An mbíonn daoine as Trá Lí ag brionglóidí faoin Daingean, daoine as Inis Córthaidh ag brionglóidí faoi Loch Garman?

Bíonn áit speisialta ag daoine áit atá gar dá mbaile dúchais féin…

An mbíonn daoine as Trá Lí ag brionglóidí faoin Daingean, daoine as Inis Córthaidh ag brionglóidí faoi Loch Garman?

Ní mé an bhfuil áit speisialta ag chuile dhuine nach é a bhaile dúchais féin go baileach é ach áit atá gar don bhaile dúchais sin, nó gar don áit ar tógadh é. Ní mé, mar shampla, an mbíonn daoine as Trá Lí ag brionglóidí faoin Daingean, nó daoine as Nice ag brionglóidí faoi Saint-Paul de Vence, nó daoine as Port Láirge ag brionglóidí faoin Trá Mhór, nó daoine as Genoa ag brionglóidí faoi Portofino.

Nó an mbíonn daoine as Loch Garman ag brionglóidí faoi Ros Láir? Nó an mbíonn daoine – m’fhearacht féin – a tógadh in Inis Córthaidh ag brionglóidí faoi chathair Loch Garman?

Níor thaitin an bóthar nua ó Chaladh na Carraige go cathair Loch Garman riamh liom. Bhí ciall leis ar pháipéar, b’fhéidir, ach anois cailleann an turas cumhacht na dlúithe galánta a mhothófá nuair a thiontófá díreach i ndiaidh an droichid ag Caladh na Carraige agus nuair a leanfá an bóthar cúng le taobh Inbhear na Sláine i dtreo chathair Loch Garman.

Sa lá atá inniu ann, de bhrí go bhfuil mé i mo chónaí ar an taobh eile den inbhear, téim isteach go dtí an baile thar an droichead leathan sin atá i gcónaí, i mo bharúilse, ar cheann d’íontaisí an domhain. Agus tú ag tiomáint trasna, is féidir leat an clog mór de White’s Hotel a fheiceáil agus stuaiceanna an dá eaglais ón 19ú haois agus ard an árais ceoldrámaíochta nua – a dtugann siad an National Opera House anois air – agus na mílte díonta tí eile chomh maith le radharcanna uile ‘chúl an tí’.

Nuair a bhíonn an carr parcáilte agam, is féidir liom imeacht liom síos an phríomhshráid. Ar lá breá, is féidir liom dul siar ar bhóithrín na smaointe is laethanta m’óige. Ar an chéad stráice idir Dunne’s Stores agus Green Acres, bhíodh siopa torthaí agus glasraí den seandéanamh ann a mbíodh boladh úllaí aibí ar leathadh amach as sa bhfómhar. Nó in aice le siopa éadaitheora Hore’s, bhíodh Woolworth’s le bosca Perspex in aice an dorais a raibh sú oráiste fuar ann agus oráiste phlaisteach ag snámh ar a bharr.

Díreach os a chomhair amach beagnach, bhí cineál siopa caife a mbíodh júcbhosca ann, réamhionad de fhrithchultúr an bhaile.

Ina dhiaidh sin, sníonn an phríomhshráid chúng fhada a bealach ó Chearnóg Mhic Réamainn go dtí An Fhaiche agus í comhthreomhar leis na céibheanna. Tá an chuid is mó de na siopaí beag agus tá fuinneoga móra plátghloine iontu. Éiríonn le leath an bhaile an phríomhshráid seo a shiúl am eicínt i rith an lae, agus coinníonn lucht na siopaí súil uirthi, iad ag faire na ndaoine atá ag dul thar bráid.

Ar bhealach amháin is cuimhne atá sa bpríomhshráid seo. Ach le bheith níos fírinní faoi is le Billy Roche í. Den chuid is mó, tá a chuid drámaí suite sna sráideanna thart anseo. D’athchruthaigh sé Loch Garman ina shamhail féin. Eascraíonn Loch Garman Bhilly Roche ina áit bheo. Caint bheo a chuireann tús lena chuid drámaí. Níl oiread is líne amháin iontu nach bhféadfadh teacht as béal duine de mhuintir an bhaile. Tá an Loch Garman a chruthaíonn sé ag tréigean gach lá. Tá an cuan siolta agus tá laethanta thionscal na hiascaireachta imithe. Ach bhí na saintréithe uilig a bheadh ag ardchathair ag an Loch Garman inar tógadh Billy Roche, agus cuid dá fuinneamh freisin.

