An féidir gurb é mo scéilín beag ar Tuairisc a chuir an kibosh ar romance mór Murdoch?

Cén tuiscint a bheadh againne, bochtáin, ar mhilliúnaithe agus na nithe beaga fánacha a bhaineann codladh na hoíche díobh?

An féidir gurb é mo scéilín beag ar Tuairisc a chuir an kibosh ar romance mór Murdoch?

Mo choinsias le Dia, a deireadh an seana-dhream fadó nuair a chloisidís rud éigin a bheadh ‘bunoscionn’ ar fad.

An féidir gurb é mo scéilín beag seoigh ar Tuairisc cúpla seachtain ó shin a chuir an kibosh (caidhp an bháis ) ar romance mór Rupert Murdoch bocht?

Ní túisce i gcló ar an suíomh é ná gur chualamar an scéal truamhéalach go raibh rómáns mór an Phiarda Astrálaigh caite fé thóin cártaí.

Ar éigean a dheineas iad a chiorrú! Ná dheineas deimhin go ndúirt mé ‘Bail ó Dhia orthu’ is ‘a chonách san orthu’ …más le fonóid is seanbhlas fhéin é.

Nár mhionaigh is nár mhóidigh Murdoch é fhéin go raibh a chroí chomh héadrom ‘le lon ar chraoibh’ agus é ag fógairt gurb í Ann Lesley Smith a ghrá geal….. ……

Thug sé an Leabhar Breac gurb é seo an uair dheiridh i ngrá aige é.

Bhronn sé fáinne geallta, aon charait déag diamaint uirthi, ceann a chosain os cionn dhá mhilliún go leith dollar.

Dia ár sábháil mar a déarfadh an Conallach.

Ní chuirfeadh éinne ach an té is míshibhialta amuigh an cheist, an bhfaighidh sé an fáinne ar ais uaithi?

Bhí sé meáite aige chomh maith 30 milliún dollar a thabhairt ar árasán don mbeirt acu, in aice le Central Park i Nua-Eabhrac. Nead seirce ambaiste.

Ach mar a deir an sean-amhrán. ‘Thit an tóin as Nóra Chríonna, is d’imigh na gabhair ar fuaid an taoide…’

Ní mar a síltear bítear a chailín.

An cheist is mó atá ag cur mearathail ormsa, áfach, agus tréimhse shollúnta an Charghais is na Cásca a bheith curtha againn dínn, conas a d’fhéadfadh éinne a bheith ródhiaganta ná róbheannaithe?

Sin é an locht a fuair Murdoch ar a fhiancée Ann Lesley bhocht!

Í a bheith róthugtha don tsoiscéalaíocht agus don ‘bpraeitseáil’.

Sin é an fáth gur bhris sé suas léi, de réir dealraimh.

Siar amach tar éis dise droch-chaidreamh a bheith aici lena fear céile ag an am, fuair Ann Lesley sólás mór as Íosa Críost a theacht isteach ina saol, agus chaith sí tamall a seanmóintíocht ar shráideanna Marin i gCalifornia.

Cén sórt in aon chor é Murdoch a thógfadh an méid sin ar éinne, go háirithe ar bhean bhocht shaonta.

Nach mór a theastódh uaidh fhéin a bheith thíos ar a ghlúine ag rá a phaidreacha agus an méid trioblóide ina bhfuil sé anois ann de dheasca lúbaireacht is bréagnuacht ghréasán nuachta Fox agus comhaireamh vótaí thoghchán na hUachtaránachta sna Stáit Aontaithe ar bun acu.

Comhlacht comhaireamh vótaí Dominion ag éileamh breis is billiún go leith dollar orthu sa chúirt, ar an gcúis gur chlúmhilleadar iad, a mhaíonn siad.

Anuas air sin, an baol ann go gcaithfidh Murdoch é fhéin fianaise phearsanta a thabhairt os comhair cúirte, sa chás.

Tá sé ar an taifead go raibh a fhios aige go raibh bréaga á n-insint ag láithreoirí Nuacht Fox ar mhaithe le figiúirí lucht féachana a chothú is a mhéadú.

Nár dhóigh leat gur buíoch a bheadh sé, duine éigin a bheith ag guí chun Dé ar a shon?

Ach cén tuiscint a bheadh againne, bochtáin, ar mhilliúnaithe agus na nithe beaga fánacha a bhaineann codladh na hoíche díobh?

Fág freagra ar 'An féidir gurb é mo scéilín beag ar Tuairisc a chuir an kibosh ar romance mór Murdoch?'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ceist:
    An bhfaighidh sé an fáinne ar ais uaithi? Mura bhfaighidh, nár imí uaidh ach é!
    “Cén rud é teasbach?” a d’fhiafraigh súd dá chara.
    “N’fheadar, ar seisean, ach gur rud éigint dearg é!”