An seanduine dóite agus an séiplíneach príosúin

Tá an mógul mór Rupert Murdoch ag pósadh den chúigiú huair…agus gan é ach an dá bhliain déag is cheithre fichead…

An seanduine dóite agus an séiplíneach príosúin

Is breá liom an t-amhrán san, An Seanduine Dóite, é ceolmhar éadrom, magúil.

Tá leaganacha suaithinseacha de i ngach réigiún – thuaidh, theas, thoir is thiar, gach aon cheann acu níos dána is níos deisbhéalaí ná a chéile.

’Má phósann tú seanduine, pósfaidh tú cladhaire…

Fágfaidh sé a bhalcaisí romhat ar an staighre

Nuair a éireoidh sé ar maidin beidh a’ cnáimhseáil le claidhreacht

is siar sa tráthnóna beidh a’ seimint go meidhreach…’

Chuala leagan iontach eile de le déanaí, leagan funcaí amach is amach le bongós is cnaguirlisí rithimiúla á chanadh ag Conallach ceolmhar, Aodh Mac Ruairí ar chlár ceoil ag Póilín Nic Géidigh ar RnaG.

‘Chuir mé mo sheanduine isteach ins an choirnéal

Ag ól bainne ramhar is ag ithe arán eorna,

Dá gcuirfeadh sé a cheann amach, bhainfinn an tsrón de

Is d’fhágfainn an chuid eile ag na cailíní óga…’

D’fhéadfaí drochíde air sheanóirí a chur i leith chumadóir na bhfocal san sa lá atá ann, bíodh fhios agat.

N’fheadar ó thalamh an domhain cad a chuir an t-amhrán isteach im cheann murab é an scéal is déanaí faoin bpiarda Astrálach, an Mógul Mór é fhéin Rupert Murdoch, a bheith ag cuimhneamh ar phósadh arís den chúigú huair, bail air. Agus gan é ach an dá bhliain déag is cheithre fichead.

Ní thagann ciall roimh aois a deirtí riamh.

D’fhógair sé gan scáth gan náire, le mórtas is le laochas go deimhin, go raibh sé fhéin is a bhrídeog leis an tarna leath dá saol a chaitheamh le chéile.

Níl staitisticí ná an mhatamaitic chomh maith san ag an gcréatúir, an t-am seo dá shaol, mar ní foláir nó tá sé meáite maireachtaint go mbeidh sé céad is a hochtó a ceathair, agus an bhrídeog Ann Lesley Smith an céad is a tríocha a dó.

A chonách san orthu beirt.

Ach ní hé an chéad uair ag an ropaire Rupert casadh tablóideach a bhaint as scéal.

Nach bhfuil a bhuilín déanta aige ar an obair san agus a shaol caite aige ag scaipeadh scéalta táblóideacha agus ag líonadh a phócaí gan scáth gan náire.

’Dá bhfaigheadh mo sheanduine an ní a ba chóir do

Greamanna ime agus greamanna feola

íochtar na cuinneoige is preátaí rósta

Bhainfeadh sé gliogar as na cailíní óga.

Is léir go bhfuil gach ní ‘a ba chóir dó’ fachta aige Rupert is a chomhlacht ollmhór News Corporation nuair is forlámhas tablóideach domhanda atá i gceist. Tá a chrúcaí gránna éadrócaireacha sáite i ngach réim des na meáin chlóite, gan trácht ar an gcraoltóireacht teilifíse, agus leithéidí Fox News aige leis na cianta cairbreacha.

Saibhreas do-shamhlaithe ina phóca tóna – agus ego dá réir.

Gan trácht air mhealladh na mban a bheith ann, de réir dealraimh.

‘Chuir mise mo sheanduine go sráid Bhaile an Róba

Cleite ina hata agus búclaí ina bhróga

Bhí triúr á mhealladh is bhí ceathrar á phógadh

Is chuala mé i nGaillimh gur imigh sé leofa…’

Ceathrar céilí pósta atá curtha de aige fén dtráth seo dá shaol, bail air.

Patricia Brooker a phós sé i 1956. Bhí iníon amháin acu, Prudence, agus cholscaradar laistigh d’aon bhliain déag.

Anna Mann, iriseoir, scríbhneoir is úrscéalaí a phós é ansan.

Chuir sí sin suas leis ar feadh dhá bhliain déag is fiche agus thug sí triúr leanaí ar an saol, Elisabeth, Lachlan agus James.

Síneach mná, Wendi Murdoch a phós ansan é, fiontraí, infheisteoir agus léiritheoir scannán.

Ceithre mbliana déag a sheas sí sin an cúrsa agus thug beirt iníon ar an saol, Grace agus Chloe.

An bhean is cáiliúla a phós Murdoch ná an mainicín, Jerry Hall.

Ainneoin a hainm sin a bheith in anairde go hidirnáisiúnta i gcúrsaí faisin, ba í an cháil ba mhó a bhí uirthi an créatúir, í a bheith in aon tíos leis an rac-cheoltóir Mick Jagger. Thug sí sin ceathrar clainne ar an saol, agus í leis siúd.

Sé mbliana a sheas sise an cúrsa le Murdoch.

Deir cuntais thablóideacha (cad eile?) nár réitigh sí lena chlann mhac is iníon. Bhí sí ag cur an iomarca laincisí ar an seanduine bocht le linn tréimhse dianghlasála an Covid agus ní rabhadar ábalta bualadh le Daid chomh minic is ba mhian leo.

Mar a bhfuil cáilíochtaí ag an leannán is déanaí aige, Ann Leslie Smith ní lá go dtí é -sláinteolaí fiacla, mainicín (ceann eile acu), amhránaí, cumadóir amhrán agus  séiplíneach príosúin.

Sin cáilíocht shuimiúil gan aon cheist. Súil againn nach Freudach é sin acu beirt.

Alleluia, arsa tusa.

Tabhartas ó Dhia dúinn beirt, a deir sí, go mbuaileamar le chéile. Slán mar a n-instear é.

Lá le Pádraig a thug Murdoch an fáinne di.

‘Is Éireannach an ceathrú cuid díom,’ ar sé. Ná cuirimis ceist cén chuid.

Fágaimis na focail scoir ag an sean-amhrán a thug chun cuimhne dúinn é agus guímis gach rath orthu beirt.

’Dá ngabhfadh mo sheanduine an oiread mar ba chóir do

Braon de shubh sicín agus greamannaí feola

Naoi n-uibhe circe bruite sa ngríosach

Rachainnse i mbannaí go seasfadh sé an oíche.’

Fág freagra ar 'An seanduine dóite agus an séiplíneach príosúin'

  • An Teanga Bheo

    Masla do aois é. Saol fada againne

  • Pádraig

    Go n-éirí Leo Beirt.
    Do bhain mé ann taitneamh as an scéal.