Tá cruth meánaosta ar an mbaile agus is rud neamhghnách in Éirinn é a leagan amach cultúrtha mar is meascán de chultúr Normannach agus Gaelach atá ann, chomh maith le roinnt saintréithe Sasanacha agus Úgónacha.

Ar nós na mbratacha a dhéananns comóradh ar éirí amach na bliana 1798 is gníomh eile de chuid an éirí amach freisin an bhratach a choinníonn Billy Roche crochta os cionn an bhaile. Áitíonn bratach Roche go bhfuil scéal eile le n-inseacht, scéal nach bhfuil gaisciúil, fírinne eile a gcaithfear breathnú amach di. Tá fonn air caint is comhrá an bhaile a athchruthú, na beatha ar theip orthu, an ciapadh is an céasadh, ní ag an stair ach ag gníomhartha na dtuismitheoirí is an pháirt sin de nádúr an duine nach féidir a choinneáil faoi smacht. Sé Capall Adhmaid na Traí é, a Loch Garman, ach go bhfuil an Traí as amharc, gan oscailt, bearna ná bealach isteach. Tugann sé faoi scéal na beatha a léiriú mar bhrón lom nocht.

Scaití, agus mé ag siúl na príomhshráide I Loch Garman, casann duine orm a ndeachaigh mé ar scoil leis, nó duine a bhfuil aithne agam air ó m’óige. Ach chomh minic céanna feicim duine ag teacht i mo threo a d’fhéadfadh siúl amach as dráma de chuid Billy Roche – Tony nó Jimmy as A Handful of Stars, Eagle as Amphibians, Danger Doyle as Poor Beast in the Rain.

***

San úrscéal is deireanaí le John Banville The Singularities, nuair a scaoiltear saor Freddy Montgomery, an dúnmharfóir ar chuir muid aithne ar dtús air san úrscéal The Book of Evidence (1989), cónaíonn sé i saol brionglóideach a bhfuil carachtair eile as ficsean Banville ina gcónaí ann. Is ficsean taobh istigh d’fhicsean é The Singularities, amhail pictiúr atá péinteáilte taobh istigh de fhráma pictiúir eile. Cur i gcéill agus seachmall uilig é, ar nós folach bíog le soilse agus scáilí.

Ach fáisctear nóiméid as seo atá fírinneach, géar agus cruinn, aisteach go leor, drámaí daonna a théanns go cnámh. Tá puipéid Bhanville nó na créatúir a shamhlaigh sé beo sa saol agus iad mar a bheadh in aimhréidh phráinneach i saol ina dtagann an crú ar an tairne. Tá a chuid tithe, na seomraí, an tírdhreach agus na radharcanna brionglóideach, ach éiríonn siad soiléir go tobann mar a d’ardófaí brat, an chuimhne ag oibriú ar a bealach aisteach féin.

Agus ansin is ann do Ros Láir. Ní théadh muintir Inis Córthaidh ann mórán cé’s moite den am nach raibh carranna ag na daoine. Ansin, ar Dhomhnach brothallach samhraidh, d’fhéadfadh teaghlaigh dul ar an traein go Ros Láir. Ach bhí an nós sin imithe i léig faoin am a raibh mise ag éirí aníos. Chaithfeadh cúis faoi leith a bheith agat chun dul go Ros Láir.

Bhí bóthar fada amháin i dTrá Ros Láir a bhí comhthreomhar leis an trá. Go leor seanbhungalónna le crainnte pailme ina gcuid gairdíní. Cúpla siopa beag. Roinnt tithe lóistín. Agus ansin an Strand Hotel a bhreathnaíonn amach ar an trá agus ar óstán eile – an bhféadfadh sé gur ‘The Cedars’ atá mar ainm air?

In The Singularities tugtar ‘Ballyless on Sea’ mar ainm air.

‘Bhí eolas aige ar an áit,’ a scríobhann Banville faoi Freddy Montgomery, ‘chaitheadh sé samhraíocha anseo agus é ina ghasúr, agus tá cuid dá óige beo i gcónaí ann, fiú mura mbeadh ann ach boladh an aeir ghoirt nó dreach seanda gach ruda. Is streoillín spréite d’óstáin agus de thithe lóistín agus villanna griantuartha é an baile, agus tá siopaí beaga ar thaobh amháin den bhóthar atá míle nó mar sin ar fhad, a bhfuil imeall éiginnte de dhumhcha luachra ar thaobh amháin de agus an trá ar an taobh eile.’

