Vótáil móramh mór ar son aisghairm an Ochtú Leasú i reifreann an lae inniu, de réir pobalbhreitheanna a rinneadh i measc daoine a bhí díreach tar éis vótáil.
68% a vótáil ar son an tOchtú Leasú a bhaint as an mBunreacht agus cead a thabhairt don Oireachtas reachtaíocht nua a thabhairt isteach maidir le foirceannadh toirchis, de réir an tsuirbhé iarvótála a rinne an Irish Times. 69.4% a vótáil ar son na haisghairme, de réir an tsuirbhé iarvótála a rinneadh do RTÉ.
Ipsos/MRBI a rinne an suirbhé iarvótála i ngach toghcheantar agus 4,000 duine ag 160 stáisiún vótála a bhí i gceist.
De réir na pobalbhreithe a rinne an Irish Times, vótáil 77% de thoghlach Bhaile Átha Cliath agus vótáil 60% de vótóirí na tuaithe ar son na haisghairme. 70% de mhná agus 65% d’fhir a vótáil ar son an tOchtú Leasú a bhaint ón mBunreacht. 87% de dhaoine idir 18-24 a vótáil ar son na haisghairme.
Tá moltaí i dtaobh na reachtaíochta a thabharfaí isteach sa chás go vótálfaí ar son na haisghairme foilsithe cheana ag an Rialtas.
De réir na moltaí sin bheadh rogha ag bean foirceannadh a lorg ó dhochtúir, ó obstratraí nó gínéiceolaí le linn an chéad 12 seachtain den toircheas. Bheadh dualgas de réir dlí ar an dochtúir na roghanna a bheadh ag an mbean a phlé léi agus chaithfí trí lá a thabhairt di le machnamh a dhéanamh ar a rogha. Tar éis an 72 uair a chloig sin, má roghnaíonn an bhean foirceannadh a bheith aici, cuirfear piolla ginmhillte ar fáil di.
Bheadh cead chomh maith, i gcásanna ar leith, foirceannadh a fháil suas go dtí an 24ú seachtain den toircheas. Cheadófaí sin sa chás go mbeadh beatha na máthar go mór i mbaol nó dá mbeadh baol ann go ndéanfaí dochar tromchúiseach dá sláinte, ach chaithfeadh beirt dochtúirí an cead sin a thabhairt.
Bheadh rogha ag bean ginmhilleadh a fháil chomh maith sa chás nach mairfeadh an féatas lasmuigh den bhroinn de bharr deacrachtaí sláinte nó sa chás nach mairfeadh sé ach tamall gairid i ndiaidh na breithe de bharr mínormáltacht mharfach.
Tá cuid mhór Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar son na moltaí atá foilsithe ag an Rialtas, ach theastódh athrú polasaí ó Shinn Féin chun go nglacfaí leo i dTithe an Oireachtais.
Níl polasaí Shinn Féin ag teacht le moltaí an Rialtais ach tá sé i gceist ag an bpáirtí an polasaí sin a leasú ag Ard-Fheis dá gcuid an mhí seo chugainn. Tá ráite ag roinnt polaiteoirí atá i gcoinne na reachtaíochta atá molta go dtacóidís léi dá léireofaí sa reifreann gurb í sin toil na ndaoine.
Tuairiscítear gur mhó daoine a chuaigh amach ag vótáil inniu ná mar a rinne i go leor reifreann eile roimhe seo.
Go luath tráthnóna bhí vóta caite cheana féin ag suas le 40% den toghlach i gceantair áirithe.
Go hiondúil vótálann go maith os cionn 60% den toghlach in olltoghcháin ach bíonn níos mó guagachta i gceist i gcás líon na ndaoine a chaitheann vóta i reifrinn.
61% den toghlach a chaith vóta sa reifreann faoin bpósadh comhghnéis in 2015, 56% a chaith vóta sa reifreann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus 50% a vótáil sa dara reifreann ar chonradh Nice. 39% a chuaigh amach ag vótáil don reifreann faoi dheireadh a chur leis an Seanad ach níor chaith ach 34% vóta sa reifreann faoi chearta leanaí in 2012.
Fág freagra ar 'An lá le ‘Tá’ agus 68% ar son na haisghairme – pobalbhreith iarvótála'