An seanadóir JD Vance, údar ‘Hillbilly Elegy’ roghnaithe ag Trump le seasamh leis sa toghchán

Coiméadach a bhí glan in aghaidh Trump ab ea Vance tráth ach tá an Seanadóir as Ohio an-láidir ar son an iaruachtaráin le tamall

An seanadóir JD Vance, údar ‘Hillbilly Elegy’ roghnaithe ag Trump le seasamh leis sa toghchán

Caipitilí fiontair i Silicon Valley é Vance atá 39 bliain d’aois. Níl sé i bhfad ar an bhfód i gcúrsaí polaitíochta agus gan ach bliain caite sa Seanad aige.

Hillbilly Elegy, cuimhní cinn ar a óige in Ohio agus Kentucky, a thuill cáil do Vance. Coiméadach a bhí glan in aghaidh Trump ab ea Vance an uair sin agus ba mhinic é ag tráchtaireacht ar an tslí ar éirigh leis an iaruachtrán daoine bochta gealla a mhealladh chun vótáil.

Beidh Trump ag caint an tseachtain seo ag comhdháil na bPoblachtánach in Milwaukee, an tseachtain seo i ndiaidh dó teacht slán ó iarracht a rinneadh é a fheallmharú ag slógadh in Pennsylvania Dé Sathairn.

Dúirt Vance tráth go raibh Trump gránna mar dhuine agus go raibh daoine geala bochta á dtabhairt “go dtí áit an-dhorcha” aige. Ach d’athraigh sé a phort le linn toghchán Seanaid 2022 nuair a thacaigh Trump leis agus tá sé an-láidir ar son an iaruachtaráin ó shin. Is minic Vance ag cosaint Trump agus ag aithris ar a chuid cainte agus a chuid bréaga faoin toghchán a ‘sciobadh’ uaidh.

Cé go ndúirt Trump go dtapódh sé an deis an tír “a thabhairt le chéile”, mháigh Vance agus daoine eile sa Pháirtí Poblachtánach go raibh baint dhíreach ag an eachtra lámhaigh le reitric an Uachtaráin Biden.

Fág freagra ar 'An seanadóir JD Vance, údar ‘Hillbilly Elegy’ roghnaithe ag Trump le seasamh leis sa toghchán'