‘An ndearna tú é seo cheana?’ a d’fhiafraigh sí den fhiaclóir

Ní den chéad uair, bhí an Cailín Mór Beag istigh ag an bhfiaclóir do choinne éigeandála 

‘An ndearna tú é seo cheana?’ a d’fhiafraigh sí den fhiaclóir

‘Oibríonn sé,’ a deir an fiaclóir agus é ag iarraidh scealpóg fiacaile a ghreamú ar ais ar an bhfiacail don Chailín Mór Beag, ‘oibríonn sé scaití.’

‘Scaití?’ a deir sí agus í ag léim aníos sa gcathaoir ghluaisteach ghalánta. Chonaic mé an scealpóg ag creathadh ar bharr an spadail bhig a bhí á láimhseáil go cúramach ag an bhfiaclóir is foighní in Éirinn.

‘An ndearna tú é seo cheana?’ a d’fhiafraigh sí dhe go hamhrasach. ‘Bí socair, maith an cailín,’ a d’ordaigh mé.

Shuigh sí siar arís sa gcathaoir. ‘Tá sé déanta go mion minic agam,’ a deir an Fiaclóir, ‘faraor géar bíonn na fiacla á mbriseadh ag go leor daoine.’

Tháinig aoibh faoisimh ar a héadan. Bhí áthas uirthi nach í an t-aon pháiste in Éirinn a raibh scealpóg imithe as fiacail orthu.

Bhí an Cailín Mór Beag istigh ag an bhfiaclóir do choinne éigeandála. Níorbh é an chéad uair aici a bheith istigh san oifig chéanna ar ghnó éigeandála. Geata ba chúis leis an trioblóid an uair seo, geata trom iarann teilgthe a bhí san áit mhícheart is a tháinig sa mbealach uirthi agus í ar mhisean práinneach. Is minic gur thit an tubaiste ar dhuine agus iad faoi dheifir.

Cluiche tóraíochta ba chúis leis an trioblóid an uair seo. Bhí sí ag rith ar lánluas is fiabhras na ró-iomaíochta buailte uirthi ag iarraidh breith ar dhuine de na páistí eile nuair a tháinig an geata sa mbealach.

Scréach uafásach uaithi a d’fhógair an mí-ádh. Bhí mé féin agus Fear an Tí ag suí ar an tolg i ndiaidh an dinnéir ag ól tae ar ár suaimhneas.

‘Nach iontach an rud é go bhfuil siad sách mór anois le bheith ag spraoi taobh amuigh leo féin,’ a dúirt mé is mé ag séideadh ar an tae sula n-ólfainn bolgam.

‘Is iontach dháiríre,’ a deir Fear an Tí. ‘Ní bhíonn na blianta i bhfad ag imeacht,’ a dúirt sé go machnamhach, is briosca seacláide á thumadh go réidh aige ina chupán tae.

‘Tá an ruainne beag neamhspleáchais go maith acu freisin,’ a deir mé ag aontú leis is ag tógáil briosca ón bpacáiste is á thumadh i mo chupán tae féin go suaimhneach.

‘Aaaaaaaaaaaaaaaaaaaaaaa!’ a chuala muid ansin amuigh ar an tsráid. Leag muid na cupáin ar an urlár. ‘Waaaaaaaaaaaaaaa, aaaaaaaaa, aaaaaa!!’

Béic a bhí ann a chuirfeadh an croí trasna ionat. Béic a chuirfeadh an ghruaig ag seasamh ar do chloigeann. Béic a chuirfeadh faitíos d’anama ort.

‘Tá duine éigin maraithe cinnte!’ a deir Fear an Tí le teann uafáis.

Thosaigh muid ag rith i dtreo an dorais agus scéin ionainn. Thosaigh an gadhar ag rith freisin, ag tafann is ag rith isteach faoinár gcosa is ag léim orainn.

Lie down as ucht Mac Dé ort,’ a bhéic Fear an Tí. Níor thug sí aon aird air, shíl sí gur cluiche nua a bhí á imirt againn. Rith agus gleo agus léimneach.

Léim sí isteach faoi mo chosa is d’airigh mé mé féin ag titim. ‘AAAAAAAAA!’ a chuala mé arís amuigh ar an tsráid. ‘Wuf! Wuf! Wuf!’ a deir an gadhar. Rug mé ar ráille an staighre is d’éirigh liom na cosa a chur fúm arís.

Ba mór an faoiseamh dúinn nach raibh imithe ach scealpóg fiacaile sa deireadh thiar.

‘Fan socair maith an cailín,’ a dúirt Fear an Tí leis an gCailín Mór Beag dhá lá ina dhiaidh sin agus í istigh sa gcathaoir fiaclóra is é ag iarraidh an scealpóg a ghreamú ar ais ar a fiacail.

‘Cinnte Daidí,’ a deir sí agus déarfainn go raibh sé i gceist aici fanacht socair.

Réitigh an fiaclóir an gliú speisialta agus leag sé an scealpóg go cúramach arís ar bharr an spadail bhig is thosaigh á ghluaiseacht go mall i dtreo a béil.

‘Ná bí neirbhíseach,’ a deir sí leis, ‘tá tú ag déanamh jab iontach.’

Fág freagra ar '‘An ndearna tú é seo cheana?’ a d’fhiafraigh sí den fhiaclóir'