iarrthóirí ar a laghad ó pháirtithe eile an fhreasúra suíocháin Dála in 2020 a bhuí le farasbairr ar chuótaí a bhí ag iarrthóirí tofa Shinn Féin a chuaigh amú cheal iarrthóirí eile ón bpáirtí sin ag seasamh.
Measann Gallagher nár toghadh iarrthóir ar bith ó Fhine Gael mar gheall ar easpa iarrthóirí ó Shinn Féin agus gur chuidigh an easpa sin le toghadh iarrthóra amháin ó Fhianna Fáil (Paul McAuliffe i mBaile Átha Cliath Thiar-Thuaidh).
Measann sé gur mar gheall ar an easpa chéanna a toghadh beirt iarrthóirí ón gComhaontas Glas, beirt ó na Daonlathaigh Shóisialta, neamhspleách amháin (Thomas Pringle i dTír Chonaill) agus ceathrar eile ó pháirtithe na heite clé.
Léiríonn an cíoradh a rinne Gallagher don leabhar How Ireland Voted 2020 na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag Sinn Féin sa toghchán seo – i bPort Láirge mar shampla, áit a raibh dhá chuóta beagnach (1.91) ag an bpáirtí agus gan ach iarrthóir amháin, David Cullinane, ainmnithe.
Ní tuairimíocht ach fianaise faoi dhearcadh na vótálaithe ar na páirtithe agus ar na Neamhspleáigh a neosfar faoi dheireadh na míosa.
D’imigh sin agus tháinig seo
Gheall an Taoiseach Leo Varadkar in 2023 go mbunófaí “fiosrúchán poiblí” faoi dheireadh na bliana sin le láimhseáil na paindéime a iniúchadh. Rud nár tharla.
Dúirt Simon Harris i mí Aibreáin i mbliana go raibh téarmaí tagartha an fhiosrúcháin réidh, beagnach.
D’fhógair an rialtas Déardaoin go raibh “measúnú” á bhunú faoi chathaoirleach neamhspleách. Ní bheidh sé ábalta iachall a chur ar dhaoine fianaise a thabhairt ná iachall a chur orthu taifid a chur ar fáil.
Dúirt Mary Lou McDonald, agus an ceart aici, gur lagfhiosrú a bhí á bhunú go mall ag an rialtas.
Fág freagra ar 'Éacht nach beag a bheadh déanta ag Fianna Fáil agus Fine Gael comhrialtas a bhunú leo féin'