Fuair mo mháthair cárta Nollag ó chara de mo chuid a bhfuil cónaí uirthi i gcathair Denver sna Stáit Aontaithe. Bhí lúcháir ar mo mham – ní mar gheall ar an gcárta féin amháin, ach toisc gur chuimhin léi, gan aon chúnamh uaimse, cé hí mo chara.
Naoi mí ó shin, deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar mo mham. Níl sí ródhona fós, ach bíonn sé an-deacair uirthi cuimhneamh ar ainmneacha daoine, agus go deimhin ar dhaoine a mbíodh aithne aici orthu fadó ach nach mbíonn teagmháil rialta aici leo a thuilleadh.
Ach chuimhnigh sí ar mo chara gan stró.
‘Sin í an cailín sin as an bhFrainc a bhíodh ag obair sa chaife a bhí agat i nGaillimh! Cuimhním uirthi fós agus í ag rith timpeall na háite agus ualach plátaí agus cupán á n-iompar aici, bhí fuadar fúithi i gcónaí!’
Bhí sé an-deas ó mo chara cárta Nollag a chur. Ach anois, theastaigh ó mo mháthair cárta a chur ar ais.
Tasc beag simplí, shílfeá, ach baineadh siar asam nuair a thuig mé nach raibh sí in ann chuige níos mó.
‘Tá rud éigin scríofa anseo ar chárta s’aicise. An gcaithfidh mise sin a chur ar mo chárta-sa anois?’ a d’fhiafraigh mo mham díom agus muid i mbun físchomhrá ar FaceTime.
D’iarr mé uirthi cárta mo chara a thaispeáint dom agus is ea go deimhin, seoladh mo chara a bhí i gceist ag mo mham.
‘Sin é, caithfidh tú an méid sin ar fad a scríobh ar an gcárta atá tú ag iarraidh a chur chuici.’
An lá dár gcionn bhí cárta ceannaithe ag mo mham. Ceann le tiúilipí a bhí ann – mí Eanáir a bhí ann faoin am seo agus ní dhéanfadh cárta Nollag cúis. Thaispeáin sí an cárta dom agus muid i mbun físchomhrá arís. Bhí cuid den seoladh cóipeáilte i gceart ach bhí ainm mo chara, an cód poist agus go deimhin na focail ‘Na Stáit Aontaithe’ ar iarraidh.
Líon muid isteach iad ach ansin bhí fadhb eile againn.
‘Céard a scríobhfaidh mé chuici anois? Agus an dtuigfidh do chara Ísiltíris?’
‘Ní thuigfidh, caithfidh an teachtaireacht a bheith i mBéarla.’
Rinne mo mháthair gáire leathdhóite.
‘An gceapann tú go mbeidh mise in ann teachtaireacht a scríobh i mBéarla agus mo cheann sa riocht ina bhfuil sé, an gceapann?’
Ó am go chéile, bíonn mo mham in ann greann a bhaint as an ngalar atá uirthi.
‘Abair liom céard ba mhaith leat a rá léi, aistreoidh mise go Béarla é, cuirfidh mé chugat tríd an ríomhphost é agus beidh tú in ann an téacs a scríobh ar an gcárta tú féin.’
Ní raibh mé go hiomlán cinnte an éireodh le mo mham an ríomhphost sin a léamh gan chúnamh, ach an lá dár gcionn, ba léir gur éirigh.
‘Tá an cárta sa phost!’ a dúirt mo mham, agus lúcháir uirthi mar a bheadh ar bhean a bheadh tar éis tráchtas PhD a chríochnú.
Ba mhó fós an faoiseamh a bhí orm féin an tseachtain ina dhiaidh sin, nuair a chuir mo chara in Denver teachtaireacht chugam chun a rá go raibh cárta mo mháthar tagtha.
Fág freagra ar '‘An gceapann tú go mbeidh mise in ann teachtaireacht a scríobh i mBéarla agus mo cheann sa riocht seo?’'