Cheap Freddie ‘go raibh sé ró-inchreidthe nár athraigh dreach an bhaile mórán, lena dhá óstán agus an eaglais lena díon stáin a raibh boladh neamhnaomhaithe, meascán de leamhaol agus d’adhmad te istigh ann, ar mhaidineacha Domhnaigh sa samhradh, agus a bheadh ann fós, ba dóigh.’

Bhí dearmad déanta agam ar an eaglais lena díon stáin a péinteáladh i ndath dearg fola, dath dearg fola de chineál an daimh.

Téim ar shuíomh idirlín Phádraig Grant, an grianghrafadóir a rinne obair saoil agus léarscáil Loch Garman a tharraingt. Faoin iontráil do Ros Láir faighim pictiúr de theach beag stáin. Bhíodh go leor tithe mar sin ann ó cheann ceann chósta Cho. Loch Garman, iad caite le chéile sul má rinne na dlíthe pleanála iarracht ar ord agus eagar a chur ar chúrsaí.

Lé déanaí, tá Pádraig Grant ag tógáil grianghrafanna de chósta Cho. Loch Garman, é ag déanamh gach baile fearainn, ceann i ndiaidh a chéile. Cumhdaíonn an chéad imleabhar de Coastlight ó Rinn Chill Mhichíl go Baile an Bhulbhaigh, grianghrafanna dubh agus bán ina n-éiríonn leis i roinnt de na pictiúirí taispeáint dúinn cén chaoi a mbreathnaíonn dallrú an tsolais lá breá ar an gcósta sin. Éiríonn lena cheamara an íomhá sin a chruthú agus a léiriú – solas glan na gréine ag lonradh ar an uisce socair – rud a bhíonn neadaithe níos cruinne sa gcuimhne de ghnáth.

Ar na laethanta a bhfaca mé an solas leáite sin ar an uisce, bhí mé ag déanamh iontais cén chaoi a gcuimhneoinn air sin arís amach anseo? Cén chuma a bheadh air laethanta sceirdiúla an gheimhridh nó san earrach nó sa samhradh nuair a bheadh an spéir liath agus bagairt bháistí san aer?

Bhíodh muid inár suí ar an trá i mBaile an Choinigéir scaití i mí Iúil agus Lúnasa nuair a dhúnfadh an spéir le scamaill liatha. Agus is cuma céard a tharlódh, d’áiteodh duine fásta eicínt go nglanfadh an spéir. Agus ansin bhraithfeá na chéad bhraonta móra báistí agus ba ghearr go mbeadh sé ina dhoirteadh, agus chaithfeadh na daoine fásta agus na páistí uilig chuile rud a chruinniú le chéile – rugaí, bréagáin, tuáillí, raidiónna trasraitheora, cliabháin láimhe – agus é a thabhairt do na bonnachaí.

B’in é Baile an Choinigéir sna 1960idí luatha. Timpeall seasca bliain ó shin anois go díreach. Is féidir liom é a thabhairt chun cuimhne go grinn nuair atá mé ag breathnú ar ghrianghrafanna Phádraig Grant a tógadh le blianta beaga anuas, sa gcaoi chéanna gur trí shúile Freddie Montgomery is fearr is féidir liom Ros Láir a fheiceáil, agus Loch Garman a shamhlú trí charachtair a chum Billy Roche.

B’fhéidir go dtabharfainn féin faoi úrscéal eile go luath, agus mé ag oibriú amach go righin réidh an féidir liomsa bealach eile a aimsiú leis an mbaile seo a athchruthú, mé ag éisteacht le guthanna, mé ag tabhairt an tsolais, soilseach claonta, ar an bhfarraige faoi deara, mé ag scríobh liom.

Micheál Ó Conghaile i gcomhar le Niklas Fink a d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024

Fág freagra ar 'An mbíonn daoine as Trá Lí ag brionglóidí faoin Daingean, daoine as Inis Córthaidh ag brionglóidí faoi Loch Garman?'

  • jpmorley0@gmail.com

    Bhuel is cinnte nach a mhalairt atá ann ó thaobh an Daingin de.
    Deireadh seanfhear tamall gairid siar ón nDaingean liomsa go minic t’réis babhta airneáin;
    ‘Fág é sin mar atá sé…Trá Lí mar a bhfuil sé!’