An ráta scaipthe coróinvíris is airde sa stát i dtoghcheantar Gaeltachta

Tá toghcheantair i nDún na nGall agus Maigh Eo i measc na gceantar is measa atá buailte ag an Covid-19 le cúpla seachtain anuas agus tá ardú mór tagtha ar líon na gcásanna i gCorca Dhuibhne agus ceantair eile

An ráta scaipthe coróinvíris is airde sa stát i dtoghcheantar Gaeltachta

Is i gceantar Gaeltachta atá an ráta scaipthe Covid-19 is airde sa Stát, de réir na staitisticí is deireanaí.

Deimhníodh 266 cás nua den choróinvíreas i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead idir an 22 Nollaig agus an 4 Eanáir agus ráta scaipthe 2,111 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar mar thoradh air sin.

Bhí an ráta i mBéal an Mhuirthead os cionn trí huaire níos airde ná an meánráta scaipthe sa stát le linn na coicíse sin – 674.

Níl ach ceantar amháin eile sa tír ar fad, Ard Mhacha (BT60), ina raibh ráta níos airde ann le linn na tréimhse chéanna. Ráta 2,285 a bhí in Ard Mhacha (BT60).

Tá tionchar an tríú maidhm den víreas le feiceáil go soiléir sna figiúirí is deireanaí agus na rátaí scaipthe is airde ó tosaíodh ag foilsiú na bhfigiúirí seo mí Mheán Fómhair i nach mór gach toghcheantar Gaeltachta.

Tá toghcheantar Bhaile na nGallóglach, mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile, ar an gceathrú ceantar is measa atá buailte ag an Covid-19 sa stát. Deimhníodh 246 cás nua ann idir 22 Nollaig agus 4 Eanáir agus ráta 1,786 ann dá bharr.

Sna Gleannta in iarthuaisceart an chontae, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Dhún na nGall, deimhníodh 102 cás sa toghcheantar agus bhí ráta 426 ansin.

Ráta 676 atá i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae agus aimsíodh 179 cás ann le linn na coicíse.

I gCiarraí, tháinig méadú faoi thrí in aon seachtain amháin ar líon na gcásanna a deimhníodh i gCorca Dhuibhne. Deimhníodh 25 cás nua sa cheantar idir 15-28 Nollaig ach tá an líon sin imithe suas go dtí 75 cás de réir na staitisticí is deireanaí. Ráta 529 atá i gCorca Dhuibhne, ráta i bhfad níos airde ná mar a bhí uair ar bith eile le roinnt míonna anuas.

Thit an ráta i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, le seachtain agus é imithe ó 670 go dtí 607. 152 cás ar fad a deimhníodh ansin idir an 22 Nollaig agus an 4 Eanáir.

I gConamara Theas, deimhníodh 91 cás sa toghcheantar le linn na tréimhse sin agus ráta 426 a bhí ann. Cé go bhfuil na figiúirí sa cheantar i bhfad níos airde ná mar a bhí siad le cúpla mí anuas, níl siad baileach chomh hard agus a bhí lár mhí Dheireadh Fómhair nuair a bhí ráta 726 ann.

Ní fhacthas ráta chomh hard i gConamara Thuaidh go dtí seo. 64 cás a bhí ann le coicís anuas agus ráta 372 a bhí sa cheantar.

Bhí a thrí oiread níos mó cásanna i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltachta Mhúscraí, le seachtain anuas chomh maith. D’imigh líon na gcásanna suas ó 31 go dtí 104 idir 22 Nollaig agus 4 Eanáir, rud a d’fhág go raibh ráta scaipthe 282 sa cheantar.

Ardú beag a bhí i gceist sa toghcheantar ina bhfuil Gaeltacht na nDéise – Dún Garbhán. Deimhníodh 29 cás agus ráta 142 atá ann anois, ardú ó 122.

Cé nach bhfuil na figiúirí chomh hard le Béal an Mhuirthead, bhí ardú mór i gceist sa toghcheantar eile ina bhfuil ceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo, Cathair na Mart. D’ardaigh líon na gcásanna ó 24 go dtí 75 idir 22 Nollaig agus 4 Eanáir agus ráta 408 ann dá bharr.

I gcontae na Mí, tháinig ardú ó 333 go dtí 587 ar an ráta i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn.

Ardú mór a bhí i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib. Deimhníodh 138 cás ann, ardú ó 35, agus ráta 426 a bhí ann.

 

Fág freagra ar 'An ráta scaipthe coróinvíris is airde sa stát i dtoghcheantar Gaeltachta'