‘An Ghaeltacht’ dhigiteach ina cúis dóchais

Tá comharthaí dóchais ann go leanfar leis an bhforbairt ar 'an Ghaeltacht' ar líne sa bhliain atá amach romhainn

GaelMail

Agus muid ag tabhairt aghaidh ar 2015, beidh muid ag súil le tuilleadh dul chun cinn sa ‘Ghaeltacht Dhigiteach’. Tá pobal na Gaeilge ar líne ag fás gach lá ar Facebook, Twitter agus YouTube agus le cúnamh Dé beidh tuiscint níos fearr againn ar an bhfás seo ó Atlas Teangeolaíochta Kevin Scannell atá á fhorbairt ag an ollamh faoi láthair.

Is mór an cúnamh, ar ndóigh, an fhorbairt atá déanta ar áiseanna Gaeilge ar ríomhairí le blianta beaga anuas. A bhuí le haistritheoirí agus ríomheolaithe díograiseacha ar nós Scannell, tá Skype, Audacity, Microsoft Office, Mozilla Firefox agus, le mí anuas, Gmail, ar fáil i nGaeilge. Tá liosta na n-áiseanna agus cur síos cuimsitheach ar an nGréasán Gaelach ar nascanna.com.

Tá pobal Gaelach bríomhar ar Twitter a bhfuil giolcairí ó gach cearn den domhan páirteach ann agus cuireadh tús le haistriú an tsuímh go Gaeilge dhá bhliain ó shin. Ba shlua-aistriú a bhí á dhéanamh ar Twitter go dtí seo, is é sin le rá raibh gnáthghiolcairí na Gaeilge i mbun an aistriúcháin, ach táthar ag súil go mbogfar ar aghaidh chuig an chéad chéim eile an tionscanamh seo i 2015.

Annus horribilis don Ghaeilge a bhí i 2014 ar go leor bealaí. D’éirigh an Coimisinéir Teanga as, ceapadh ‘Aire an Bheagáin’ agus tháinig deireadh le leithéidí Beo.ie agus Goitse. Ach tá dóchas againn don bhliain nua agus suíomh nua na hirise NÓS le teacht ar an saol an tseachtain seo chugainn. Tá cáil bainte amach ag NÓS mar iris stílbheatha don aos óg le cúpla bliain anuas agus tá gradaim éagsúla bainte amach aici dá dearadh mealltach. Beidh an iris chlóite ar fáil gach darna mí as seo amach agus beidh ábhar á fhoilsiú go rialta ar líne ag lucht NÓS. Le cúnamh Dé, cuirfidh an suíomh nua le beocht na teanga ar líne agus meallfaidh sé lucht léite a bheas níos fairsinge ná mar atá ag an leagan clóite faoi láthair.

Faoi dheireadh na bliana 2015, beidh an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ar fáil ina iomláine ar focloir.ie. Tá seachtó faoin gcéad d’ábhar an fhoclóra crochta ag an bhfoireann anois agus cuirfear an tríocha faoin gcéad eile leis i mí an Mheithimh agus agus i mí na Nollag. Tá aip beartaithe don fhoclóir freisin agus feachtas poiblíochta chun úsáideoirí, idir shean agus nua, a chur ar an eolas faoin bhfoclóir agus faoi na feidhmeanna atá ar fáil ar an suíomh.

Beidh muid ag súil le hábhar nua ar na suíomhanna dúchas.ie, ainm.ie agus logainm.ie freisin.

I mbliana cuireadh bailiúchán na Gaillimhe le duchas.ie agus beidh ábhar béaloidis ó chontaetha eile á chur leis i gcaitheamh na bliana. Cuireadh roinnt beathaisnéisí le ainm.ie freisin i mbliana agus beidh muid ag súil le cuntais orthu sin a d’imigh ar shlí na fírinne anuraidh ar an suíomh i 2015.

Rinneadh athnuachan ar logainm.ie anuraidh agus tá áis iontach cartagrafaíochta anois ar fáil don Phoblacht. Ba údar bróin ag roinnt daoine nach raibh an t-eolas céanna ar fáil do na Sé Chontae ach mhínigh logainm.ie nach bhfuil teacht acu ar an eolas cartagrafaíochta sin go fóill ach go bhfuileadar ag obair air. Le cúnamh Dé feicfear na Sé Chontae chomh soiléir céanna is a fheictear an chuid eile den tír faoi dheireadh na bliana.

Tá cáil ar an mbunachar téarmaíochta focal.ie ach beidh ainm nua ar an áis ón gcéad lá de mhí Mhárta ar aghaidh. Tá an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta le haistriú ón seoladh focal.ie chuig an seoladh téarma.ie de bharr go bhfuil an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ar fáil anois ar focloir.ie. Tá an t-athrú seo á chur i gcrích le go dtuigfidh úsáideoirí go soiléir gur bunachar téarmaíochta atá ann agus nach mbeidh mearbhall ar an bpobal i dtaca le focal.ie agus focloir.ie.

Ar deireadh, mar a léiríodh ar Tuairisc.ie, tá borradh faoi fhíseáin Ghaeilge ar YouTube. Beidh muid ag súil le go leor leor físeán ceoil, grinn, blaganna físe agus eile as seo go ceann bliana!

Fág freagra ar '‘An Ghaeltacht’ dhigiteach ina cúis dóchais'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Cur síos teorannta go leor ar an saol Ghaeilge ar líne atá anseo.

  • Shane

    “Altas”?

  • Seán Ó Briain

    Bainim an-taitneamh agus an-tairbhe as tuairisc.ie. Is trua, áfach, nach bhfuil go leor ábhar ann atá dírithe ar an aos óg, ach go háirithe.