An leanfaidh Sinn Féin cúrsa Fhianna Fáil?

An éireoidh le Sinn Féin na botúin a d’fhág Fianna Fáil san fhaopach a sheachaint?

An leanfaidh Sinn Féin cúrsa Fhianna Fáil?

Tá léirithe ag pobalbhreith eile fós nach bhfuil Fianna Fáil in aon ghaobhar don dá mhórpháirtí, Fine Gael is Sinn Féin. Is measa na figiúirí d’Fhianna Fáil i measc daoine óga agus sa phríomhchathair.

Mar atá ráite cheana, níl dada i ndán don pháirtí mura dtagann athrú mór ar an scéal. Is ní thiocfaidh aon athrú ar chúrsaí, measaim, ach amháin má athraítear treo an pháirtí ar fad.

Ach céard faoi Shinn Féin, an páirtí poblachtach atá i ndiaidh deireadh a chur leis an mealladh a bhain leis an leath-phoblachtachas agus pé iarsmaí den radacachas a shamhlaítí le Fianna Fáil?

Go minic déantar dearmad ar an ról a bhí ag Fianna Fáil i dtús a réime. Ach ba pháirtí radacach é, páirtí a bhain leas as cumhachtaí an stáit ar mhaithe le tionscail a bhunú, ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil go fairsing, ar mhaithe le hÉirinn a chur ar bhóthar na nua-aimsearthachta. 

Bhunaigh Fianna Fáil comhlachtaí stáit le treoir a thabhairt don gheilleagar. Faoi réimeas Fhianna Fáil thóg an stát eastáit tithíochta ar fud na tíre. Agus chuir Fianna Fáil agus Donogh O’Malley oideachas iarbhunscoile ar fáil don phobal ar fad.

Ach níos deireanaí, ba é Fianna Fáil a rinne príobháidiú ar chomhlachtaí stáit ar nós Telecom Éireann, agus anois tá Fianna Fáil ag brath ar an earnáil phríobháideach (nó earnáil na sainte mar is cruinne a rá) le tithíocht a chur ar fáil ar bhealach a thabharfaidh brabach mór do na forbróirí príobháideacha.

Ag an tús bhíodh caint mhór ag Fianna Fáil faoi athbheochan na Gaeilge agus faoi athaontú na tíre. Ach anois tá ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin ag cur i gcoinne reifrinn ar athaontú na tíre, agus ag breathnú sa treo eile fad is atá an Ghaeltacht ag meath i gcónaí.

Bhí an t-am ann nuair a bhí Fianna Fáil bródúil as cogadh na saoirse, bródúil as ceannas a bheith ag muintir na hÉireann ar Éirinn agus bródúil as neamhspleáchas na hÉireann agus ár neodracht i leith eagraíochtaí cogaidh thar lear.

Inniu, tá Fianna Fáil i bhfabhar PESCO agus i bhfabhar CETA, rud a fhágann go bhfuil an stát i mbaol cásanna dlí ó chomhlachtaí má chuireann polasaí sóisialta nó timpeallachta an stáit as dá gcuid brabúis. Fiú i gcás na paindéime, ní féidir le Fianna Fáil cinneadh a dhéanamh mura bhfuil sé tógtha cheana dóibh ag an AE.

Thosaigh an páirtí le clár radacach, réabhlóideach nach mór, ach féach cá háit ar chríochnaigh sé.

An bhfuil baol ann go leanfaidh Sinn Féin an sampla seo? Páirtí radacach is ea é, go háirithe maidir le cearta oibrithe, tacaíocht stáit don gheilleagar, tithíocht, sláinte, oideachas, forbairt tuaithe, athbheochan na Gaeilge agus athaontú na hÉireann. Díreach mar a bhí Fianna Fáil sna 1930idí.

Ní mór do Shinn Féin, dá lucht leanúna is dá mbaill a bheith ar an airdeall nach leanfaidh siad cúrsa Fhianna Fáil.

Cuimhnigh freisin go raibh Fianna Fáil an-chúramach, faiteach go deimhin, ag an tús, mar a mhínigh Peadar O’Donnell sa leabhar There Will Be Another Day. D’fhoghlaim Dev ó chogadh na gcarad nach mór dó gach ar féidir a dhéanamh lena chinntiú nach mbeadh an Eaglais Chaitliceach ina gcoinne. Agus trína ghéilleadh d’údarás na heaglaise, is daor an praghas a d’íoc mná na n-áras altranais as go háirithe.

Ar ndóigh, ghéill Cumann na nGael agus ansin Fine Gael níos mó don Eaglais agus ní raibh Páirtí an Lucht Oibre i bhfad taobh thiar díobh.

Ní fheicim go bhfuil an fhadhb chéanna ag Sinn Féin inniu. Ach tá fadhb eile acu. Ní bheidh a ndóthain vótaí ag an eite chlé le dul i gcumhacht astu féin, fiú dá n-áireofaí mar pháirtithe de chuid na heite clé Páirtí an Lucht Oibre agus Comhaontas Glas Eamon Ryan, dhá dhream atá naimhdeach amach is amach do Shinn Féin.

Tá Sinn Féin ag glacadh leis anois go gcaithfidh siad a bheith oscailte do chomhrialtas le Fianna Fáil agus seans maith gur comhrialtas den chineál sin an t-aon rud a shábhálfadh FF freisin. Ach cén cineál comhrialtais a bheadh ann?

Más clár radacach a bheadh ann tá go maith, ach an bhféadfaí a bheith cinnte de sin, go háirithe leis an mbrú mór a chuirfeadh an Bhunaíocht agus na meáin orthu?

Agus, ar ndóigh, tá eilifint mór sa seomra. An féidir comhlachtaí stáit a chur i mbun stiúradh an gheilleagair (i gcás seirbhísí farantóireachta agus clár forbartha tuaithe mar shampla) nuair a deir bunreacht an AE go gcaithfear tús áite a thabhairt don saormhargadh agus gan aon srian a chur air?

Mura n-athraíonn Sinn Féin a bpolasaí fanacht dílis don Aontas Eorpach, ní bheidh i ndán dóibh ach ar tharla d’Fhianna Fáil is do Pháirtí an Lucht Oibre.

Fág freagra ar 'An leanfaidh Sinn Féin cúrsa Fhianna Fáil?'

  • An Teanga Bheo

    Agus smideanna beaga don Ghaeltacht de shior

  • Antóin

    An fáth nach bhfuil Fianna Fealltach Fáil in aon ghaobhar don dá mhórpháirtí? Is beag leo anois aon rud a bhaineann le hÉirinn d’ainneoin an phlámáis mhúisciúil agus an bhéil bháin. Dúirt tú féin é i mbeagán focal; easpa bróid as an tír seo agus a mbaineann léi.
    Formhór acu ag tochras ar a gceirtlín féin agus an tír díolta acu. Fealltóirí múisciúla.

    Agus an fhimíneacht? Ag gabháil leithscéal as ar tharla sna hárais altranais na blianta ó shin ach gan focal faoi na céadta leanbh atá á marú in ospidéil an lae inniu.

    Ach ar ais chuig do cheist. An leanfaidh Shinister Féin iad? Páirtí atá ag lorg internment do dhaoine atá “tinn”! Chomh cinnte is atá ceann ar do mhuineál.