An fear de bhunadh Inis Treabhair agus gaol Phádraic Uí Chonaire a bhuaigh bonn sna Cluichí Oilimpeacha

Deirtear gur i dteach mhuintir Tony Conroy ar Inis Treabhair, oileán beag amach ó chósta Chonamara, a chum an file Colm de Bhailís ceann dá dhánta

An fear de bhunadh Inis Treabhair agus gaol Phádraic Uí Chonaire a bhuaigh bonn sna Cluichí Oilimpeacha

Tá sé traidhfil mhaith blianta ó chuala mé scéal James Brendan Connolly a bhuaigh ceithre cinn de bhoinn Oilimpeacha do na Stáit Aontaithe agus arbh Árannaigh a thuismitheoirí.

Ina measc bhí an ceann óir sa léim fhada ag athbheochan na gCluichí in 1896, an chéad uair ar tionóladh iad ón mbliain 393 AD. Ós rud é go mba é comórtas na léime an ceann ba thúisce a bhí ar an gclár san Aithin, tá sé le rá faoin gConghaileach freisin go mba eisean an chéad seaimpín Oilimpeach den ré nua.

Le gairid a chuala mé trácht ar oileánach eile de bhunadh Chonamara a bhuaigh bonn airgid ag na Cluichí Oilimpeacha in Antwerp na Beilge i 1920. Anthony Joseph ‘Tony’ Conroy ab ainm dó siúd agus ba i St Paul, Minnesota a rugadh Tony in 1895.

Cosamar deich mbliana roimhe sin a thug a sheanathair Antaine agus a sheanmháthair Sarah O’Toole agus a gclann aghaidh ar an áit sin as Inis Treabhair, oileán beag amach ó Leitir Móir a raibh cónaí air go dtí le gairid agus a bhfuil a gcuid tithe coinnithe cóirithe i gcónaí ann acu siúd is deireanaí a mhair ann.

Ba dhuine de Chonairí Ghairfine, an chuid sin de Ros Muc is gaire de Gharmna, é Antaine. D’fhágfadh sin go raibh gaol aige leis an scríbhneoir Sean-Phádraic Ó Conaire. Ba as Eanach Mheáin a bhean Sarah. Bhí lán an tí de mhuirín orthu agus iad ag tabhairt aghaidh ar Minnesota – beirt iníon agus seachtar mac – an duine ba shine tuairim is 25 bliain d’aois, an duine ab óige ceithre bliana.

Tuairim scór bliain d’aois a bhí athair an lúthchleasaí, Colm, ar fhágáil Inis Treabhair dó. Mar a tharla go minic ba Coleman an leagan dá ainm baiste a ghreamaigh dó ar shroichint Mheiriceá.

Phós Coleman bean darbh ainm Ellen Donavan, iníon imirceach freisin agus bhí cúigear clainne orthusan Mary Catherine, Réamonn, John Francis, Tony agus George.

Agus iad ag éirí aníos d’imir na Conairí beaga na spórtanna a bhí á gcleachtadh ag daoine óga a mhair ina dtimpeall ar St Clair Ave, ceann de na sráideanna fada, díreacha i gcathair St. Paul a ritheann síos chomh fada le habhainn an Mississippi.

Ba ghearr go mba léir go raibh luí faoi leith ag Tony le cluiche an haca oighir.

Spórt é seo nach raibh i bhfad ar an saol. Bhí leagan de á imirt le fada i gCeanada agus i gcuid de na Státaí le linn a gheimhridh – na háiteacha ina mbíodh na lochanna intíre agus fiú cuid de na haibhneacha faoi bhrat tiubh oighir. Faoi dheireadh an 19ú céad bhí eagar ag teacht ar an gcluiche agus in 1894 tógadh an chéad rinc oighir faoi dhíon sa tír i Baltimore, Maryland.

Cluiche garbh is ea an haca oighir ina mbíonn luas 40kmu (25msu) faoi chuid de na himreoirí agus a dhá oiread sin fórsa ag baint leis na hamanta a mbuaileann siad faoina chéile. Ní raibh Tony Conroy ach 175cm (5’ 9”) ar airde agus 70k (11 cloch) meáchain, ach bhí sé fíor-éadrom ar a chois agus chomh lúfar ar an oighear agus a bhí sé ar an talamh tirim.

D’imir sé féin agus a dheartháir George don fhoireann a bhí ag an St. Paul Athletic Club, a bhí páirteach sa roinn ab airde a bhí sna Státaí ag an am. Faoi dhó (1916 & 1919) a bhuaigh siad an McNaughton Cup – an comórtas ba mhó le rá a bhí á eagrú ag an American Amateur Hockey Association.

Foireann an St. Paul Athletic Club. Tá Tony Conroy sa lár, ar dheis, agus a dheartháir George ar chlé

Nuair a tháinig an Cogadh Mór, liostáil bunáite na foirne san arm agus rinne Tony Conroy amhlaidh.

Ba in Antwerp i 1920 a facthas iomaíocht san haca oighir ag na Cluichí Oilimpeacha den chéad uair, agus den uair dheireanach i gCluichí an tSamhraidh. Ó shin is mar chuid de Chluichí an Gheimhridh a imrítear é.

Roghnaíodh an Conaireach agus a chomrádaí as St Paul, Frank ‘Moose’ Goheen, ar fhoireann na Státaí agus sa gcéad chluiche in aghaidh na hEilvéise scóráil fear Inis Treabhair 8 gcúl. Ba iad Ceanada a bhuaigh an bonn óir i ndeireadh dála, ach thug na Státaí an ceann airgid abhaile leo.

Bhí Tony Conroy agus Moose Goheen fós i mbarr a maitheasa nuair a bunaíodh an National Hockey League i 1924 agus thairg go leor de na foirne móra le rá – leithéidí na Boston Bruins, Chicago Blackhawks agus na New York Rangers – pá mhaith don bheirt ach a dhul ag imirt leosan. Dhiúltaigh chaon duine acu mar go mb’fhearr leo fanacht leis an bhfoireann a bhí san áit ar tógadh iad – St Paul Saints – ainneoin iadsan a bheith ag iomaíocht ag leibhéal níos isle agus gan ag a gcuid imreoirí ach tuarastal páirtaimseartha.

Bhí na ceithre scór caite aige le dhá bhliain nuair a bhásaigh Anthony Joseph ‘Tony’ Conroy ar an 11 Eanáir 1978. Tá sé curtha i Reilig Mhíleata Fort Snelling i Minneapolis, buailte ar an áit a dtagann an dá abhainn is faide agus is cáiliúla sna Stáit Aontaithe le chéile.

Tá fothrach an tí inar rugadh a athair fós le feiceáil ar Inis Treabhair. Deirtear go mba ann a bhí an file Colm de Bhailís nuair a chum sé an dán ‘An Bás’ faoi tháilliúir a bhí sa teach leis.

Chuirfeadh sé an dlaoi mhullaigh ar mo scéal dá mba dhuine de Ghuithínigh an Bhlascaoid é an ‘Moose’, ach go dtí seo ar aon nós, tá sé ag cinniúint orm aon fhianaise a fháil air sin!

Fothrach an tí inar rugadh athar Tony Conry ar Inis Treabhair

Fág freagra ar 'An fear de bhunadh Inis Treabhair agus gaol Phádraic Uí Chonaire a bhuaigh bonn sna Cluichí Oilimpeacha'

  • Ciaran.ofatharta@rte.ie

    An scéal agus an phíosa go deo.

  • Mairéad Ní Nuadháin

    An-phíosa, a Mhártain, bhain mé taitneamh as!
    M