An t-amhránaí aitheanta Diane Ní Chanainn ceaptha ina hambasadóir teanga ina ceantar dúchais

Beidh Hamish Learmont, dalta i Scoil Náisiúnta Ghort a’ Choirce, ina Ambasadóir óg na Gaeilge

An t-amhránaí aitheanta Diane Ní Chanainn ceaptha ina hambasadóir teanga ina ceantar dúchais

Tá sé fógartha ag Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola go bhfuil an t-amhránaí aitheanta Diane Ní Chanainn ina hAmbasadóir na Gaeilge don cheantar don bhliain amach romhainn.

Fógraíodh chomh maith go mbeidh Hamish Learmont, atá ag freastal ar Scoil Náisiúnta Ghort a’ Choirce, ina Ambasadóir óg na Gaeilge.

Dúradh go mbeadh “ról lárnach” ag Ní Chanainn, arb as Gort a’ Choirce di, sna hiarrachtaí éagsúla atá ar bun sa cheantar an Ghaeilge a chur chun cinn.

Dúirt an t-amhránaí aitheanta gur “cúis bhróid agus áthais” di a bheith ceaptha ina hambasadóir Gaeilge dá ceantar dúchais.

“Tá clú agus cáil ar Chloich Cheann Fhaola mar phobal láidir Gaeilge, áit a dtagann na céadta dalta agus ábhar múinteora chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Leis an fheachtais atá ar bun cinnteoidh seo nach dtiocfaidh laigeacht ar bith ar an saibhreas teanga agus an Ghaeilge cheolmhar a bronnadh orainn óna glúnta.

“Cé go bhfuil go dona faoi láthair le Cóivid, tá teanga, oidhreacht agus cultúr thar na bearta againn sa pharóiste chroíúil seo. Ardaíonn sé mo chroí nach bhfuil meath tagtha ar fhlúirseacht, nathanna agus stór cainte na ndaoine i gCloich Cheann Fhaola.

D’oscail an Ghaeilge agus amhránaíocht Ghaeilge doirse dom agus tugann sí m’fhéiniúlacht dom,” a dúirt Diane Ní Chanainn.

Beidh Hamish, atá 10 mbliana d’aois, ina urlabhraí don dream óg sa cheantar agus é ag iarraidh a chur in iúl do thuismitheoirí “an tábhacht” a bhaineann leis an Ghaeilge a labhairt lena gcuid páistí.

Dúirt Bearnaí Ó Gallchóir, Cathaoirleach ar Choiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola go raibh “lúcháir” ar Choiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola go mbeadh Diane agus Hamish ina n-ambasadóirí ar an cheantar don bhliain seo romhainn.

“Is eiseamláir de dhuine Gaeltachta í Diana. Tá sí dílis don Ghaeltacht agus báite sa chultúr inár fáisceadh í. Is duine óg éirimiúil é Hamish a thuigeann tábhacht na teanga agus atá ag iarraidh í a chur chun cinn. Rachaidh an bheirt go mór i bhfeidhm ar an phobal agus beidh siad iontach sa ról,” a dúirt Ó Gallchóir.

Seo an dara huair a ceapadh Ambasadóir na Gaeilge i gceantar Chloich Cheann Fhaola. Is í an láithreoir teilifíse aitheanta de chuid TG4, Caitlín Nic Aoidh, as an tSeanbhaile i gCloich Cheann Fhaola, a bhí ina hambasadóir Gaeilge sa cheantar anuraidh.

Fág freagra ar 'An t-amhránaí aitheanta Diane Ní Chanainn ceaptha ina hambasadóir teanga ina ceantar dúchais'