An Spáinn agus Hierro ag súil le hanró na seachtaine seo a chur díobh

Agus Julen Lopetegui díbeartha as phost an bhainisteora, cuirfidh An Spáinn tús anocht le ré nua i gcoinne sheaimpíní EURO 2016, An Phortaingéil, i nGrúpa B

An Spáinn agus Hierro ag súil le hanró na seachtaine seo a chur díobh

Cosantóir na Spáinne, Sergio Ramos. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Imreofar an chéad chluiche idir péire de mhórfhoirne Chorn an Domhain anocht nuair a thabharfaidh An Phortaingéil agus An Spáinn aghaidh ar a chéile i Sochi.

Bhí daoine ag súil go mór leis an gcluiche seo ón tús agus is amhlaidh a mhéadaigh an tsuim sin de bharr na corraíola uile a bhí ann i gcampa na Spáinne le cúpla lá anuas. Níl a fhios againn go fóill cén tionchar a bheidh ag díbirt Julen Lopetegui ar mheon na n-imreoirí ach tabharfaidh cluiche na hoíche anocht léargas maith dúinn ar conas a rachaidh siad i ngleic leis an scéal.

Tá an chuma ar chúrsaí go raibh cuid mhaith de na himreoirí ag iarraidh go bhfanfadh Lopetegui ina phost go dtí deireadh an chomórtais ach rinneadh an cinneadh fáil réidh leis dá n-ainneoin. Níor chaill an Spáinn aon chluiche faoi cheannas Lopetegui ach tá a chuid pleananna uile caite i dtraipisí anois.

Ar an láimh eile de, tá an oiread sin taithí ag imreoirí na Spáinne ar chluichí agus ar chomórtais mhóra go bhfuil seans ann gur beag an bhainistíocht a theastaíonn uathu. Ceannairí críochnaithe ar pháirc na himeartha iad Sergio Ramos, Gerard Pique, Andres Iniesta, Sergio Busquets agus David Silva agus beidh an Spáinn ag súil go mbeidh siadsan in ann aon fhadhb atá ann a réiteach.

Níl bheidh mórán ama acu ná ag a mbainisteoir nua Fernando Hierro, áfach, mar anocht atá a gcluiche is deacra i nGrúpa B acu agus iad ag imirt in aghaidh na Portaingéile, Seaimpíní EURO 2016

Beidh súil ag Cristiano Ronaldo agus a chomhghleacaithe ar fhoireann na Portaingéile go mbeidh siad in ann na babhtaí deireanacha a bhaint amach sa Rúis i mbliana. Dhá bhliain ó shin sa Fhrainc, bhí siad ag brath ar a gcumas i mbun cosanta. Tá na himreoirí céanna sin acu go fóill ach tá imreoirí den scoth acu i measc na dtosaithe chomh maith, Ronaldo, André Silva, Bernardo Silva agus tuilleadh nach iad.

Pé toradh a bheidh againn anocht, bheadh súil ag an dá fhoireann teacht slán as an ngrúpa, ach thabharfadh tús maith an-mhisneach dóibh agus don Spáinn go háirithe.

Tuar Tuairisc.ie: Comhscór

Fág freagra ar 'An Spáinn agus Hierro ag súil le hanró na seachtaine seo a chur díobh'