‘An rud is mó a d’fhoghlaim mé no go bhfuil foighid riachtanach ar an saol seo’

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2021 le roinnt Gael. An geábh seo, tá an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta Póilín Nic Géidigh linn

‘An rud is mó a d’fhoghlaim mé no go bhfuil foighid riachtanach ar an saol seo’

1. Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2021

Taisteal thart ar fud na tíre! Chonaic mé bailte, oileáin, agus cathracha nár thug mé cuairt orthu riamh, agus bhí deis agam bualadh le daoine nach bhfaca mé le tamall fada. Rinne mé go leor spaisteoireachta agus tá mé buíoch go raibh mé ábalta tuilleadh den tír álainn seo a fheiceáil le linn na bliana. Chomh maith leis sin, craoladh clár do pháistí a thaifead mé anuraidh le Fíbin, Timpeall Orainn ar Cúla4, agus bhí sé galánta é a fheiceáil ar an scáileáin faoi dheireadh!

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2021

Bhí ríméad orm nuair a fuair mé amach go raibh mé dhul a bheith ag léiriú Bladhaire ar RnaG. Bhí baint agam leis an chlár roimhe seo agus mé ar thaithí oibre sa stáisiún agus mar rannpháirtí, ach bhí áthas an domhain orm nuair a chuala mé go mbeinn ag teacht i gcomharbacht ar Damien Ó Dónaill mar léiritheoir ar an chlár. Tá jab den scoth déanta aige féin agus Áine Ní Bhreisleáin le trí bliana anuas, agus tá súil agam go mbeidh mé ábalta coinneáil ag dul leis an obair mhaith atá tosaithe acu!

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2021?

Tá muid cráite le drochscéalta le chóir a bheith dhá bhliain anuas, agus ní raibh sé furasta iad a sheachaint, go háirithe agus mé ag léamh na nuachta ar an raidió! Is dócha gurb é an príomhrud a sheasann amach dom, go háirithe mar gheall go bhfuil mé i mo chónaí i nDún na nGall, ná cás na dtithe MICA. Tá oiread trua agam do dhaoine a bhfuil a dtithe ag titim as a chéile thart orthu agus gan neart acu air, agus tá súil agam go bhfaighidh siad cúiteamh mar is ceart agus go dtiocfaidh deireadh leis an bhfulaingt.

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2021?

An rud is mó a d’fhoghlaim mé no go bhfuil foighid riachtanach ar an saol seo. Shíl muid uilig an tráth seo anuraidh go mbeadh gnáthshaol againn arís i mbliana, agus bhí sé doiligh dhul i ngleic leis an díomá leanúnach i rith na bliana, agus an mothú go bhfuil mo chuid fichidí ag dul amú. Bhí orm a rá liom féin go minic i mbliana go bhfuil tréan ama agam ar an saol seo, agus nach gcaithfidh achan rud beo a bheith bainte amach agam sula sroichim aois a 30!

5. Ar éirigh leat cloí le haon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2021?

Ní duine mór ‘Rúin Athbhliana’ mé, brisim iad i gcónaí i ndiaidh lá no dhó, agus ní éirím as meon na cóisireachta i mí Eanáir choíche mar go bhfuil mo bhreithlá ar an dara lá déag! Is dócha go raibh rúin phearsanta agam i gcúl m’intinne féin a bhain mé amach, agus tá mé sásta leis an phointe ag a bhfuil mo ghairm agus mo shaol phearsanta, ach bím i gcónaí ag lorg an chéad ruda eile, agus tá súil agam go mbeidh 2022 cineálta liom!

Fág freagra ar '‘An rud is mó a d’fhoghlaim mé no go bhfuil foighid riachtanach ar an saol seo’'