An ionann glór an scríbhneora sna teangacha éagsúla atá aige?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: an ionann glór an scríbhneora sna teangacha éagsúla a labhraíonn sé?

An ionann glór an scríbhneora sna teangacha éagsúla atá aige?

Tá dúil agam i gceol an amhránaí Shámaigh Mari Boine ó bhí na nóchaidí ann, nuair a bhíodh an t-amhrán is clúití aici, Gula Gula, á sheinnt go rialta ar MTV. Tá os cionn leathscór albam eisithe ag Boine ó shin, iad ar fad ina teanga dhúchais, Sáimis an Tuaiscirt, teanga nach bhfuil á labhairt ach ag tuairim is fiche míle duine i dtuaisceart Chríoch Lochlann. Ag tús na míosa seo, d’eisigh Boine albam nua, dar teideal See the Woman. I mBéarla atá na hamhráin ar fad, seachas ceann amháin.

Níl fúm léirmheas a dhéanamh ar an albam sin anseo, cé gur spéisiúil an cúram a bheadh ansin: ní dóigh liom gur éist mé le halbam riamh roimhe seo a mheabhraigh Pat Benatar (bean an amhráin Love is a Battlefield) agus Nick Cave (tréimhse Murder Ballads) dom ag an am céanna.

Níl fúm an cheist pholaitiúil a bhaineann le cinneadh Boine albam a thaifeadadh i mBéarla a phlé ach oiread, cé gur fiú dhá rud a lua sula gcoinneoidh mé orm: theastaigh ó Boine albam a thaifeadadh a thuigfeadh a lucht leanúna idirnáisiúnta, agus ní hé an Béarla an teanga atá ag brú isteach ar a teanga dhúchais, an tSáimis.

Is éard a theastaíonn uaim a phlé ná an tionchar atá ag rogha teanga ar ghlór an ealaíontóra, agus nuair a deirim ‘glór’ ní hé an glór fisiciúil amháin atá i gceist agam ach an glór i dtéarmaí litríochta go háirithe.

An chéad rud a rith liom nuair a d’éist mé le halbam nua Mari Boine ná nach bhfuil an fuinneamh, an bhrí agus an neart céanna ag baint leis agus a bhaineann lena cuid albam i Sáimis.

Agus í ag canadh i mBéarla, braithim fuaire éigin ina glór, ní neamhshuim go díreach, ach coimhthíos. Achar éigin idir í agus an ceol. Ní ghabhfainn chomh fada lena rá nach raibh a croí istigh san obair – má chuireann duine an trioblóid uirthi féin albam a scríobh agus a thaifeadadh, is féidir talamh slán a dhéanamh de go raibh a croí istigh sa togra – ach d’aithneofá nach é an Béarla teanga a croí, pé feabhas a bhaineann leis an teanga sin mar uirlis chumarsáide idirnáisiúnta.

Is iomaí cúis a bheadh ag scríbhneoir (scríbhneoirí iad amhránaithe freisin, ar ndóigh) scríobh i dteanga nach í a theanga dhúchais í. Tá triail bainte agam féin as ceithre cinn, agus foilsíodh scéalta liom i dtrí cinn acu sin go nuige seo. Fágfaidh mé faoin aos acadúil é anailís a dhéanamh ar mo ‘ghlór’ sna teangacha éagsúla ina mbím ag scríobh. Drochsheans go n-aithneoinn na difríochtaí le mo dhá shúil féin; bheidís róchleachtach ar an téacs. Is maith atá a fhios agam, áfach, nach ionann go baileach mo phearsantacht i ngach ceann de na teangacha a labhraím, agus cuirfidh mé geall go dtuigfidh cuid mhór de phobal na Gaeilge go díreach céard atá i gceist agam.

Cén dochar: níl muid ag caint ar neamhord pearsantachta anseo. Ach gné den ilteangachas é seo gur fiú don scríbhneoir a bheadh ag dul siar is aniar idir teangacha éagsúla a bheith ar an eolas faoi.

Fág freagra ar 'An ionann glór an scríbhneora sna teangacha éagsúla atá aige?'